Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire O’Gorman tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe ar dhul chun cinn do Na Chéad 5 (First 5), an Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh

D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., inniu Tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Bliantúil Na Chéad 52019 an Rialtais.

Foilsíodh Na Chéad 5 – an Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh (2018-2019) i Samhain 2018 agus foilsíodh plean um chur i bhfeidhm tosaigh trí bliana don Straitéis ina dhiaidh sin i mBealtaine 2019.

Dírítear in Na Chéad 5 ar an tréimhse luath-óige, ón tréimhse réamhbhreithe go haois a cúig, agus glacann sé le cur chuige ceangailte trasrialtais i leith tacú le naíonáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh i rith na luathbhlianta ríthábhachtacha seo.

Tugtar achoimre i dTuarascáil ar Chur i bhFeidhm Bliantúil Na Chéad 5 2019 ar an dul chun cinn a rinneadh chun an straitéis a chur i bhfeidhm, agus tá breis agus 90% de ghealltanais uile 2019 bainte amach ag an bpointe seo. Tugtar cuntas sa Tuarascáil freisin ar phríomhéachtaí ó 2019, an méid seo a leanas ina measc:

  • teidlíocht nua a thabhairt isteach do shaoire thuismitheoireachta íoctha agus teidlíochtaí sínte do shaoire thuismitheoireachta neamhíoctha;
  • obair bhunúsach chun tacaíochtaí tuistithe a bheachtú agus a fheabhsú ar fud an Rialtais;
  • réimse bearta nua chun aois an pháiste níos sláintiúla a chur chun cinn;
  • dul chun cinn ar phríomhathchóirithe ar an gcóras fhoghlaim agus chúram na luath-óige; agus
  • bearta nua a thabhairt isteach chun dul i ngleic le bochtaineacht luath-óige.

Ag labhairt faoi fhoilsiú an lae inniu, dúirt Aire O’Gorman:

“Tá gliondar croí orm, mar an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, chun Tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Bliantúil Na Chéad 5 2019 a fhoilsiú agus nuashonrú a thabhairt le fios ar an dul chun cinn an-suntasach atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar ghealltanais 2019.

Léirítear sa Tuarascáil seo an obair dhearfach atá á déanamh fud fad an Rialtais agus an sochaí lena chinntiú go dtugtar an tús is fearr agus is féidir sa saol do leanaí.”

Chuir an tAire fáilte roimh na hiarrachtaí comhoibritheacha agus an uaillmhian atá ag gach duine chun aghaidh a thabhairt ar fhís Na Chéad 5 ar fud na Ranna Rialtais, na nGníomhaireachtaí Stáit agus na hearnála Pobail agus Deonaí agus dhearbhaigh sé arís eile go bhfuil an Rialtas tiomanta i gcónaí do Na Chéad 5.

Dúirt Aire O’Gorman:

“D’athdhearbhaigh Clár an Rialtais tiomantas arís eile do Na Chéad 5 a chur i bhfeidhm go hiomlán agus déantar leanaí agus teaghlaigh a shuíomh i gceartlár ár gcuid oibre ann. Leanaimid le dul chun cinn maith a dhéanamh.

Déanfaimid seirbhísí agus tacaíochtaí do leanaí agus a dteaghlaigh a athrú ó bhonn tríd an Straitéis seo agus Clár an Rialtais chun cabhrú le háit iontach le fás aníos ann do gach leanbh a dhéanamh d’Éirinn.

Táim ag tnúth le comhoibriú leanúnach dearfach le comhghleacaithe ar fud na Ranna Rialtais, na nGníomhaireachtaí Stáit, na hearnála Pobail agus Deonaí agus i measc comhpháirtithe níos fairsinge chun torthaí níos fearr a bhaint amach do naíonáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh”.

CRÍOCH

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

Leagtar amach thíos achoimre ardleibhéil ar dhul chun cinn i leith gharspriocanna 2019 i measc Na Chéad 5 Chéim Mhóra.

i. Réimse níos fairsinge de roghanna a bheith ar fáil do thuismitheoirí chun cothromaíocht a bhaint amach idir oibriú agus cúram a thabhairt

Tugadh teidlíochtaí breise isteach do shaoire íoctha agus neamhíoctha d’aithreacha agus do mháithreacha araon in 2019 (agus fógraíodh síntí breise mar chuid de Bhuiséad 2021). Bronntar teidlíocht nua reachtúil san Acht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora do shaoire thuismitheora, is é sin, saoire thuismitheora dhá sheachtain do thuismitheoirí linbh a rugadh nó a uchtaíodh i ndiaidh an 1 Samhain 2019. Tá seo ar fáil do thuismitheoirí fostaithe agus féinfhostaithe agus is féidir é a fháil i rith chéad bhliain de shaol an linbh. Íoctar Sochar Tuismitheora €245 sa tseachtain le tuismitheoirí a cháilíonn don tsaoire seo agus a bhfuil an líon riachtanach ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh íoctha acu. Meastar go n-íoctar an sochar le 60,000 tuismitheoir gach bliain, ar chostas tuartha €32 milliún.

Fógraíodh go gcuirfí tús le saoire thuismitheoireachta neamhíoctha bhreise ocht seachtaine a thabhairt isteach de réir a chéile in 2019, agus tháinig méadú air aníos ó 18 go 22 seachtain oibre i Meán Fómhair 2020 (agus ó 22 go 26 seachtain ó Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh). Déantar foráil dó seo san Acht Shaoire Thuismitheoireachta (Leasú), 2019, a athraíonn aois uasta an linbh freisin dá bhfuil a dtuismitheoir i dteideal saoire thuismitheoireachta neamhíoctha a fháil ó ocht go 12 bhliain.

Rinne an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais athbhreithniú ar fhorálacha ábhartha an Achta um Chosaint Máithreachais (Leasú), 2019 in 2019 ag féachaint le síneadh a chur leis an teidlíocht reatha do shosanna íoctha cothaithe cíche/lachta nó laghdú íoctha ar uaireanta oibre do mháithreacha a dhéanann cothú cíche sa lucht saothair anuas ó 26 go 104 seachtain (2 bhliain) i ndiaidh go saolaítear an naíonán. Cheadaigh an Rialtas Cinn forálacha a shíneann an tréimhse ina mbeadh fostaithe i dteideal sosanna cothaithe cíche a ghlacadh nó laghdú íoctha a fháil ar uaireanta oibre in 2019 agus cuireadh tús le hobair ar na forálacha seo a dhréachtú lena gcur san áireamh laistigh de Bhille cuí luath.

Rinneadh iarrachtaí chun teacht níos fearr a chur ar fáil ar oibriú solúbtha a thacaíonn le teaghlaigh freisin. Sheol an Roinn Dlí agus Cirt an Comhairliúchán Oibre Solúbtha an 11 Nollaig 2019 le dearcthaí a lorg ó fhostóirí, fostaithe, ceardchumainn agus an pobal i gcoitinne maidir leis na saghsanna socruithe oibre solúbtha atá i bhfeidhm faoi láthair agus na hathruithe ba mhaith leo go ndéanfar. Mar gheall go bhfuil torthaí an tsuirbhé curtha ó mhaith ag an méadú ar oibriú as baile mar gheall ar bhearta scartha shóisialta COVID-19, tá breithniú á dhéanamh ar thabhairt faoi shuirbhé leantach. Cuirfidh torthaí an tsuirbhé le treoirlínte a fhorbairt maidir le hoibriú solúbtha.

ii. Samhail nua de thacaíocht tuistithe

Tá Aonad Beartas Tacaíochta Tuismithe i bhfeidhm sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais Lánpháirtíochta agus Óige ó dheireadh 2018 ar aghaidh chun treoir bheartais agus gníomhaíocht a chomhordú a bhaineann le tacaíocht tuistithe. Chuir an tAonad seo tús in 2019 le comhoibriú agus idirchaidreamh le réimse fairsing Ranna, Gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí, chun feasacht a mhúscailt ar ról an Aonaid agus chun tuiscint a fháil ar sheirbhísí tacaíochta tuistithe a fhorbairt, a chistiú agus a sholáthar.

Áiríodh leis an obair faoinar tugadh in 2019 chun gealltanais tacaíochta tuistithe Na Chéad 5 a chur chun cinn comhaontú ar an gcur chuige chun samhail náisiúnta seirbhísí tacaíochta tuistithe a fhorbairt, agus plean um chur i bhfeidhm a fhorbairt agus a thosú do gach gníomh. Rinneadh athbhreithnithe meara ar mheicníochtaí éifeachtacha soláthair eolais do thuismitheoirí agus cuir chuige idirnáisiúnta i leith beartas tacaíochta tuistithe a choimisiúnú chun eolas a sholáthar d’ardán eolais a fhorbairt do thuismitheoirí agus chun samhail náisiúnta seirbhísí tacaíochta tuistithe a fhorbairt.

iii. Forbairtí nua ar shláinte leanaí

Bhunaigh an Roinn Sláinte Grúpa Stiúrtha in 2019 chun tús a chur le hobair ar lucht saothair tiomnaithe sláinte leanaí - ceann de na gealltanais mhóra in Na Chéad 5. Díreoidh an lucht saothair tiomnaithe i dtosach ar cheantair ard-dlúis daonra agus faoi mhíbhuntáiste.

Tugadh réimse beart isteach chun iompar dearfach sláinte agus sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte naíonán, leanaí óga agus a dteaghlach a chur chun cinn freisin i dteannta forbairt bhreise ar an gClár Náisiúnta Óige Sláintiúla. I measc an phríomhdhul chun cinn a rinneadh, bhí an méid seo a leanas:

  • www.mychild.ie a fhorbairt agus a thabhairt isteach go leanúnach agus tionscnaimh a tosaíodh faoi Chlár Cothú (‘Nurture’) - Sláinte agus Folláine Naíonán, a phríomhshruthú.
  • Réimse tacaíochtaí cothaithe cíche a fhorbairt, cláir oiliúna, leabhrán tuismitheora, ‘Cothú Cíche: Tús Maith sa Saol’ (Breastfeeding Good Start in Life), Beartas Náisiúnta Beathaithe Naíonáin agus sainchomhairleoirí lachta a cheapadh ina measc.
  • Forbairt agus comhairliúchán a dhéanamh ar dhréacht-Chaighdeáin FSS a Thacaíonn le Naíonáin.
  • Caighdeáin Náisiúnta um Oideachas Réamhbhreithe a fhoilsiú agus clár oiliúna a fhorbairt d’oideachasóirí réamhbhreithe.
  • Réimse tacaíochtaí a fhorbairt chun an glacadh le vacsaínithe a mhéadú sa luath-óige agus i rith toirchis.
  • Treoirlínte maidir le Bia Sláintiúil do Leanaí 1-5 Bliana d’Aois a fhoilsiú, agus tá dul chun cinn ar bun chun Caighdeáin Chothaithe do Shuíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige a fhorbairt.
  • An Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Chraicinn a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm i dtosach inar sainaithníodh naíonáin agus leanaí óga mar ghrúpa a dtugtar tús áite dó.
  • Treoirlínte náisiúnta a fhoilsiú ar ‘Cothú i rith Toirchis’ a fhoilsiú, lenar áiríodh treoirlínte maidir le forlíonadh aigéid fhólaigh.
  • Leanúint le feachtas START, agus díriú ar leith ar bhianna deasa agus ar ghníomhaíocht choirp do leanaí óga.
  • Smile agus Sláinte, an Beartas Náisiúnta Sláinte Béil, a fhoilsiú faoina bhfuil an pacáiste uilíoch sláinte fiaclóireachta do leanaí faoi shé bliana d’aois á thabhairt isteach.
  • Clár píolótach de Chlár Tús Cliste (Smart Start) Éire Shláintiúil a fhorbairt do leanaí faoi 3 bliana d’aois.
  • Triail phíolótach a bhaint as an Scéim Bainne Scoile i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige.
  • An Clár Bia Sláintiúil a Réitítear go hÉasca (Healthy Food Made Easy) a athbhreithniú agus a nuashonrú.

iv. Athchóiriú an chórais Luathfhoghlama agus Chúraim (LFC)

Ag cur leis na forbairtí an-suntasacha a rinneadh ar fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn breise chun feabhas a chur ar inacmhainneacht, inrochtaineacht agus cáilíocht.

I measc gharspriocanna móra Na Chéad 5 a baineadh amach in 2019, bhí an méid seo a leanas:

  • Rialacháin an Achta um Chúram Leanaí, 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta) (Seirbhísí Aoise Scoile a Chlárú), 2018 a tháinig i bhfeidhm i bhFeabhra 2019, a cheadaigh seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile chun clárú le Tusla agus chun páirt a ghlacadh ina dhiaidh sin sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí. Críochnaíodh comhairliúchán poiblí ar dhréacht-treoirlínte cáilíochta agus rialacháin chuimsitheacha freisin.
  • Foilsíodh critéir agus treoirlínte nua le haghaidh chúrsaí leibhéal 7 agus 8 i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige agus foilsíodh Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Shuíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige.
  • Tionóladh Grúpa Stiúrtha chun plean an lucht saothair a fhorbairt d’fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile i mBealtaine 2019. Le próiseas comhairliúcháin láidir a chinntiú, cruthaíodh Grúpa Páirtithe Leasmhara ina raibh ionadaithe ó áiteanna ar fud na hearnála chun oibriú i gcomhar leis an nGrúpa Stiúrtha. Chas an dá ghrúpa lena chéile roinnt uaireanta in 2019.
  • Bunaíodh Sainghrúpa chun samhail chistithe nua a fhorbairt d’fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile i Meán Fómhair 2019. Ceapadh Comhpháirtí Taighde, Frontier Economics, freisin chun tacú le hobair an tSainghrúpa. Thit cruinniú tionscnaimh an tSainghrúpa amach i nDeireadh Fómhair 2019.
  • Foilsíodh Dréachtphlean Gníomhaíochta Feighlíochta Leanaí ina leagtar bearta gearrthéarmacha, meántéarmacha, agus fadtéarmacha amach maidir le rialáil feighlithe leanaí agus tacú leo ar bhonn céimnithe sna deich mbliana amach romhainn, i Lúnasa 2019 ar mhaithe le comhairliúchán poiblí. Thit comhairliúchán forleathan amach i Ráithe 4 2019. Coimisiúnaíodh tuarascáil chun breithniú a dhéanamh ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin. Críochnaíodh an tuarascáil seo i mí na Nollag 2019. Ceapadh Comhordaitheoir Feighlíochta Leanaí Náisiúnta agus foireann Oifigigh Forbartha Feighlíochta Leanaí réigiúnacha chun tacú leis an bPlean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.
  • Osclaíodh an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí d’iarratais ar líne i Samhain 2019. Tacófar le teaghlaigh faoin Scéim Cúraim Leanaí Náisiúnta chun íoc as an gcostas a bhíonn ar fhoghlaim agus cúram na luath-óige trí chóras fóirdheontas uilíoch agus a bhaineann le hioncam.
  • Rinneadh €89 milliún breise a leithdháileadh i mBuiséad 2019 ar fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile. Rinneadh dul chun cinn breise i mBuiséad 2020 (i.e. leithdháileadh breise €64 milliún) – is ionann seo agus 31% carnach de sprioc infheistíochta Na Chéad 5, a gheallann chun an infheistíocht i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile a dhúbailt, ar a laghad, faoin mbliain 2028 (aníos ón mbonnlíne in 2018).

v. Pacáiste beart chun dul i ngleic le bochtaineacht agus míbhuntáiste luath-óige

Rinneadh dul chun cinn freisin ar roinnt beart chun dul i ngleic le bochtaineacht agus míbhuntáiste sa luath-óige. Anuas ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a thabhairt isteach i Samhain 2019, rinne cistiú a fuarthas i mBuiséad 2020 soláthar do réimse beart a imreoidh tionchar dearfach agus díreach ar bhochtaineacht leanaí (i.e. méadú ar thairseacha na hÍocaíochta Teaghlach Aontuismitheora, méadú ar an neamhaird ar thuillimh do thuismitheoirí oibre aonair a bhfuil Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora nó Íocaíocht Chuardaitheora Poist (Aistriú) á fáil acu, clár píolótach béilí teo ar scoil, clár píolótach béilí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige). Cuireadh tús freisin le hobair chun samhail de chineál DEIS do shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige a fhorbairt, a chruthóidh deiseanna breise chun an bhearna a laghdú i measc leanaí faoi mhíbhuntáiste.

Na Chead5 Tuarascail Bhliantuil ar Chur i bhFeidhm 2019

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat