Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Gorman infheistíocht bhreise chun tacú le leanaí faoi mhíchumas i gcúram réamhscoile

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, TD, inniu go gcuirfear maoiniú breise don tSamhail Rochtana agus Chuimsithe (AIM) a daingníodh i mBuiséad 2021 ar fáil ó Eanáir. Ardóidh íocaíochtaí AIM, a chuireann ar chumas soláthraithe ECCE (réamhscoil saor in aisce) tacú le cuimsiú leanaí tríd an gcóimheas daoine fásta-leanaí a laghdú sa seomra réamhscoile, 7% ó €195 go €210 in aghaidh na seachtaine.

Tacaíonn an tSamhail Rochtana agus Chuimsithe le rannpháirtíocht bhríoch leanaí faoi mhíchumas sa chlár ECCE. Soláthraíonn scéim Stáit ECCE dhá bhliain réamhscoile saor in aisce do leanaí idir 2 bhliain 8 mí agus iontráil scoile. Cuimsíonn AIM seacht leibhéal tacaíochta do leanaí agus don réamhscoil, agus maoiníonn ceann acu seirbhísí chun líon na leanaí sa seomra réamhscoile a laghdú nó chun cúnamh breise a cheannach isteach chun cóimheas níos ísle idir daoine fásta agus leanaí a chumasú. Is acmhainn roinnte í an cúnamh sin don seomra réamhscoile, ag cinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach, foghlaim agus bualadh le chéile lena bpiaraí i dtimpeallacht chuimsitheach thacúil.

Ó tugadh AIM isteach sa bhliain 2016, tá leas bainte ag níos mó ná 11,000 leanbh as cóimheasa daoine fásta agus leanaí níos ísle. De ghnáth tugann an tacaíocht AIM seo deis do 2 chleachtóir cáilithe luathoideachais oibriú le gach grúpa de 11 leanbh. Bhain na deicheanna míle leanbh eile leas as na tacaíochtaí eile atá ar fáil tríd an gclár AIM.

D’fháiltigh an tAire O’Gorman roimh an méadú ar mhaoiniú ag rá:

“Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh ar fhoghlaim agus chúram na luath-óige ar ardchaighdeán. Tríd an tSamhail Rochtana agus Chuimsithe a bhfuil duaiseanna bainte amach aici, is féidir linn tacú le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar réamhscoileanna príomhshrutha agus cabhrú le réamhscoileanna foireann cháilithe a earcú agus a choinneáil chun tacú le cuimsiú. Is léiriú soiléir é an méadú seo ar mhaoiniú de thiomantas mo Roinne leanúint de chultúr uilechuimsitheach a chothú, cultúr ina dtacaítear le gach leanbh leas a bhaint as foghlaim agus cúram na luath-óige.”

Íocfar an chaipitíocht mhéadaithe le seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luath-óige a ceadaíodh le haghaidh tacaíochta cúnaimh bhreise AIM ón gcéad seachtain d’Eanáir 2021. Ailíneoidh an méadú 7% rátaí caipitíochta AIM le rátaí caipitíochta reatha ECCE, a méadaíodh 7% i Meán Fómhair 2018.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an tSamhail Rochtana agus Chuimsithe féach www.aim.gov.ie/ga

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

  • Soláthraíonn an tSamhail Rochtana agus Chuimsithe, AIM, raon tacaíochtaí spriocdhírithe agus uilíocha araon, chun a chur ar chumas leanaí faoi mhíchumas páirt a ghlacadh ar bhealach dáiríre sa chlár réamhscoile saor in aisce ECCE i suíomhanna príomhshrutha. Cuidíonn AIM le seirbhísí réamhscoile a bheith níos uilechuimsithí - chun leasa gach linbh.
  • Tá AIM ag dul isteach ina cúigiú bliana i mbun oibríochta. Le ceithre bliana anuas, chuir AIM tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil do 14,800 leanbh, i mbreis agus 3,600 seirbhís ar fud na tíre. Maoiníonn AIM cláir oiliúna agus CPD do chomhaltaí foirne réamhscoile, agus tacaíonn sé le níos mó ná 2,330 réamhscoil chun Comhordaitheoirí Cuimsithe a earcú, a dhíríonn ar chomhionannas, éagsúlacht agus chuimsiú a chur chun cinn sa suíomh.
  • Foilsíodh athbhreithniú bliana ar AIM in 2019; déanfar meastóireacht bhreise ar chéad 4 bliana oibríochta AIM le linn 2021.