Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíónn an tAire O’Gorman Athbhreithniú Neamhspleách ar an gCostas ar Fhoghlaim agus Chúram Leanaí na Luath-Óige Ardchaighdeáin a Sholáthar in Éirinn.

Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtithe agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., inniu an tAthbhreithniú Neamhspleách ar an gCostas ar Fhoghlaim agus Chúram Leanaí na Luath-Óige Ardchaighdeáin a Sholáthar in Éirinn.

Tá an t-athbhreithniú a rinne Crowe i gcomhar le Apteligen in 2018, mar chuid de thiomantas níos fairsinge de chuid an Aire chun bonn fianaise a bhunú chun soláthar ardchaighdeáin, inrochtana agus inacmhainne luathfhoghlama agus cúraim leanaí in Éirinn a fhorbairt agus tacú leis.

Rinne an tAthbhreithniú Neamhspleách iarracht chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • anailís a dhéanamh ar na costais atá ar fhoghlaim agus cúram leanaí na luath-óige a sholáthar faoi láthair agus na tosca a imríonn tionchar ar na costais seo;
  • samhail de na costais aonaid a sholáthar atá ar fhoghlaim agus cúram leanaí na luath-óige a chur ar fáil a cheadaíonn anailís a dhéanamh ar athruithe beartais agus ar athrú ar na rudaí a chuireann le costas, agus
  • anailís margaidh ardleibhéil a sholáthar ar an earnáil in Éirinn.

Bhain idirchaidreamh le príomhpháirtithe leasmhara ón earnáil, agus suirbhé a riar ar sholáthraithe ionadbhunaithe go náisiúnta leis an bpróiseas.

Soláthraíonn an tAthbhreithniú Neamhspleách a) costais aonaid san uair ar chúram leanaí a sholáthar do gach seirbhís, b) costas aonaid an san uair ar chúram leanaí a sholáthar i measc saghsanna seirbhíse agus láithreach, c) na rudaí is mó a chuireann le costas, agus d) meánmhiondealú ar chostais oibriúcháin i seirbhísí cúraim leanaí.

Costas Aonaid

Ba é €4.14 an meánchostas aonaid san uair a bhí ar chúram leanaí a sholáthar i measc na seirbhísí go léir. B’éagsúil an meánchostas aonaid san uair seo ag brath ar shaghas na seirbhíse agus ar cheantar tíreolaíoch.

Na Rudaí a chuireann le Costas

Aithníodh saghas na seirbhíse agus láthair na seirbhíse i measc na bpríomhrudaí a chuireann le costas san Athbhreithniú. I measc na bpríomhrudaí eile a chuireann le costas, bhí leibhéil áitíochta agus méid na seirbhíse.

Tugann difríochtaí sa mheánchostas aonaid chun solais go bhféadfadh foghlaim agus cúram leanaí na luath-óige bheith níos saoire le soláthar, go ginearálta, i gceantair áirithe (e.g. ceantair thuaithe: b’fhéidir mar gheall ar chostais áitribh áitiúil) agus i roinnt seirbhísí (e.g. seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile: b’fhéidir mar gheall ar riachtanais chóimheasa níos ísle; agus trádálaithe aonair: b’fhéidir mar gheall ar chostais áitribh níos ísle). Tugann difríochtaí chun solais freisin conas is féidir foghlaim agus cúram leanaí na luath-óige a sholáthar níos éifeachtúla (e.g. seirbhísí níos mó: b’fhéidir mar gheall ar bharainneachtaí scála; agus seirbhísí a bhfuil rátaí áitíochta níos airde acu). Tá fianaise ann freisin go ngearrtar costais níos airde ar chaighdeán níos airde (e.g. seirbhísí a fhostaíonn céimithe: b’fhéidir mar gheall ar chostais foirne níos airde).

Miondealú ar chostas

Sainaithníodh gnéithe fairsinge costais oibriúcháin seirbhísí fhoghlaim agus chúram leanaí na luath-óige freisin tríd an Athbhreithniú. Thug seo patrún le fios atá ar aon dul leo siúd a dtagtar orthu i dtíortha eile, agus ar an bhfoireann a caitheadh beagnach 70 faoin gcéad de na costais oibriúcháin fhoriomlána.

Ag labhairt ag seoladh an lae inniu, dúirt an tAire O’Gorman:

“Cuirim fáilte chroíúil roimh fhoilsiú an Athbhreithnithe Neamhspleách ar an gCostas ar Fhoghlaim agus Chúram Leanaí na Luath-Óige Ardchaighdeáin a Sholáthar in Éirinn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’údair na tuarascála, Crowe agus Apteligen, agus leis na soláthraithe a chuir a gcuid ama ar fáil chomh toiliúil sin chun páirt a ghlacadh.

