Fógraíonn an tAire O'Gorman gníomh arna dhéanamh ag Éirinn chun freagairt don ghéarchéim i Moria

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Gorman gníomh arna dhéanamh ag Éirinn chun freagairt don ghéarchéim i Moria

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD gníomh arna dhéanamh ag Éirinn chun freagairt don ghéarchéim i gcampa dídeanaithe Moria i Lesbos.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire:

“An tseachtain seo caite, chonaiceamar tine ag scriosadh codanna móra de champa imirceach Moria i Lesbos. Tá na cúinsí a bhí deacair cheana féin i ndiaidh éirí i bhfad níos measa.

"Le cúpla lá anuas, bhí mé ag plé go gníomhach le Tusla, leis an Roinn Dlí agus Cirt, agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha d’fhonn aistriú leanaí neamhthionlactha ó champaí Gréagacha a bhrostú.

“D'iarr mé mar sin go ndéanfaí socruithe le Tusla chun dlús a chur le teacht 4 leanbh neamhthionlactha sna seachtainí amach romhainn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le comhghleacaithe Tusla a thug freagra tapa ar an iarratas seo chun na daoine óga seo a thabhairt chun sábháilteachta.

“Chomh maith leis seo, tá m’oifigigh agus mé ag obair le Tusla chun acmhainní breise a aithint, i gcomhthéacs Bhuiséad 2021, chun ár ngealltanais maidir le haistriú leanaí neamhthionlactha sa Ghréig go hÉirinn a chomhlíonadh chomh tapa agus is féidir.

“Tá a fhios agam go bhfuil Éireannaigh ag iarraidh cuidiú leis na leanaí seo, agus admhaím go bhfuil níos mó le déanamh ag Éirinn maidir leis seo. Leanfaidh mé ag obair le comhghleacaithe ar fud an Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit chun ár dtiomantas a chomhlíonadh."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

  • Mar chuid de thiomantas ar fud an AE, gheall Éire glacadh le 36 leanbh, ar tháinig 8 acu chun an Stáit i mí an Mheithimh seo caite.
  • Soláthraíonn Tusla cúram do gach leanbh neamhthionlactha a thagann go hÉirinn. Déantar é seo faoin reachtaíocht agus faoi na caighdeáin chéanna agus a dhéantar i gcás gach leanbh atá faoi chúram an Stáit. Chomh maith le cúram agus tacaíocht, faigheann leanaí neamhthionlactha oideachas i scoileanna príomhshrutha nó i soláthar ullmhúcháin speisialtóra agus tá siad i dteideal cártaí leighis chun costais leighis a chlúdach.
  • An 31 Nollaig 2019, bhí 67 Leanaí Scartha ag Lorg Tearmainn faoina chúram ag Tusla.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat