Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman go mbeidh laghdú de réir a chéile ar na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair ar sheirbhísí cúraim leanaí agus luathfhoghlama ó 8 Marta ar aghaidh

Mar chuid de phlean COVID-19 Teacht Aniar agus Téarnamh 2021 – An Bealach Amach Romhainn glactha ag an Rialtas inniu (23 Feabhra), fógraíonn an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman, T.D., go mbeidh laghdú ar na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair ar sheirbhísí cúraim leanaí agus luathfhoghlama de réir a chéile agus chomh fhad is a thagann feabhas ar chúrsaí sláinte poiblí.

Ó mhí Eanáir seo caite ní raibh seirbhísí cúraim leanaí agus luathfhoghlama ar fáil ach amháin do pháistí d’oibrithe riachtanacha maraon do phaistí leochaileacha agus cuireadh ar fionraí an Clár réamhscoile ECCE (Cúram agus Oideachas na Luath-Óige).

Tá earnálacha tosaíochta an tsochaí agus an geilleagar i gcroílár na hathoscailte cúraimí agus airí seo agus i dtreo sin osclófar seirbhísí cúraim leanaí agus luathfhoghlama do pháistí eile le linn an Mhárta ar bhonn céimithe.

  • Ó 8 Márta ar aghaidh osclófar an Clár ECCE (Cúram agus Oideachas na Luath-Óige) do gach páiste atá faoi bhrat an Chláir; agus
  • Ó 29 Márta ar aghaidh, faoi réir chomhairle sláinte poiblí, cuirfear srianta eile ar ceal ionas go mbeidh gach páiste in ann freastal ar sheirbhísí cúraim leanaí agus luathfhoghlama (is iad siúd na páistí nach páistí d’oibrithe riachtanacha nó paistí leochaileacha iad).

Ó 8 Márta ar aghaidh cuirfear i bhfeidhm na socraithe ó thaobh maoinithe de a bhaineann de ghnáth le scéimeanna faoi stiúradh na Roinne. Maidir leis an Scéim d’Íocaíocht Tacaíochta Oibriúcháin (COSP) (a cuireadh tús leis i mí Feabhra) cuirfear síneadh leis mar a bhaineann sé le seirbhísí cáilithe go dtí 26 Márta. Beidh sé sin mar chabhair don chaillteanas airgid a tharla do na gnóthais a mbíonn ag brath go mór ar tháillí.

Tá an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) fós i bhfeidhm do ghnóthais agus níl an riail láimhdeachais i bhfeidhm dá bharr. Cuireadh síneadh leis an SFPF go dtí deireadh mhí an Mheithimh.

Ag caint faoi na socruithe, dúirt an tAire O’Gorman:

“Ó mhí Eanáir seo bhí an earnáil chúraim leanaí agus luathfhoghlama ag leanúint ar aghaidh ag freastal ar ghrúpaí tosaíochta. Tréimhse ama iontach deacair a bhí i gceist do gach duine ar fud na tíre, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le baill foirne, le soláthróirí seirbhísí agus le tuismitheoirí as a gcuid iarrachtaí le linn an ama seo.

"Tá sé mar aidhm againn go mbeidh Clár ECCE (Cúram agus Oideachas na Luath-Óige) ag tosú arís ó 8 Márta ar aghaidh. Is clár suntasach é a chabhraíonn go mór le luathfhoghlaim agus le forbairt pháistí agus go háirithe bíonn sé cabhrach do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu nó atá ag fulaingt faoi mhíbhuntáistí. Tá sé tábhachtach go maith mar bhunchloch do pháistí a bheidh ag freastal ar bhunscoil i mí Mheán Fómhair i mbliana.

"Faoi réir chomhairle sláinte poiblí beidh deireadh le teacht ar na srianta eile a bhaineann le seirbhísí cúraim leanaí agus luathfhoghlama ar an 29 Márta rud a fhágann go mbeidh páistí ar fud na tíre in ann freastal ar sheirbhísí. Tá sé ríthábhachtach go gcloímid leis an sceideal aireach céimithe seo i dtreo is go mbeimid in ann gach seirbhís do chúram leanaí agus luathfhoghlama a oscailt go luath.

Cuirfear síneadh leis an maoiniú breise, a bhí bunaithe ar shocruithe maoinithe a cuireadh i bhfeidhm ar tús ó 1 Feabhra go 5 Márta, go dtí 26 Márta, i dtreo is go gcoimeádfar seirbhísí ar oscailt fiú i gcásanna nach mbeidh mórán éilimh orthu. Ar an mbealach seo beimid in ann a chinntiú nach ngearrfar táillí ar thuismitheoirí nach bhfuil ag baint úsáid as seirbhísí faoi láthair.”

DEIREADH


Nótaí don Eagarthóir

Seolfar tuilleadh eolais maidir leis an sceideal athoscailte agus leis na socraithe maoinithe do sholáthróirí chúraim leanaí agus luathfhoghlama ar an 24 Feabhra.