“Cuireann na torthaí ón Athbhreithniú seo tuiscint shaibhir agus mhionsonraithe dúinn ar an margadh cúraim leanaí agus bonn taca daingean anailíseach ar fáil chun eolas a chur ar fáil do chinntí cistithe amach anseo.

"Aschur den Athbhreithniú a bhí in áireamhán costas a fhorbairt. Uirlis chumhachtach é seo a chabhróidh le mo Roinn chun meastachán cruinn a dhéanamh ar an tionchar a imríonn athruithe féideartha beartais amach anseo ar an gcostas a bhíonn ar sheirbhís a sholáthar.

“Baineadh úsáid rathúil as seo cheana féin chun eolas a chur ar fáil do chur chuige mo Roinne i leith seirbhísí a chistiú fad a bhíonn siad dúnta san earnáil agus COVID-19 buailte linn, agus trí sheirbhísí a athoscailt de réir a chéile ón 29 Meitheamh ar aghaidh.

“Beidh sé ina phríomhionchur amach anseo agus rátaí cistithe amach anseo á suíomh agus déanfaidh Sainghrúpa breithniú air a dhéanann mo Roinn a thionól chun samhail chistithe nua a fhorbairt don earnáil.”

Dúirt an tAire O’Gorman freisin:

“Cé gurb ábhar roinnt muiníne dúinn na torthaí ar an gcostas aonaid as ár leibhéil d’fhóirdheontas Stáit, tuigim go soiléir go mbunaítear an costas aonaid ar rátaí pá san earnáil atá i bhfad ró-íseal. Aithním freisin go bhfuil an costas aonaid an-éagsúil i measc seirbhísí agus, i gcás roinnt seirbhísí, beidh a gcostas aonaid níos ísle nó níos airde ná seo.

“Gheall an Rialtas in Na Chéad 5 chun an infheistíocht i bhfoghlaim agus cúram leanaí na luath-óige a mhéadú faoi dhó, ar a laghad, faoin mbliain 2018.

"Tá bonn fianaise daingean curtha le chéile anois againn chun eolas a chur ar fáil do na cinntí cistithe amach anseo agus le cothroime a chinntiú nuair a bhíonn tacaíochtaí Stáit á ndáileadh”.

Bhain an tAire leas as an deis a chruthaigh an seoladh chun buíochas a ghabháil leis an earnáil arís eile as na hiarrachtaí leanúnacha agus gan staonadh atá á ndéanamh acu chun seirbhísí sábháilte agus cothaitheacha a chur ar fáil do leanaí fad a leanann paindéim COVID a bheith buailte linn.

Tá an tAthbhreithniú Neamhspleách ar na Costais ar Chúram Leanaí ar fáil anseo. (Achoimre Feidhmiúcháin) (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil)

Nótaí don Eagarthóir:

Choimisiúnaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtithe agus Óige Crowe chun an tAthbhreithniú Neamhspleách ar an gCostas ar Chúram Leanaí Ardchaighdeáin a Sholáthar i Seirbhísí Luathbhlianta in Éirinn a dhéanamh (tagraítear dó ina dhiaidh seo mar an tAthbhreithniú Neamhspleách ar Chostais). Beartaítear go scrúdaíonn an t-athbhreithniú na costais reatha a mbíonn ar thuismitheoirí, a bhfuil a leanaí i gcúram leanaí in Éirinn, a íoc; anailís a dhéanamh ar na tosca a imríonn tionchar ar na costais siúd, scrúdú ina measc ar na rudaí a chuireann le costas agus bonn fianaise a sholáthar den chéad uair chun buntacú le forbairt beartais agus infheistíocht amach anseo i luathbhlianta.

Áiríodh leis na Téarmaí Tagartha don Athbhreithniú Neamhspleách ar Chostais:

  • Anailís a dhéanamh ar na costais atá ar chúram leanaí a sholáthar faoi láthair in Éirinn agus ar na tosca a imríonn tionchar ar na costais seo;
  • An costas a shainaithint atá ar chúram leanaí ardchaighdeáin a sholáthar in Éirinn trí shamhail den chostas aonaid/na costais aonaid a fhorbairt agus a sholáthar atá ar chúram leanaí a chur ar fáil a cheadaíonn anailís a dhéanamh ar athruithe beartais agus ar athrú ar na rudaí a chuireann le costas, tionchar féideartha an ghairmiúlaithe san áireamh;
  • Anailís oibiachtúil ardleibhéil margaidh a sholáthar ar an earnáil chúraim leanaí in Éirinn, anailís ina measc ar leibhéil táille a ghearrtar ar thuismitheoirí; agus
  • Aschur a shonraítear, faoi mar a shonraítear san Iarraidh ar Thairiscintí (IaTanna)

Cuspóirí an Athbhreithnithe Neamhspleách ar Chostais

Áiríodh leis na riachtanais don Athbhreithniú Neamhspleách ar Chostais an méid seo a leanas:

