Fógraíonn an tAire O’Gorman maoiniú do Thionscadail um Cheartas Aeráide don Aos Óg in 2024

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman maoiniú do Thionscadail um Cheartas Aeráide don Aos Óg in 2024

  • Cheadaigh an tAire O’Gorman maoiniú €457,861 do 10 dtionscadal chomhoibríocha óige nua
  • Tacaíonn an Ciste um Cheartas Aeráide don Aos Óg le tionscnaimh faoi stiúir an aosa óig a bhaineann le ceartas aeráide ar leibhéal pobail, réigiúnach agus náisiúnta.

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil €457,861 san iomlán tugtha d’eagraíochtaí deonacha óige in 2024 chun tacú le tionscadail faoi stiúir an aosa óig i réimse an cheartais aeráide.

Is é cuspóir an Chiste um Cheartas Aeráide don Aos Óg ná rannpháirtíocht daoine óga a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí, i dtionscnaimh agus i gcláir a fhorbraíonn agus a thacaíonn lena n-eolas, lena gcumhacht agus lena gcumasú i ndáil le ceartas aeráide. Tugann fógra an lae inniu an t-iomlán a cuireadh ar fáil faoin scéim ó 2020 i leith go dtí beagnach €2.5 milliún.

Dúirt an tAire O’Gorman,

“Tá lúcháir orm a bheith in ann maoiniú a cheadú do réimse leathan tionscadal nuálach agus dinimiciúil faoi stiúir an aosa óig a thacaíonn le Ceartas Aeráide agus a chuireann chun cinn é. Tá mé i gcónaí an-tógtha le paisean agus tiomantas na ndaoine óga i ndáil leis an gceist seo, agus le tiomantas na ndaoine a chuidíonn leis na daoine óga seo roinnt tionscadal den scoth a chur ar fáil. Beidh sé iontach cloisteáil faoi thorthaí na ngníomhaíochtaí seo agus faoin gcaoi a ndéanann daoine óga, le cabhair ó roinnt eagraíochtaí iontacha, a ndícheall ár ndomhan a dhéanamh níos fearr”.

DEIREADH//

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá gach tionscadal a mhaoinítear faoin gCiste um Cheartas Aeráide don Aos Óg 2024 á stiúradh ag eagraíocht náisiúnta óige atá maoinithe faoi Scéim Deontais do Sheirbhísí Óige de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Tá deontais á mbronnadh ar na ceithre iarratas ‘cuibhreannais’ seo a leanas:

  • ECO-UNESCO (i gceannas) le Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge, Club Gan Ainm, Young Irish Filmmakers agus Poppintree Youth Project
  • Comhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn (i gceannas) le YMCA Ireland le Seirbhís Réigiúnach Óige Sféar 17, Gaisce – Gradam an Uachtaráin agus Concern Worldwide
  • Localise Youth Volunteering (i gceannas) le hOideachas don Inbhuanaitheacht

Tá deontais á dtabhairt do na heagraíochtaí seo a leanas freisin:

• Foróige

• Voluntary Service International

• SpunOut

• Ógras

• Obair d’Ógra Éireann

• Youth Theatre Ireland

• Junior Chamber International Ireland

Leithdháiltí an Chiste um Cheartas Aeráide don Aos Óg 2024

Eagraíocht Leithdháileadh
Junior Chamber International Ireland – Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath
€10,000
Eco-Unesco – Cé an Bhúrcaigh, Baile Átha Cliath 2 €99,960
Foróige – An Pháirc Thiar, Baile Átha Cliath €49,916
Localise – Glas Naíon, Baile Átha Cliath €85,200
NYCI – Sráid Montague, Baile Átha Cliath €73,225
Spunout – Sráid na Toinne, Baile Átha Cliath 2 €38,220
Voluntary Service International – Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath
€16,210
Ógras – Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath €25,880
Obair d’Ógra Éireann – Rotunda, Baile Átha Cliath € 49,250
Youth Theatre Ireland – Rotunda, Baile Átha Cliath €10,000
Maoiniú Iomlán €457,861

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat