Iarratais á lorg ag an Aire Stáit O'Brien chuig an Ciste lánpháirtíochta imirceach 2023
- Foilsithe: 26 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cuirfear €500,000 ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe chun tionscadail imeasctha a chur i gcrích ag leibhéal náisiúnta, cúige nó áitiúil chun tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta
- Leithdháilfear deontais de mhéideanna suas go €20,000 ar eagraíochtaí rathúla chun tacú le tionscnaimh lánpháirtíochta
Cheadaigh an tAire Stáit do lánpháirtíocht, Joe O'Brien, maoiniú €500,000 inniu faoin gCiste Lánpháirtíochta Imirceach 2023.
Anois sa dara bliain, déanann an Ciste Lánpháirtíochta Imirceach ceiliúradh ar éagsúlacht shaibhir chultúrtha agus cuireann sé ar chumas eagraíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann ról níos mó a imirt chun tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Tá maoiniú deontais de €5,000 – €20,000 le fáil ag eagraíochtaí rathúla chun tacú le tionscnaimh lánpháirtíochta.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Stáit an tÚasal O'Brien:
"Tagann an Ciste Lánpháirtíochta Imirceach ag am tábhachtach de réir mar a chuireann pobail ar fud na hÉireann fáilte roimh dhaoine leochaileacha atá ag lorg dídine in Éirinn. Thug mé cuairt ar go leor de na tionscadail seo agus chonaic mé na tionscnaimh iontacha atá ar siúl go háitiúil, go réigiúnach agus go deimhin go náisiúnta, chun cabhrú le héagsúlacht eitneach a neartú agus a fheabhsú agus ag an am céanna tacú le daoine nua a thagann isteach le linn tréimhse an-leochaileach ina saol agus iad ag iarraidh saol nua a dhéanamh i dtír nua. Cabhróidh an ciste seo le pobail rochtain a fháil ar thacaíocht bhreise chun cabhrú leo san obair luachmhar seo de réir mar a neartaíonn agus a fhorbraíonn ceantair áitiúla ina bpobail bheoga ilchultúrtha."
Conas iarratas a chur isteach
Is é 12pm an 24 Bealtaine 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Nótaí
Tacaíonn an IPIF le caibidil 5.2.2 de na gealltanais laistigh de Pháipéar Bán chun Deireadh a chur le Soláthar Díreach agus Seirbhís Tacaíochta Cosanta Idirnáisiúnta Nua a bhunú. Sa pháipéar bán, gheall an rialtas go bhforbrófaí ciste lánpháirtíochta pobail d'iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Bunaíodh buiséad iomlán de €5 milliún agus leithdháileadh bliantúil de €500,000 le híoc amach le linn an tionscadail.
Ó bunaíodh é in 2022, thacaigh an Ciste Lánpháirtíochta Imirceach le 67 tionscadal le maoiniú deontais de €1.62 milliún san iomlán.
Aidhm na dtioscadal/gníomhaíochtaí
Tá an glao seo oscailte d'eagraíochtaí agus d'ionaid phobalbhunaithe thart ar 6 phríomhthéama chun tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta:
- fostaíocht
- teanga
- tacaíochtaí sibhialta agus dlíthiúla
- sláinte agus folláine
- feasacht idirchultúrtha
- Leanaí agus daoine óga
Tabharfar tosaíocht speisialta do thionscadail a thacaíonn leis na cuspóirí seo a leanas i mbliana agus is féidir leo marcáil bhreise a bhaint amach le linn an phróisis roghnúcháin:
- meabhairshláinte
- dlúthpháirtíocht tríd an spórt
- lánpháirtíocht
Ós rud é go bhfuil sé i gceist leis an gCiste seo tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, lena n-áirítear daoine fásta agus leanaí araon, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh iarratasóirí IP mar phríomhghrúpa do gach aighneacht. Cé go bhféadfadh daoine aonair eile leas a bhaint as an tionscadal, ní mór d'iarratasóirí IP formhór mór na rannpháirtithe i dtionscadal a chuimsiú.
Tugtar breac-chuntas sa tábla thíos ar shainmhínithe ar iarratasóirí IP, tairbhithe cosanta sealadaí, agus dídeanaithe cláir.