Infheistíocht thar cuimse i míchumas agus i leanaí agus pacáiste iomlán os cionn €7 billiún fógartha ag an Aire Foley agus ag an Aire Naughton i gCáinaisnéis 2026
- Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Deireadh Fómhair 2025
- €3.8 billiún faighte chun seirbhísí míchumais a chur ar fáil i gcomhpháirtíocht le FSS, sin méadú 20%, figiúr nach bhfacthas riamh cheana
- Leis an infheistíocht €1.48 billiún i Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí laghdófar na costais ar theaghlaigh agus méadófar na tacaíochtaí do bhaill foirne agus do sholáthraithe
- Faigheann Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, buiséad méadaithe de €165 milliún chun leanúint ar aghaidh ag cur seirbhísí ríthábhachtacha leasa leanaí agus tacaíochta teaghlaigh ar fáil, rud a chiallaíonn go bhfuil maoiniú iomlán d’os cionn €1.3 billiún acu.
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Hildegarde Naughton, pacáiste Cáinaisnéise 2026 a thacaíonn le soláthar seirbhísí a chuirfidh saol níos fearr ar fáil do leanaí, do dhaoine faoi mhíchumas, agus do dhaoine eile a bhfuil deacrachtaí acu le neamhionannas nó le hidirdhealú.
I gCáinaisnéis na bliana seo, leithdháileadh os cionn €3.8 billiún do chúrsaí Míchumais, díreach os cionn leath den mhaoiniú uile a leithdháileadh don Roinn.
Leithdháileadh €1.48 billiún eile ar mhaoiniú don Luathfhoghlaim agus do Chúram Leanaí i gCáinaisnéis 2026.
Seasann an leithdháileadh do Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, ag €1.336 billiún. Ciallaíonn sé sin gur leithdháileadh €7.04 billiún ar an iomlán don Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i gCáinaisnéis 2026, méadú 15% ar Cháinaisnéis 2025.
Dúirt an tAire Foley:
"Is é an príomhfhócas domsa i gCáinaisnéis 2026 ná dul chun cinn a dhéanamh maidir le mór-athrú a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, athrú a gealladh sa Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas, a foilsíodh le déanaí. Is é an jab atá againn feabhas a chur ar a saol, agus sinn ag oibriú i dtreo sochaí ina bhfuil guth comhionann, gníomhartha comhionanna agus todhchaí chomhionann ag gach duine.
Leis an gCáinaisnéis seo déantar dul chun cinn tábhachtach freisin maidir le costas na luathfhoghlama agus cúraim do theaghlaigh a laghdú agus tacaíocht á tabhairt d’oideoirí luathbhlianta agus do sholáthraithe chun seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar do leanaí.
Tá maoiniú breise ar fáil chomh maith chun tacú leis an obair thábhachtach a dhéanann Tusla maidir le leas leanaí agus cosaint leanaí.
Leis an maoiniú méadaithe seo i gCáinaisnéis 2026 soláthrófar seirbhísí ríthábhachtacha a dhéanann difear fiúntach do shaol leanaí, daoine faoi mhíchumas, agus grúpaí leochaileacha a dteastaíonn tacaíocht uathu.”
Dúirt an tAire Naughton:
“Nuair a thosaigh téarma oifige an Rialtais seo i mí Eanáir seo caite, gheallamar mór-athrú maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus dá dteaghlaigh. Is é Cáinaisnéis 2026 an chéad chéim chun an mhian sin a chur i gcrích. Cuirfear thart ar €3.83 billiún ar fáil le haghaidh sainseirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas an bhliain seo chugainn, méadú €618 milliún nach bhfacthas a leithéid riamh, nó beagnach 20%. Beidh an Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas, straitéis a foilsíodh beagán níos mó ná mí ó shin, ina treoirphlean dár gcinntí caiteachais. Mar Rialtas creidimid gur cheart do dhaoine faoi mhíchumas a bheith in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí cuí, ag an am cuí, agus laistigh dá bpobal féin. Is é Cáinaisnéis 2026 an chéad chéim chun é sin a bhaint amach.”