  • Modheolaíocht a fhorbairt chun an costas/na costais aonaid (an tsamhail chostais) a bhíonn ar chúram leanaí a sholáthar in Éirinn (i.e. costas in aghaidh an linbh san uair), tosca san áireamh a dtagann athrú ar chostas an tsoláthair dá mbarr.
  • A shainaithint cén sonraí atá ar fáil tríd an Údarás Conarthach agus gníomhaireachtaí tríú páirtí (e.g. Pobal) chun tacú leis an tsamhail chostais seo.
  • Taighde príomhúil a dhéanamh (taighde cainníochtúil, go príomha, agus teastaíonn roinnt taighde cáilíochtúil freisin) nuair nach dóthanach na sonraí reatha. Beidh suirbhé i gceist leis seo, ar a laghad, ina bhfiosraítear saincheisteanna a bhaineann le costais agus struchtúir tháillí. Ba cheart an suirbhé a dhearadh agus a thástáil i gcomhairle le soláthraithe cúraim leanaí le hiontaofacht na dtorthaí a chinntiú, agus déantar na torthaí seo a bhailíochtú agus a thriantánú in aghaidh taighde cáilíochtúil.
  • An costas aonaid a ríomh a bhíonn ar chúram leanaí a sholáthar do réimse saghsanna seisiúin, saghsanna soláthraí agus aoiseanna leanaí, agus cáipéisíocht tacaíochta a sholáthar, chun tacú leis an gcuspóir chun rátaí caipitíochta agus fóirdheontais a leagan amach laistigh de chláir/scéimeanna cúraim leanaí.
  • Áireamh costas inúsáidte a fhorbairt agus a sholáthar ar féidir leis an Údarás Conarthach é a úsáid chun pleanáil agus anailís a dhéanamh amach anseo ar íogaireacht bheartais airgeadais.
  • Tuarascáil deiridh a sholáthar

Chun maoirseacht a dhéanamh ar an tionscadal agus príomhionchur a sholáthar don athbhreithniú, bhunaigh an Roinn Grúpa Maoirseachta ina bhfuil ionadaithe ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtithe agus Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Pobal. Chas an Grúpa Maoirseachta lena chéile go rialta chun léargas a sholáthar, athbhreithniú a dhéanamh ar aschur, cabhrú le dearadh cheistneoirí an tsuirbhé, oibriú le Crowe (agus lena gcomhpháirtí Apteligen) chun an uirlis samhaltaithe costas a fhorbairt, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil agus an tuarascáil deiridh.

Tugann príomhthorthaí le fios go gcosnaíonn costas aonaid chun cúram leanaí a sholáthar €4.14, ar an meán. Is é an meánluach an costas aonaid, ar an meán, i measc na seirbhísí ionadbhunaithe go léir, ach mar gheall ar an éagsúlacht leathan i measc seirbhísí, b’fhéidir go mbíonn costas ar go leor seirbhísí atá an-éagsúil ón meán seo. Tá an meán áisiúil sa mhéid go gcuireann sé uimhir achomair mheasta ar fáil i dtaobh chostas an tsoláthair agus chun athruithe leathana ar chostas le himeacht ama agus difríochtaí i gcostas i measc ceantair thíreolaíocha agus saghsanna soláthair a thabhairt san áireamh.

Sainaithnítear sa tsamhail na rudaí a chuireann le costas a mhíníonn an difríocht i gcostas i measc soláthraithe, suíomhanna uirbeacha agus tuaithe, réigiún, saghsanna áitribh agus saintréithe seirbhíse san áireamh. Mar shampla, bhí méid an-bhainteach san éagsúlacht a bhí i gcostas aonaid, agus bhí costais aonaid níos ísle i seirbhísí móra ná mar a bhí i seirbhísí níos lú agus b’airde an costas aonaid i seirbhísí ina bhfuil caipitíocht níos airde, agus ceaptar gurb é is cúis leis seo ná gurb airde na costas aonaid a bhíonn ar fhoireann a fhostú. I dtaobh athróga geografacha, ba chostasaí seirbhísí uirbeacha ná iad siúd i gceantair thuaithe.

Beartaítear go gcuireann an tionscadal bonn fianaise daingean ar fáil chun forbairt bhreise a dhéanamh ar Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (FCLÓ) agus ar Chúram Leanaí ar Aois Scoile (CLAS) ardchaighdeáin in Éirinn. Beartaítear freisin go mbeidh an t-aschur ina phríomhionchur agus rátaí caipitíochta agus fóirdheontais á leagan amach do scéimeanna cistithe amach anseo agus déanfaidh Sainghrúpa a tionóladh le déanaí chun samhail chistithe nua a fhorbairt do FCLÓ agus CLAS breithniú air.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat