English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Stáit Míchumais ar chomhdháil an AE ar an Straitéis Eorpach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030

D’fhreastail an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D., ar an bhFíschomhdháil Ardleibhéil ar an Straitéis Eorpach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 an 20 Aibreán 2021, a chuir Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach ar siúl.

Cuireadh deis ar fáil sa chomhdháil institiúidí Eorpacha, ballstáit agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar an Straitéis, a spriocanna agus na dúshláin amach romhainn.

Agus ionadaíocht á déanamh d’Éirinn i gCruinniú Comhchéime le comhghleacaithe ó Bhallstáit eile, labhair an tAire Rabbitte faoin tacaíocht a thugann Éire do Chárta Míchumais an AE, ar thionscnamh suaitheanta é faoin Straitéis.

Ag labhairt ar an ábhar, dúirt an tAire Rabbitte:

“Freagairt phraiticiúil atá i gCárta Míchumais an AE do dhul i ngleic leis na bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas atá ag gluaiseacht ar fud an Aontais. Cuireadh an clár píolótach tosaigh ar siúl in ocht dtír an AE a bhí dírithe ar limistéir an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus an iompair. Ceapaim go bhféadfadh tionscnamh dá mhacasamhail seo cabhrú go mór le tairbhí breise a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas ar fud an AE.

“Chuirfeadh cur chuige comhroinnte i leith an Chárta Míchumais ar fud an AE féidearthachtaí ar fáil láithreach a bhféadfadh nach dtiocfadh a leithéid aníos roimhe seo. Tionscadal an-spreagúil é. Tugtar le fios faoi láthair go mbeartóidh an Coimisiún Eorpach faoi dheireadh 2023 Cárta Míchumais Eorpach a chruthú a mbainfear aitheantas frithpháirteach amach dó i measc thíortha an AE a ghlacann páirt sa chóras, ar bhonn deonach.

“Trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar mhíchumas agus ar theacht ar sheirbhísí trasna ár dteorainneacha, is féidir linn tosú le bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas a bhaint. Chuirfeadh an Cárta seo fíorthairbhí ar fáil ní hamháin do shaoránaigh Éireannacha ach do na milliún saoránach ar fud an AE. Más féidir linn úsáid a bhaint as sonraí dearfacha ón tionscadal píolótach, creidim gur féidir linn cur leis an dearcadh polaitiúil a theastaíonn chun an tionscnamh seo a thabhairt chun cinn faoin Straitéis nua. Táim muiníneach go nglacfaidh Éire a páirt chun tabhairt faoin bpróiseas sin agus measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann,” a dúirt an tAire Rabbitte mar fhocal scoir.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

  • Beartaíonn Straitéis an AE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 na dúshláin éagsúla a chomhrac a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas. Tá de chuspóir aige dul chun cinn a dhéanamh i ngach limistéar de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ar leibhéal an AE agus Ballstáit araon.
  • Is é sprioc na Straitéise a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas san Eoraip, gan aird ar a ngnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, aois nó gnéaschlaonadh:

taitneamh a bhaint as a gcearta daonna,

comhdheiseanna a bheith acu,

an teacht cothrom a bheith acu chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar,

cinneadh a dhéanamh faoi cén áit agus conas a chónaíonn agus cé leis a gcónaíonn siad,

gluaiseacht gan srian san AE gan aird ar a riachtanais tacaíochta,

gan a bheith thíos le hidirdhealú a thuilleadh.

  • Tá achoimre ar an Straitéis ar fáil anseo.
  • Cuireadh an Fhíschomhdháil Ardleibhéil ar siúl mar chuid d’Uachtaránacht na Portaingéile, faoin mana “Am soláthair: téarnamh cothrom, glas agus digiteach” anseo .
  • Thit an Chomhdháil amach an 19 agus an 20 Aibreán. Mar gheall ar shrianta ba chúis le paindéim COVID-19, thit an Chomhdháil amach go cianda.
  • Ghlac institiúidí Eorpacha, ballstáit agus eagraíochtaí sochaí sibhialta páirt sa Chomhdháil i ndíospóireacht faoi na príomh-shaincheisteanna a imríonn tionchar ar shaol laethúil daoine faoi mhíchumas cosúil le inrochtaineacht, maireachtáil neamhspleách agus seirbhísí sóisialta pobalbhunaithe dírithe ar an duine, fostaíocht agus oideachas ionchuimsitheach.
  • Agus ionadaíocht á déanamh aici d’Éirinn, ghlac an tAire Rabbitte páirt i gCruinniú Comhchéime Airí an 20 Aibreán a chuaigh i ngleic go sonrach le tionscnamh suaitheanta na Straitéise chun Cárta Míchumais an AE a thabhairt isteach.
  • Mar chuid den Straitéis agus mar thionscnamh suaitheanta, chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas taisteal níos fusa idir tíortha an AE, tá córas deonach aitheantas frithpháirteach stádas míchumais agus roinnt tairbhí gaolmhara á bhforbairt ag an AE bunaithe ar chárta míchumais an AE.
  • Ní thugtar aon aitheantas frithpháirteach ar stádas míchumais faoi láthair idir Ballstáit an AE, agus cruthaíonn seo deacrachtaí do dhaoine faoi mhíchumas, mar gheall go mb’fhéidir nach n-aithneofaí a gcártaí náisiúnta míchumais i mBallstáit eile.
  • Chinnteodh Cárta Míchumais an AE go mbeadh an teacht cothrom ar shochair trasna teorainneacha ag daoine faoi mhíchumas, go príomha i limistéir an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus an iompair (mar shampla thabharfaí rochtain tosaíochta do shochair chultúir, fóillíochta, spóirt etc. agus iompair saor in aisce). Bhronnfaí aitheantas frithpháirteach ar an gcárta idir tíortha an AE a ghlacann páirt sa chóras, ar bhonn deonach.
  • Seoladh clár píolótach den chárta i bhFeabhra 2016 i ngrúpa ocht dtír an AE.
  • Tá níos mó eolais ar Chárta Míchumais an AE ar fáil anseo.