Leithdháilfear an sciar is mó de mhaoiniú i gcáinaisnéis na bliana seo do sheirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, réimse ina bhfuil mór-athrú geallta ag an Rialtas.
Le €2.21 billiún den mhaoiniú a fuarthas beidh an Roinn in ann seirbhísí cónaithe a sholáthar do níos mó ná 9,000 duine faoi mhíchumas, rud a chuirfidh ar a gcumas maireachtáil go neamhspleách, a oiread agus is féidir, ina bpobail áitiúla féin.
Tá méadú déanta sa Cháinaisnéis seo ar an maoiniú faoisimh lae agus oíche atá ar fáil chun tacú le daoine faoi mhíchumas agus lena dteaghlaigh chun níos mó ná 10,000 oíche bhreise agus 15,000 seisiún lae breise a chur ar fáil. Ina theannta sin, cuirfear maoiniú ar fáil chun seirbhísí comhroinnte baile a mhéadú mar rogha faoisimh inmharthana.
Tá €10 milliún de mhaoiniú slánaithe chun tacú le haistriú daoine faoi bhun 65 bliain d’aois, atá ina gcónaí faoi láthair i dtithe altranais, agus €3 milliún breise chun leanúint le foirne néara-athshlánúcháin pobail a fhorbairt agus a mhéadú.
Méadófar ar sheirbhísí lae le haghaidh níos mó ná 22,000 duine faoi mhíchumas i gCáinaisnéis 2026, le €24.5 milliún breise chun thart ar 1,400 spás nua a chur ar fáil do scoláirí faoi mhíchumas atá ag fágáil na scoile. Le Cáinaisnéis 2026 ligfear, den chéad uair, do chohórt de thart ar 50 duine fásta Seirbhísí Lae a fháil chomh maith. De ghnáth cuirtear Seirbhísí Lae ar fáil dóibh siúd atá ag fágáil na scoile nó dóibh siúd atá ag críochnú oiliúint athshlánúcháin, agus mar sin tá an t-athrú nua seo tábhachtach toisc go dtugann sé roghanna do dhaoine níos déanaí ina saol agus de réir mar a athraíonn a gcúinsí agus a mianta. Áirítear orthu siúd daoine a bhféadfaí iad a fhágáil faoi mhíchumas.
Ina theannta sin, le cáinaisnéis na bliana seo cinnteofar gur féidir le 10,000 duine 5.5 milliún uair an chloig de Chúnamh Pearsanta nó Tacaíocht Bhaile a fháil.
Tacófar le suas le 40,000 ball foirne in FSS agus in eagraíochtaí pobail agus deonacha agus iad ag obair ina róil ríthábhachtacha. Tá maoiniú slánaithe le haghaidh méadú pá do bhaill foirne i ngníomhaireachtaí Alt 39 agus in eagraíochtaí deonacha eile arna gclúdach ag an gcomhaontú pá a rinneadh le déanaí ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Trí infheistíocht i seirbhísí do leanaí faoi mhíchumas cuirfear seirbhísí teiripe agus saintacaíochtaí eile ar fáil do thart ar 45,000 leanbh trí Fhoirne an Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas, a bhuí le níos mó ná 2,000 ball foirne tiomanta. Tá maoiniú buiséid faighte chun 150 ball foirne breise a earcú le haghaidh Fhoirne an Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas.
Chomh maith leis sin cuirfear maoiniú €20 milliún ar fáil chun leanúint ar aghaidh le tacaíocht do Thionscnamh an Liosta Feithimh Spriocdhírithe chun Riachtanais a Mheasúnú trí suas le 6,500 measúnú cliniciúil a sholáthar.
Tá an Rialtas tiomanta do rochtain ar luathfhoghlaim agus cúram leanaí inacmhainne agus ardchaighdeáin a chinntiú, le hinfheistíocht €1.48 billiún sa cháinaisnéis seo chun cur leis an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas.
Maoineofar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, ina bhfuil níos mó ná 250,000 leanbh cláraithe faoi láthair, chun tacú le 35,000 leanbh breise an bhliain seo chugainn, arb ionann é sin agus méadú 14% ar na leanaí a bhaineann leas aisti.
Tháinig laghdú 36% ar chostais as póca na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí ó 2022. Le leithdháileadh an Bhunmhaoinithe in 2026 cinnteofar go bhfanfaidh táillí ag leibhéil 2021 d’fhormhór na soláthraithe. Chomh maith leis sin, beidh uasteorainn nua curtha i bhfeidhm chun costais a laghdú do theaghlaigh a íocann na táillí is airde ar fud na tíre, rud a chuirfidh leis an dul chun cinn atá déanta sa réimse seo le déanaí. Fógrófar tuilleadh sonraí faoi uasteorainn na dtáillí sna míonna amach romhainn.
Tacóidh leithdháileadh 2026 le haghaidh Bunmhaoinithe le cur chun feidhme na nOrduithe Rialaithe Fostaíochta (ERO) a fógraíodh le déanaí freisin – agus tiocfaidh méadú 10% ar an ráta íosta pá d’oideoirí ón 13 Deireadh Fómhair mar thoradh air sin.
Tá sé beartaithe tacú le méaduithe pá breise do bhaill foirne san earnáil trí mhaoiniú imfhálaithe a chur ar fáil in 2026 chun tacú le hordú rialaithe fostaíochta nua, ag brath ar chur is cúiteamh an Chomhchoiste Oibreachais neamhspleách.
Beidh sin uile ina chuid den Phlean Gníomhaíochta nua maidir le Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí, atá le foilsiú sna seachtainí amach romhainn.
Sa Cháinaisnéis seo cuirtear maoiniú breise ar fáil do Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, atá freagrach as cuid de na leanaí is leochailí inár sochaí a chosaint agus as tacú leo.
I ndiaidh Cháinaisnéis 2026, is ionann maoiniú foriomlán Tusla agus €1.371 billiún, nó méadú 14% ar a bhuiséad in 2025. Leis an airgead sin cinnteofar go mbeidh Tusla in ann leanúint ar aghaidh ag bainistiú níos mó ná 100,000 atreorú gach bliain, agus é ag gníomhú nuair is gá chun tacú leis na mílte leanaí agus teaghlach ar fud na hÉireann.
Bainfidh Tusla úsáid as an leithdháileadh sin chomh maith chun leanúint d’infheistíocht i dtimpeallachtaí teaghlaigh sábháilte a chur ar fáil do leanaí leochaileacha agus cuirfidh an maoiniú sin tacaíochtaí feabhsaithe ar fáil, amhail cosc ar chliseadh socrúcháin.
Tá sé beartaithe ag Tusla freisin €286 milliún a infheistiú i méadú cúraim chónaithe, agus méid na socrúchán do leanaí atá i ngátar ag méadú go níos mó ná 800 an bhliain seo chugainn. Cuirtear €6 milliún de mhaoiniú nua ar fáil i gCáinaisnéis 2026 le haghaidh cláir agus urraíocht do chúrsaí printíseachta “saothraigh agus foghlaim” in obair shóisialta agus in obair chúraim shóisialta. Leis sin méadófar ar líon na n-oibrithe sóisialta agus na n-oibrithe cúraim shóisialta in Tusla go níos mó ná 3,200.
Tá €26 milliún ann i gCáinaisnéis 2026 le cinntiú gur féidir an 26 leaba cúraim speisialta uile a oscailt agus a chur ar fáil do leanaí leochaileacha roimh dheireadh 2026. Leis an infheistíocht sin éascófar é sin trí ghráid foirne cúraim speisialta nua, tionscnaimh folláine foirne agus tacaíochtaí cúraim speisialta teiripeacha a mhaoiniú in 2026.
Tá maoiniú faighte freisin chun an tseirbhís náisiúnta Caomhnóirí ad litem a athchóiriú. Imríonn Caomhnóirí ad litem ról ríthábhachtach chun dearcthaí na leanaí in imeachtaí cúraim a bhailiú agus moltaí a dhéanamh don chúirt maidir lena leas.
Tá Caomhnóir ad litem ceaptha ag thart ar 3,500 leanbh faoi láthair in imeachtaí cúraim. Leis an maoiniú sin beidh an tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem nua in ann níos mó ná 65 Caomhnóir ad litem a cheapadh, lena gcinnteofar go dtacófar le guthanna agus cearta leanaí ag gach céim de chóras freagrúil agus freagrach in imeachtaí cúraim.
Tá maoiniú á leithdháileadh chun straitéisí náisiúnta comhionannais a chur chun feidhme agus chun tacú le cláir arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáistí ban agus cailíní, an Lucht Siúil agus na Romach agus daoine LADTIA+. Áirítear leis sin maoiniú le haghaidh comhionannais, cearta agus rannpháirtíocht leanaí agus na hóige le linn Uachtaránacht AE na hÉireann in 2026.
Tá Éire ina ceannaire domhanda maidir le rannpháirtíocht leanaí agus na hóige. Leis an maoiniú atá faighte le haghaidh 2026 beidh leanaí agus daoine óga ar fud na hÉireann in ann a dtuairimí a chur in iúl maidir le príomhchinntí a théann i bhfeidhm orthu. Beidh maoiniú ar fáil freisin le haird a tharraingt ar an gceart atá ag gach leanbh taitneamh a bhaint as súgradh agus áineas, cé acu leanaí beaga, leanaí bunscoile nó déagóirí, agus tacófar leis an gceart sin chomh maith.
Chríochnaigh an tAire Foley ag rá:
“Tá an Roinn seo freagrach as soláthar i dtrí réimse tosaíochta ar leith de chuid an Rialtais – Seirbhísí Cosanta Leanaí agus Tacaíochta do Theaghlaigh de chuid Tusla, Seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí, agus Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas. Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn na seirbhísí sin uathu agus cuideoidh Cáinaisnéis 2026 linn na seirbhísí a sholáthar dóibh.
Le níos mó ná €7 billiún le caitheamh an bhliain seo chugainn, leanfaimid ar aghaidh ag déanamh ár ndícheall difear fiúntach a dhéanamh do shaol na ndaoine go léir a bhfreastalaímid orthu.”
Nótaí don Eagarthóir
Míchumas
- Le €2.21 billiún den mhaoiniú a fuarthas beidh an Roinn in ann seirbhísí cónaithe a sholáthar do níos mó ná 9,000 duine faoi mhíchumas, rud a chuirfidh ar a gcumas maireachtáil go neamhspleách, a oiread agus is féidir, ina bpobail áitiúla féin.
- Buiséad chun níos mó ná 10,000 oíche faoisimh bhreise agus 15,000 seisiún lae faoisimh breise a chur ar fáil. Ina theannta sin, cuirfear maoiniú ar fáil chun seirbhísí comhroinnte baile a mhéadú mar rogha faoisimh inmharthana.
- Tá €10 milliún de mhaoiniú faighte chun tacú le haistriú daoine faoi bhun 65 bliain d’aois, atá ina gcónaí faoi láthair i dtithe altranais.
- Méadófar ar sheirbhísí lae le haghaidh níos mó ná 22,000 duine faoi mhíchumas i gCáinaisnéis 2026, le €24.5 milliún breise chun thart ar 1,400 spás nua a chur ar fáil do scoláirí faoi mhíchumas atá ag fágáil na scoile.
- Trí infheistíocht i seirbhísí do leanaí faoi mhíchumas cuirfear seirbhísí teiripe agus saintacaíochtaí, seirbhísí teiripe san áireamh, eile ar fáil do thart ar 45,000 leanbh trí Fhoirne an Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas, a bhuí le níos mó ná 2,000 ball foirne tiomanta.
- Tá maoiniú buiséid faighte chun 150 ball foirne breise a earcú le haghaidh Fhoirne an Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas.
- Chomh maith leis sin cuirfear maoiniú €20 milliún ar fáil chun leanúint ar aghaidh le tacaíocht do Thionscnamh an Liosta Feithimh Spriocdhírithe chun Riachtanais a Mheasúnú trí suas le 6,500 measúnú cliniciúil a sholáthar.
Cúram Leanaí
Méadófar ar an leithdháileadh le haghaidh na Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí go €1.48 billiún, méadú €125 milliún nó 9%. In 2026, cinnteofar an méid a leanas leis sin:
- Baineann níos mó ná 286,000 leanbh aonair tairbhe as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, méadú de thart ar 35,000 leanbh nó 14% le linn 2025.
- Baineann níos mó ná 105,000 leanbh tairbhe as an gclár comhchoiteann um Chúram agus Oideachas Luath-óige (ECCE).
- Is féidir le thart ar 8,400 leanbh faoi mhíchumas rochtain a fháil ar ECCE agus páirt fhiúntach a ghlacadh sa chlár tríd an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) agus cinntítear leathadh iomlán AIM do leanaí in aois ECCE thar an am a chaitear i gclár ECCE (le linn an téarma agus lasmuigh de), chomh maith le méadú 10% ar an ráta caipitíochta do AIM Leibhéal 7, a thabharfar isteach ó Dheireadh Fómhair 2025.
Tacóidh sé leis an méid a leanas freisin:
- Cur chun feidhme leanúnach an cheathrú bliain de Bhunmhaoiniú agus tabhairt isteach feabhsuithe le linn bhliain 5 na scéime, lena n-áirítear fás acmhainne 4.2%, táillí a choinneáil ag leibhéil 2021 d’fhormhór na soláthraithe agus laghduithe breise ar uasteorainn na dtáillí seachtainiúla. Trí Bhunmhaoiniú tacófar freisin le pá feabhsaithe d’oideoirí agus do chleachtóirí cúraim leanaí atá in aois scoile trí Orduithe Rialaithe Fostaíochta 2025 agus orduithe breise in 2026 a chur chun feidhme.
- Rolladh amach leanúnach Bhlianta 2 agus 3 de bhearta ‘Tús Cothrom’, lena n-áirítear tacaíochtaí soláthair foirne, tacaíochtaí maidir le rannpháirtíocht leanaí an Lucht Siúil agus Romacha sa luathfhoghlaim agus i gcúram leanaí, agus moilliú spriocdhírithe ó thaobh teanga de (Early Talk Boost) agus bearta litearthachta (Mo Leabharlann Bheag).
- Mar chuid de Thús Cothrom, tacaíocht i rith na bliana don Chlár Cothúcháin Réamhscoile Bia Blasta a tugadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2025, chomh maith le forbairt agus rolladh amach oiliúint an Chomhordaitheora Comhpháirtíochta Pobail do Theaghlaigh, agus forbairt agus soláthar treoirlínte agus oiliúna nuashonraithe maidir le hÉagsúlacht, Comhionannas agus Ionchuimsiú.
Cosaint agus Folláine Leanaí
- €1.336 billiún a bheidh sa mhaoiniú iomlán do Tusla i gCáinaisnéis 2026, sa bhreis ar €35 milliún de mhaoiniú caipitil.
- Le maoiniú €286 milliún i gCáinaisnéis 2026 méadófar ar mhéid na socrúchán cúraim chónaithe do leanaí i ngátar go 800 in 2026. Leis sin méadófar ar acmhainn agus laghdófar ar úsáid Socraíochtaí Éigeandála Speisialta (SEAanna) daora. Bainfear úsáid as €152 milliún de mhaoiniú chun acmhainn cúraim altrama a chothabháil agus a mhéadú agus an clár piarthacaíochta do chúramóirí altrama agus foirne earcaíochta cúraim altrama a leathadh.
- Tá €8.5 milliún i gCáinaisnéis 2026 leithdháilte chun cláir phrintíseachta leanúnacha in obair shóisialta agus in obair chúraim shóisialta a leathnú. Ciallaíonn sé sin go n-earcófar 50 printíseach oibre sóisialta breise agus 100 printíseach oibre cúraim shóisialta breise i mí Mheán Fómhair 2026.
- Déanfar €26 milliún a infheistiú i ngráid foirne cúraim speisialta nua, i dtionscnaimh folláine foirne agus i dtacaíochtaí cúraim speisialta teiripeacha. Leis sin ba cheart go mbeadh Tusla in ann an líon iomlán den 26 leaba cúraim speisialta a chur ar fáil roimh dheireadh 2026.
- Le maoiniú breise €3.2 milliún i gCáinaisnéis 2026 méadófar ar an mbonnlíne mhaoinithe le haghaidh gach ceann den 126 FRC suas le €180,000 in aghaidh na bliana agus cuirfear deich lárionad nua ar bun. Sin méadú €20,000 (12.5%) ar an mbonnlíne mhaoinithe reatha €160,000.
An tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem
- Bunaithe ar chreata dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, seoladh an tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem i mí an Mheithimh 2025, i ndiaidh comhairliúchán cuimsitheach agus forbairt reachtaíochta faoin Acht um Chúram Leanaí (Leasú) 2022.
- Leis an maoiniú beifear in ann níos mó ná 65 Caomhnóir ad litem (GALanna) a cheapadh. Oibreoidh na GALanna sin ar son thart ar 3,500 leanbh a bhfuil Caomhnóir ad litem socraithe dóibh faoi láthair in imeachtaí cúraim.
- Tugann an tSeirbhís caighdeáin náisiúnta shoiléire isteach, chomh maith le cleachtas comhsheasmhach agus rochtain thráthúil ar Chaomhnóir ad litem nuair a ordaíonn na cúirteanna é.
Comhionannas / Rannpháirtíocht
- Le maoiniú €2 mhilliún feabhsaítear saol na ndaoine LADTIA+ in Éirinn trí thacú le cur chun feidhme gníomhartha faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú LADTIA+ II, 2024-2028. Áirítear leis sin tacaíocht d’eagraíochtaí sochaí sibhialta LADTIA+ le méadú 6% ar mhaoiniú do Chiste Seirbhísí Pobail LADTIA+ 2026.
- Leithdháileadh €6.8 milliún freisin chun Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach II, 2024-2028. Áirítear leis sin maoiniú do thionscnaimh nua chun tacú leis an Lucht Siúil san oideachas agus fostaíocht agus chun cultúr agus oidhreacht an Lucht Siúil agus na Romach a cheiliúradh.
- Tá maoiniú á leithdháileadh chun comhionannas ban agus cailíní a chur chun cinn. Áirítear leis sin maoiniú chun an comharba ar an Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní a chur chun feidhme. Áirítear le tionscnaimh nua oscailt thairseach na bearna pá idir na ina dtuairisceoidh cuideachtaí a mbearna phá idir na hinscní.
- Tá maoiniú á chur ar fáil chun an clár náisiúnta um rannpháirtíocht leanaí agus na hóige a oibriú. Leis sin beidh sé níos éasca do leanaí agus do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcinntí a théann i bhfeidhm ar a saol. Tacófar chomh maith le ceart gach linbh agus gach duine óig taitneamh a bhaint as súgradh agus áineas trí thionscadail spriocdhírithe ina mbíonn a n-ionchur díreach de dhíth nuair a bhíonn spásanna agus áiseanna á bpleanáil.
- Tá €10.5 milliún á chur ar fáil do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas le go leanfaidh sé lena chuid oibre chun bonneagar cearta náisiúnta na hÉireann a chothabháil.