Faisnéis agus acmhainní fógartha ag an Aire O’Gorman agus ag an Aire Foley do leanaí atá ag ullmhú le freastal ar an réamhscoil agus ar na naíonáin shóisearacha
- Foilsithe: 14 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D. agus an tAire Oideachais, Norma Foley, T.D., tionscnamh do leanaí agus do theaghlaigh – Bímis Réidh – acmhainn gov.ie chun tacú le leanaí óga agus a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí pleanáil don aistriú chuig an réamhscoil nó an bhunscoil níos déanaí sa bhliain.
Díríonn suíomh gréasáin Bímis Réidh ar leanaí atá ag ullmhú chun freastal ar an réamhscoil nó ar an mbunscoil den chéad uair ó mhí Mheán Fómhair seo ar aghaidh. Tá treoir le fáil ar Bímis Réidh do thuismitheoirí maidir leis na céimeanna praiticiúla is féidir leo a dhéanamh chun tacú lena leanaí sna míonna amach romhainn agus leideanna faoin méid is féidir le leanaí agus tuismitheoirí a bheith ag súil leis nuair a bhíonn siad ag aistriú chuig an réamhscoil agus an bhunscoil.
Beidh paca aistrithe do leanaí atá ar tí tosú ag freastal ar an réamhscoil agus ar an mbunscoil le dáileadh go luath trí chainéil éagsúla, lena n-áirítear Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCCanna), suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige, Oifigí Teagmhála Baile is Scoile agus tá sé ar fáil ar [link broken] freisin. San áireamh sa phaca seo tá bileog leideanna do thuismitheoirí, cárta aistrithe do leanaí agus teimpléad aistrithe ‘Mo Scéal’ atá forbartha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta atá le comhlánú ag tuismitheoirí. Cuireann an teimpléad seo ar chumas tuismitheoirí eolas tábhachtach a roinnt le cleachtóir réamhscoile nó múinteoir a linbh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Gorman inniu:
“Ar fud na tíre, tá suas le 120,000 leanbh ag ullmhú le freastal ar an réamhscoil nó ar an mbunscoil den chéad uair níos déanaí i mbliana.
“Is tréimhse chorraitheach de shaol leanaí agus teaghlach é tréimhse aistrithe de ghnáth, ní áirím i rith Covid-19, agus dá réir sin, ní mór tacú leo i rith na tréimhse seo.
“Is tionscnamh faoi threoir an Rialtais é Bímis Réidh a sholáthraíonn leideanna úsáideacha do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí mar aon le moltaí maidir le gníomhaíochtaí spraíúla ar féidir le tuismitheoirí a eagrú chun tacú lena leanaí i rith na tréimhse aistrithe i míonna an tsamhraidh”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
"Is tréimhse thábhachtach i saol leanaí agus a dteaghlach an tréimhse nuair a thosaítear ag freastal ar an mbunscoil.
"Táimid ag obair i ndlúthchomhar lenár scoileanna chun tacú le leanaí atá ar tí tús a chur lena n-oideachas bunscoile.
"Soláthraíonn Bímis Réidh faisnéis, smaointe agus acmhainní úsáideacha chun cabhrú le teaghlaigh atá ag ullmhú le haghaidh na n-athruithe seo sna míonna amach romhainn."
CRÍOCH
NÓTAÍ
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Oideachais a d’fhorbair an feachtas Bímis Réidh agus bhí gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí éagsúla ag tacú leo.
Tabharfar an suíomh gréasáin [link broken] cothrom le dáta go rialta sna míonna amach romhainn agus cuirfear ábhar nua san áireamh nuair a bheidh sé ar fáil.
Tá paca Bímis Réidh le fáil ar [link broken]