Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman 37 tionscadal atá le maoiniú faoin nGlao ar an gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 de chuid Ag Tacú le Tuismitheoirí

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil 37 tionscadal le maoiniú a fháil faoin gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24. Gheobhaidh gach tionscadal rathúil suas le €2,000 san iomlán, a thacóidh le forbairt agus cur chun cinn gníomhaíochtaí piarthacaíochta do thuismitheoirí ar fud na tíre.

Tá an ciste seo mar chuid den tSamhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí; Ag Tacú le Tuismitheoirí, a fhéachann lena chinntiú go bhfuil gach tuismitheoir muiníneach agus cumasach ina ról tuismitheoireachta, ag cuidiú leis na torthaí is fearr a bhaint amach do leanaí agus do theaghlaigh.

Tugann taighde le fios go bhfuil tuismitheoirí agus iad siúd atá i ról tuismitheora níos compordaí ag lorg tacaíochta óna bpiaraí. Cuireann grúpaí piarthacaíochta do thuismitheoirí na nithe seo a leanas chun cinn: scileanna tuismitheoireachta sláintiúla, mothú cumasaithe níos mó agus braistint chómhuintearais. Cuidíonn grúpaí piarthacaíochta do thuismitheoirí go háirithe le tuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag déileáil le himní, le dúlagar nó le saincheisteanna meabhairshláinte eile, chomh maith le tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais chúraim chasta acu.

Seoladh an Ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ar dtús in 2022, agus bronnadh maoiniú ar 25 tionscadal. Fuair an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) aiseolas dearfach ar luach an mhaoinithe seo ó sheirbhísí náisiúnta ar fud na hearnála pobail, deonacha agus reachtúla. Méadaíodh an buiséad don Chiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ó €50,000 go €75,000 i mbliana.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá lúcháir orm liosta na seirbhísí a gheobhaidh maoiniú faoin gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 a fhógairt. “Caithfear meas a léiriú ar an raon leathan agus ar éagsúlacht na dtionscnamh atá tiomanta do thorthaí a fheabhsú do thuismitheoirí ar fud na tíre. Cabhróidh an maoiniú seo go mór leis na seirbhísí sin atá ag obair go díreach chun tacaíochtaí praiticiúla ardchaighdeáin a sholáthar do thuismitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil ról cúraim acu.”

“Tá lúcháir orm go dtabharfaidh an maoiniú breise seo, atá curtha ar fáil ag mo Roinn tríd an gciste seo, deis do líon níos mó tuismitheoirí leas a bhaint as piarthacaíocht ina bpobail féin.”

Cuirfear sonraí maidir le tionscnaimh chistiúcháin amach anseo faoin tSamhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí in iúl trí chainéil mheáin shóisialta RLCMLÓ.

Tionscadail Rathúla

Ainm na Seirbhíse

1. Archways Chontae Lú
2. Aspire Éireann
3. FRC Bhaile Átha Luain
4. Tacaíocht Uathachais Chontae Lú/Chontae na Mí
5. Avista
6. FRC Bhaile an Mhóta
7. Barnardos - Port Láirge
8. Le Chéile FRC Chaisleán an Bharraigh
9. Páistí san Ospidéal
10. FRC Chromadh
11. Cuidiú CLG
12. Tacaíocht Uathachais Dóchas an Mheán-Iarthair
13. Siondróm Down na hÉireann, Contae Lú/ Contae na Mí
14. Siondróm Down Luimnigh
15. Ionad Acmhainní Teaghlaigh FGU Rialto
16. Foróige, Parent Pals Mhaigh Eo
17. Cairde Beathú Cíche
18. Home Start Bhaile Bhlainséir
19. Ionad Acmhainní Teaghlaigh an Ospidéil CLG
20. Cúram Gaoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (ach is seirbhís náisiúnta í)
21. Coláiste Mhuire gan Smál
22. Seirbhís Tacaíochta do Mhná Mhaigh Eo (MWSS)
23. Meitheal, Siondróm Down Thiobraid Árann
24. Ionad Acmhainní Teaghlaigh Mhainistir na Corann
25. Ráth Caola Le Chéile
26. FRC Chnocán na Rós
27. Seirbhís um Fhoréigean Baile Saoirse
28. FRC Shionainne
29. FRC Southill
30. Líonra Tuismitheoirí Riachtanas Speisialta Dhún na nGall
31. Ionad Pobail Naomh Bríd Dhún na nGall
32. Teach Mhichíl, CAMHS, An Chúlóg
33. An tIonad Crann - Corcaigh
34. This is Me Neurodiversity- Grúpa Tacaíochta Tuismitheoirí
35. Siondróm Usher Éire Bhaile Átha Cliath
36. YMCA Bhaile Átha Cliath Thiar
37. Baile Munna Óg

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

Ag Tacú le Tuismitheoirí: forbraíodh Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí de réir gealltanais in Na Chéad 5, straitéis iomlán rialtais do leanaí, leanaí óga agus a dteaghlaigh 2019 2028. D’fhorbair grúpa oibre comhoibríoch an tsamhail faoi cheannas na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ), le hionchur ó raon leathan páirtithe leasmhara ó ranna rialtais éagsúla, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí pobail agus deonacha.

Tógann an ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ar na gealltanais atá leagtha amach laistigh de Ag Tacú le Tuismitheoirí, trí mhaoiniú a sholáthar chun tacaíochtaí a chabhraíonn le tuismitheoirí a fheabhsú agus a chur chun cinn. Oibríodh an chéad bhabhta maoinithe ar bhonn píolótach agus mar thoradh ar aiseolas dearfach agus leibhéil arda suime sa scéim, socraíodh maoiniú breise a chur ar fáil do sheirbhísí a thacaíonn le tuismitheoirí arís i mbliana.

Ba é an maoiniú iomlán a bhí ar fáil faoin gciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 ná €75,000. Bhí iarratais ar Chiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2023/24 oscailte ón 17 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2023.

Is féidir ceisteanna a chur chuig an Aonad Beartais um Thacaíocht do Thuismitheoirí trí ríomhphost a sheoladh chuig: parentingsupport@equality.gov.ie.