Fógraíonn an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, maoiniú €23m do thionscadail chaipitil le haghaidh míchumais in 2024
- Foilsithe: 11 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Seirbhísí do Leanaí, Seirbhísí Lae agus Saoráidí Faoisimh go léir chun infheistíocht a fháil
- An chéad Phlean Straitéiseach Caipitil le haghaidh Míchumais riamh le forbairt
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, gur leithdháileadh maoiniú €23m ar thionscadail chaipitil le haghaidh míchumais in 2024. D’iarr an tAire Rabbitte ar FSS freisin an chéad Straitéis Caipitil ilbhliantúil a bhainfidh go sonrach le míchumas a fhorbairt.
Is toradh é an leithdháileadh sin ar fhorbairt an Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais 2024-2026, a seoladh i mí na Nollag 2023. Léiríonn an Plean Gníomhaíochta an chéad chéim de chur i bhfeidhm na moltaí a tugadh san Athbhreithniú ar Chumas Míchumais agus tá spriocanna uaillmhianacha ann maidir le leathnú seirbhíse, chomh maith le bealach chun seirbhísí a dhéanamh níos dírithe ar an duine, de réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CNACDM).
Chun tacú le haidhmeanna an Phlean Ghníomhaíochta, d’iarr an tAire ar FSS freisin Straitéis Caipitil ilbhliantúil a bhainfidh go sonrach le míchumas a fhorbairt i mbliana. Leis an Straitéis, a bheidh á treorú ag comhairliúchán earnála, sainaithneofar na riachtanais bhonneagair ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha a bhaineann le seirbhísí míchumais. Tá acmhainní tiomnaithe, lena n-áirítear Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta do Chaipiteal Míchumais in FSS, á gcur i bhfeidhm, rud a chuirfidh le forbairt na Straitéise seo agus a dhéanfaidh clár oibreacha méadaithe a chomhordú agus a sheachadadh.
Dúirt an tAire Rabbitte:
“Cloch mhíle thábhachtach an lá inniu maidir le tiomantas an Rialtais d’infheistíocht i dtionscadail chaipitil le haghaidh míchumais a mhéadú agus d’fhorbairt na Straitéise Caipitil a bhaineann go sonrach le míchumas, an chéad straitéis dá leithéid a bhí ag FSS riamh.
“Áirítear leis an leithdháileadh suntasach de €23m, soláthar tithíochta do dhaoine a bhogann amach ó láithreacha comhchónaithe, tógáil agus athchóiriú saoráidí do Sheirbhísí do Leanaí, do Sheirbhísí Lae agus do Sheirbhísí Faoisimh.
“Idir an dá linn, cabhróidh an straitéis caipitil le haghaidh míchumais seo go mór linn infheistíocht i seirbhísí míchumais sna blianta amach romhainn a fhorbairt agus a chinntiú go seachadfar tionscadail in am, de réir an bhuiséid agus go mbainfear luach airgid amach. Tá súil agam freisin go leagfaidh an léarscáil straitéise conairí soiléire amach maidir le conas is féidir linn tacú le forbairt na dtionscadal caipitil do sholáthraithe Alt 39.”
Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le leathnú seirbhísí cónaithe, seirbhísí lae, seirbhísí do leanaí agus saoráidí faoisimh faoin bPlean Gníomhaíochta, a éilíonn infheistíocht chaipitil straitéiseach chuí chun an bonneagar riachtanach a sholáthar.
I measc na dtionscadal a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh dul chun cinn a dhéanamh in 2024, tá:
| Contae | Saoráid | Cur Síos Gairid | Céim |
| Ceatharlach | Holy Angels, Garrán Kelvin, Ceatharlach | Féidearthacht Dearaidh/ Dearadh | |
| Dún na nGall | Cleary Centre, Baile Dhún na nGall | Dearadh Mionsonraithe | |
| Baile Átha Cliath | Adelphi House, An Cuarbhóthar Thuaidh. | Tógáil | |
| Baile Átha Cliath | An Chabrach | Soláthar iostas faoisimh 4 leaba do leanaí. | Breithmheas |
| Baile Átha Cliath | Baile Brigín | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | Cill Bharróg | Láthair nua ag teastáil chun FLML a chomhdhlúthú. | Breithmheas |
| Baile Átha Cliath | St Michael’s House, Ráth Eanaigh | Dearadh Mionsonraithe, Tógáil | |
| Laois | Port Laoise | Breithmheas/ Dearadh Mionsonraithe | |
| Liatroim | Cora Droma Rúisc | Dearadh Mionsonraithe/ Tógáil | |
| Maigh Eo | Béal an Átha | Tairiscint | |
| Port Láirge | St Otteran’s | Dearadh Mionsonraithe/ Tairiscint |
Tá an Clár um Dhí-chomhchónaí le forbairt freisin; bogadh daoine ó láithreacha comhchónaithe go hionaid chónaithe níos lú sa phobal (1-4 duine).
Go dtí seo, cuireadh 130 réadmhaoin ar fáil chun na críche sin agus tá 29 réadmhaoin eile ar na bacáin chun socruithe maireachtála pobalbhunaithe a leathnú tuilleadh do dhaoine faoi mhíchumas agus chun cabhrú le hÉirinn a cuid oibleagáidí faoin CNACDM a bhaint amach. Tá sé seo sa bhreis ar an gcur chuige a mholann socruithe maireachtála príomhshrutha a roghnú ar dtús. Leis an gcur chuige sin, oibríonn an FSS agus Sainghníomhaireachtaí Deonacha do Dhaoine faoi Mhíchumas le hÚdaráis Áitiúla chun rochtain a fháil ar thithíocht i bpobail nuair is féidir. Tá sé sin ag teacht leis an Straitéis Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus tá sé sa bhreis ar úsáid na Scéime Cúnaimh Caipitil agus na Saoráide Réamhléasaithe Caipitil.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
In 2023, caitheadh €15.6m ar chaipiteal míchumais. Leithdháileadh an tsuim is mó den €15.6m sin ar an gclár um dhí-chomhchónaí. Caitheadh beagnach €6m chun tithíocht laistigh den phobal a thabhairt ar aghaidh do dhaoine a bhí ag bogadh amach ó láithreacha comhchónaithe. Caitheadh €5.2m breise ar cheannach, tógáil agus athchóiriú saoráidí do Sheirbhísí Leanaí, do Sheirbhísí Lae agus do shaoráidí Faoisimh. Caitheadh €4m ar shábháilteacht ó dhóiteán, mionchaipiteal agus uasghrádú bonneagair lena chinntiú gur féidir le seirbhísí oibriú go sábháilte agus cloí le rialacháin.
I ndiaidh d’aistriú seirbhísí míchumais ón Roinn Tithíochta don RLCMLÓ i Márta 2023, tá an maoiniú caipitil ar fad a chuireann an RLCMLÓ imfhálaithe do thionscadail mhíchumais amháin, agus é mar aidhm ag an Roinn seirbhísí míchumais a leathnú agus a athrú ó bhonn chun freastal ar riachtanais reatha agus ar riachtanais amach anseo.
Léiríonn Plean Caipitil FSS 2024 na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus iad siúd atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais 2024-2026 (mionsonraithe thíos). Tá RLCMLÓ i dteagmháil faoi láthair le FSS chun forbairt Straitéis Caipitil ilbhliantúil a bhaineann go sonrach le míchumas a chur chun cinn le linn 2024, rud a sainaithneoidh na riachtanais bhonneagair meántéarmacha atá ag teastáil do sheirbhísí míchumais.
I measc aidhmeanna Phlean Caipitil reatha FSS maidir le seirbhísí míchumais tá;
- €23m a chur ar fáil chun tacú le sainseirbhísí míchumais pobalbhunaithe
- Píblíne tionscadail caipitil le haghaidh míchumais a mhéadú
- Leanúint ar aghaidh le haistriú daoine ó shuíomhanna institiúideacha go seirbhísí pobalbhunaithe de réir an bheartais Am chun Bogadh ar Aghaidh ó Láithreacha Comhchónaithe
- Leanúint ar aghaidh le rannpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí tithíochta ceadaithe chun leas a bhaint as maoiniú breise ón Rialtas tríd an Scéim Cúnaimh Caipitil
- Seachadadh seirbhíse míchumais a chumasú trí chóiríocht a sholáthar d’fhoirne líonra míchumais, teiripe agus seirbhísí lae
I measc na bhforbairtí caipitil atá beartaithe ag FSS do 2024 tá tionscadail a sholáthraíonn cóiríocht d’fhoirne líonra míchumais, forbairt saoráidí Seirbhísí Lae ar fud na tíre, feistiú tithe cónaithe agus faoisimh do dhaoine fásta agus leanaí agus tionscadail chónaithe eile.
