Fógraíonn an tAire O’Gorman cistiú chun tacú leis an gCreat Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht a chur i bhfeidhm

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman cistiú chun tacú leis an gCreat Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht a chur i bhfeidhm

Inniu dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., go ndeonfar €150,000, in éineacht le hoiliúint Hub na nÓg, chun tacú le cur i bhfeidhm Creat Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht (2021). Cuirfear an bhéim ar na spásanna agus na timpeallachtaí laethúla ina mbíonn cleachtóirí ag obair go díreach le leanaí agus le daoine óga.

Tá an oiliúint agus an fhorbairt acmhainne ar cheann de na ceithre ghnéith chumasaithe ar a bhfuil cur i bhfeidhm éifeachtach an Chreata bunaithe.

Tá sé mar aidhm ag an scéim dheontais seo cur le hacmhainn agus tacú le heagraíochtaí dul ar thuras chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbíonn siad ag éisteacht le leanaí agus le daoine óga, agus guth a thabhairt dóibh chun cinntí a dhéanamh sna cleachtais laethúla, sna seirbhísí, sna tionscadail, sna cláir nó sna gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun acu.

Fuarthas os cionn 100 iarratas ó eagraíochtaí ar fud na hEarnála Ealaíon, ó Sholáthraithe Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas, ó Sholáthraithe Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige / Cúram Leanaí ar Aois Scoile, ó Sholáthraithe Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean, agus ó eagraíochtaí um Cheartas i leth an Aosa Óig.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Gorman:

‘Is cúis áthais dom é an cistú seo a fhógairt chun tacú leis an gCreat Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht. Cabhróidh an cistiú seo le hacmhainní ar líne a chruthú agus le Bosca Uirlisí Gutha a fhorbairt a chabhróidh le cleachtóirí éisteacht go héifeachtach le leanaí agus le daoine óga, agus glacadh lena dtuairimí i ndáiríre sa timpeallacht agus sa spás ina mbíonn siad ag obair le leanaí agus le daoine óga.’

Deireadh

Nótaí don Eagarthóir:

  • Seoladh an Creat Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht in Aibreán 2021. Rinneadh forbairt air i gcomhar leis an Ollamh Laura Lundy as Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
  • Tacaíonn an Creat le ranna, le gníomhaireachtaí agus le heagraíochtaí chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbíonn siad ag éisteacht le leanaí agus le daoine óga, agus tugann sé guth dóibh i gcúrsaí cinnteoireachta. Tá sé bunaithe ar:

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (1989)

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas (2006) agus

An Straiséis Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht

Hub na nÓg:

  • Déantar foráil i Sprioc 5 den Chreat Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht go leanfaidh DCEDIY uirthi sa ról ceannaireachta atá aici chun troid ar son rannpháirteachais leanaí agus daoine óga agus é a chur chun cinn.
  • Mar ghníomh tosaíochta chun é seo a fhíorú, bunaíodh Mol Rannpháirteachais Leanaí agus Daoine Óga mar ionad náisiúnta bairr feabhais ar a dtugtar Hub na nÓg: Guthanna Óga sa Chinnteoireacht. Bunaíodh agus seoladh an ionad bairr feabhais i mí na Samhna 2017. Tá Hub na nÓg ar fáil anois mar acmhainn a thacóidh leis na Ranna Rialtais go léir, mar aon leis na Gníomhaireachtaí Stáit agus na comhlachtaí ábhartha eile chun an Straitéis Náisiúnta um Rannpháirteachas Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht a chur i bhfeidhm.

Miondealú ar an gCistiú a Deonaíodh:

  • Eagraíochtaí Ealaíon: €23553.89
  • Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige / Cúram Leanaí ar Aois Scoile: €82591
  • Soláthraithe Seirbhísí do Thaistealaithe: €12923
  • Soláthraithe Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas: €18503.64
  • Soláthraithe Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean: €6479.04
  • Ceartas i leth an Aosa Óig: €5200

Tá liosta iomlán deontaithe le feiceáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat