Fógraíonn an tAire O'Gorman sonraí faoi phróisis chomhairliúcháin ar chearta an duine mar chuid de rannpháirtíocht na hÉireann le hAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe (UPR).
- Foilsithe: 16 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Seisiúin Chomhairliúcháin le bheith ar siúl sa chéad seachtain de Bhealtaine 2021.
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tUasal Roderic O'Gorman TD, sonraí inniu faoin bpróiseas comhairliúcháin ar chearta an duine mar chuid de rannpháirtíocht na hÉireann le próiseas Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe (UPR).
Tá na seisiúin chomhairliúcháin, arna n-eagrú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtithe agus Óige, oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí agus beidh siad ar siúl ar líne. Beidh líon teoranta áiteanna ar fáil i ngach seisiún ar líne. Osclófar an clárú inniu agus tá sonraí ar fáil anseo.
Chomh maith leis na himeachtaí comhairliúcháin fíorúla, tugtar cuireadh d’aighneachtaí i scríbhinn ar an Tuarascáil Stáit ó pháirtithe leasmhara agus is féidir iad a chur faoi bhráid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtithe agus Óige ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: UPR@equality.gov.ie
Iarrann an Roinn go ndéanfar aighneachtaí faoin 7 Bealtaine 2021 ag 5PM.
Dúirt an tAire O'Gorman:
“Tá an-áthas orm sonraí a fhógairt do na comhairliúcháin seo le páirtithe leasmhara sna seachtainí amach romhainn. Tá fonn ar mo Roinn agus ormsa aighneachtaí a fheiceáil ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair ar spéis leo cearta an duine agus comhionannas. Ba mhaith liom a chinntiú go n-éistear agus go léirítear tuairimí raon leathan daoine i dtuarascáil an Stáit. Tá ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta sa phróiseas UPR. Cuirfidh an rannpháirtíocht, an comhoibriú agus an comhar idir eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe leasmhara agus an Stát, mar aon leis na rannchuidithe ó bhaill an phobail a dhéanann aighneachtaí ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht leo, go mór le hathbhreithniú cuimsitheach agus rathúil."
“Seisiúin théamacha a bheidh iontu agus clúdóidh siad príomhcheisteanna cearta daonna. Seo do sheans éisteacht a fháil. Molaim duit clárú agus a bheith i láthair."
“Tá próiseas ar leithligh á reáchtáil ag mo Roinn freisin chun a chinntiú go léirítear tuairimí leanaí sa tuarascáil" a dúirt an tAire O'Gorman."
CRÍOCH
Nótaí chuig na hEagarthóirí:
Comhordóidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige tuarascáil náisiúnta UPR na hÉireann. Tá an Tuarascáil Náisiúnta seo riachtanach don phróiseas UPR agus iarrtar í trí rún 16/21 ón gComhairle um Chearta an Duine (HRC).
Is é an UPR an t-aon mheicníocht athbhreithnithe piaraí ag an HRC. Tá an deis ag gach ceann de na 192 tír moltaí a chur faoi bhráid tíortha atá faoi athbhreithniú. Tagann na timthriallta seo thart ar gach cúig bliana. Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar Éirinn i mBealtaine 2016 agus tá nuashonruithe dár dtríú Tuarascáil Náisiúnta ag teastáil anois.
Is é fócas na Tuarascála Náisiúnta nuashonruithe a sholáthar ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le moltaí ó thimthriallta roimhe seo agus nuashonruithe a sholáthar ar fhorbairtí, athruithe, saincheisteanna nua agus atá ag teacht chun cinn. Cuid thábhachtach den phróiseas is ea dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta.
Beidh comhairliúchán ar siúl ar dhá bhealach.
- Ar dtús, tugtar cuireadh d’aighneachtaí i scríbhinn ar an Tuarascáil Stáit ó pháirtithe leasmhara agus is féidir iad a chur faoi bhráid na Roinne ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: UPR@equality.gov.ie
- Tabharfaidh an Roinn faoi roinnt imeachtaí comhairliúcháin ar líne le grúpaí páirtithe leasmhara. Beidh siad seo ar siúl an 5 Bealtaine, an 6 Bealtaine agus an 7 Bealtaine 2021.
Is é an 7 Bealtaine 2021 an dáta deiridh d’aighneachtaí i scríbhinn.
Tuarascáil UPR 2016
Is féidir Tuarascáil UPR 2016 a fháil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Is féidir Tuarascáil Eatramhach UPR, a foilsíodh i mí Iúil 2020, a fháil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).