Seo a leanas liosta de na tionscadail mhíchumais atá san áireamh leis an bPlean Caipitil faoi láthair. Cuirfear leis an liosta de réir mar a chaitear an bhliain.
| Contae | Suíomh | Cur síos ar an Tionscadal | Céim an Tionscadail |
| Dún na nGall | Cleary Centre, Baile Dhún na nGall | Breithmheas | |
| Sligeach | Baile an Mhóta | Breithmheas | |
| Liatroim | St Patrick’s Community Hospital, Cora Droma Rúisc | Breithmheas | |
| Ceatharlach | Kelvin Grove, Ceatharlach | Féidearthacht Dearaidh | |
| Cill Mhantáin | St. Otteran’s | Dearadh Mionsonraithe | |
| Baile Átha Cliath | An Clinic Lárnach Íocshláinteach, Cluain Dolcáin | Breithmheas | |
| Contaetha Éagsúla | Suíomhanna Éagsúla | Breithmheas | |
| Port Laoise | Aghaidh an Chairn | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | Féidearthacht Dearaidh | ||
| Baile Átha Cliath | An Clinic Lárnach Íocshláinteach, Cluain Tarbh | Féidearthacht Dearaidh | |
| Baile Átha Cliath | Bóthar Ráth Béil, Sord | Dearadh Mionsonraithe | |
| Baile Átha Cliath | An Chabrach | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | Breithmheas | ||
| Baile Átha Cliath | Baile Bhlainséir (láithreán le dearbhú) | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | Cill Bharróg (láithreán le dearbhú) | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | An Chabrach/ Gráinseach, Campas Avista | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | St Michael’s House, Ráth Eanaigh | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | Breithmheas | ||
| Baile Átha Cliath | Baile Brigín (Suíomh le dearbhú) | Breithmheas | |
| Contaetha Éagsúla | Suíomhanna Éagsúla | Breithmheas | |
| Baile Átha Cliath | Ashgrove House, Bóthar na hUaimhe | Breithmheas | |
| Náisiúnta | Suíomhanna Éagsúla | Céimeanna Éagsúla | |
| Náisiúnta | Náisiúnta | Breithmheas | |
| Maigh Eo | Béal an Átha | Tairiscint |
Ina theannta sin, cuimsíonn an plean seacht dtionscadal um Chúram Pobail a bhaineann le Míchumas.
| Réigiúin Sláinte | Suíomhanna | Cur síos ar an Tionscadal | Céim |
| ESP 1 | Seachadadh Céimnithe 2024 | ||
| ESP 3 | Seachadadh Céimnithe 2024 | ||
| ESP 4 | Seachadadh Céimnithe 2024 | ||
| ESP 5 | Avalon agus Ballycogley House, Co. Loch Garman | Seachadadh Céimnithe 2024 | |
| ESP 6 | R2 2024 Seachadadh Measta | ||
| ESP 6 | Hollybrook Park, Co. Chill Mhantáin | Seachadadh Céimnithe 2024 | |
| ESP 7 | Páirc na Mainistreach, Co. Chill Dara | Seachadadh Céimnithe 2024 |
Seoladh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Míchumais 2024 – 2026, arna fhorbairt ag an Grúpa Oibre idir-rannach i mí na Nollag 2023 agus is ionann é agus an chéad chéim de chur i bhfeidhm an Athbhreithnithe ar Chumas Míchumais go 2032.
Is iad seo a leanas na príomhfheabhsuithe seirbhíse atá beartaithe do 2024-26 a dtugtar aghaidh ar an gcaiteachas fógartha orthu:
Seirbhísí Lae do Dhaoine Fásta
- timpeall 1,200 áit seirbhíse lae breise ar an meán gach bliain chun áiteanna a chinntiú do lucht fágála scoile a dteastaíonn siad uathu
Seirbhísí Faoisimh
- leathnú leanúnach ar sheirbhísí faoisimh, lena n-áirítear roghanna cónaithe eile
Seirbhísí Cónaithe
- 500 áit chúraim chónaithe pobalbhunaithe nua le cur in ionad cúraim mhíchumais i suíomhanna móra institiúideacha agus campais, d’fhonn deireadh a chur leis an gcineál sin soláthair faoi 2030
- timpeall 900 áit chúraim chónaithe bhreise chun dul i ngleic le riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu agus a chinntiú go gcoimeádann an soláthar cothrom le hathrú déimeagrafach
- tacaíocht a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeidh teacht acu ar mhaireachtáil neamhspleách thacaithe
- tacaíochtaí a sholáthar chun cónaí sa bhaile, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le cúram fadtéarmach i dteach altranais do dhaoine óga faoi mhíchumas