Pléimis na Luathbhlianta: Seolann an tAire Foley an Comhrá Náisiúnta ar Oideachas – na Chéad Chúig Bliana agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pléimis na Luathbhlianta: Seolann an tAire Foley an Comhrá Náisiúnta ar Oideachas – na Chéad Chúig Bliana agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile

Sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, suirbhé ar líne do thuismitheoirí, oideoirí luathbhlianta, soláthraithe agus páirtithe leasmhara eile inniu mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas.

Sa suirbhé 12 cheist, scrúdófar na príomhthosaíochtaí maidir le luathfhoghlaim agus cúram, cúram leanaí in aois scoile agus feighlíocht leanaí, cad ba cheart a athrú nó a choinneáil, agus conas na suíomhanna seo a fheabhsú do naíonáin, do leanaí óga agus do dhaoine óga.

Scrúdófar sa suirbhé ar líne ról na luathfhoghlama agus cúraim agus cúraim leanaí in aois scoile sa chóras oideachais mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas i gcoitinne, ag obair i gcomhar leis an suirbhé reatha de chuid na Roinne Oideachais agus Óige ina ndírítear ar scoileanna.

I ndiaidh an tsuirbhé ar líne, beidh imeachtaí comhairliúcháin áitiúla ar fud na tíre ag deireadh mí Aibreáin nó ag tús mhí na Bealtaine. An chéim dheiridh a bheidh leis an bpróiseas ná imeacht náisiúnta comhairliúcháin sa samhradh chun na guthanna uile a thabhairt le chéile.

Déanfaidh an suirbhé eolas do Chéim 2 de An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta. Cuideoidh sé le forbairt na straitéise a leanfaidh Na Chéad 5, is í sin Straitéis Uile-Rialtais na hÉireann do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh idir 2019-2028, freisin.

Seoladh an suirbhé ar líne inniu, agus is féidir teacht air trí gov.ie anseo.

Dúirt an tAire Foley:

"Má éiríonn linn an ceart a dhéanamh le leanaí ón tús, is féidir linn é a dhéanamh leis an tsochaí. Tá an luath-óige ríthábhachtach mar an chéad chéim in aistear oideachais leanaí. Ón nóiméad a thagann leanaí ar an saol, bíonn siad ag foghlaim.

"Tá ról lárnach ag suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim agus cúraim leanaí in aois scoile chun tacú le foghlaim, forbairt agus folláine leanaí ina luathbhlianta, agus cuireann siad le ról lárnach tuismitheoirí, pobal agus scoileanna.

“Má tá sé le bheith éifeachtach agus chun tionchar a imirt, ní mór don Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas saolré na foghlama a chur san áireamh – idir na luathbhlianta agus an bhunscoil agus an iar-bhunscoil agus an breisoideachas agus an t-ardoideachas agus ar feadh na haosachta.

“Beidh dearcthaí cuimsitheacha agus éagsúla ar an oideachas mar chuid den suirbhé seo agus mar chuid de na comhairliúcháin áitiúla atá le teacht. Mar aon leis an bhFóram Náisiúnta chun an Todhchaí a Mhúnlú an samhradh seo, déanfaidh an suirbhé eolas do Chéim 2 den Phlean Gníomhaíochta Luathbhlianta.

“Beidh tionchar ag guth leanaí óga ar an bpróiseas comhairliúcháin trí réimse meicníochtaí freisin.”

Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí, oideoirí luathbhlianta, cleachtóirí cúraim leanaí in aois scoile, feighlithe leanaí, soláthraithe, agus rompu siúd ar fad a bhfuil suim acu i dtodhchaí na luathfhoghlama agus cúraim agus cúraim leanaí in aois scoile a dtuairimí a roinnt.

Is féidir le haon duine in Éirinn páirt a ghlacadh sna bealaí a leanas:

  • An suirbhé a chur i gcrích
  • An chomhrá féin a reáchtáil i do sheirbhís luathfhoghlama agus cúraim áitiúil nó i do sheirbhís cúraim leanaí in aois scoile nó i ngrúpa eile agus freagra grúpa a chur isteach ar an suirbhé, lena n-áirítear sonraí an ghrúpa. Tá treoir chomhrá ar fáil chun tacú leat leis sin.
  • Páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí comhairliúcháin áitiúla ar fud na tíre ag deireadh mhí Aibreáin nó ag tús mhí na Bealtaine. Is féidir leat a bheith ar an eolas fúthu sin tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Comhairliúchán Poiblí

Cabhróidh próiseas leathan comhairliúcháin phoiblí le forbairt Chéim 2 de An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta chomh maith leis an straitéis a thiocfaidh i ndiaidh Na Chéad 5.

Beidh cúig chéim i gceist leis:

  • Suirbhé ar líne atá mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas. Díríonn an suirbhé seo atá á sheoladh inniu ar ról na luathfhoghlama agus cúraim agus cúraim leanaí in aois scoile laistigh de chóras oideachais na hÉireann, a chuireann leis an suirbhé a sheol an Roinn Oideachais agus Óige i mí Eanáir.
  • Suirbhé ar shampla ionadaíoch náisiúnta de thuismitheoirí agus cleachtadh comhairliúcháin le leanaí agus daoine óga.
  • Imeachtaí comhairliúcháin áitiúla a bheidh ar siúl ag deireadh mhí Aibreáin nó ag tús mhí na Bealtaine agus a eagrófar i gcomhar le Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí.
  • Imeacht comhairliúcháin náisiúnta a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh: Fóram Náisiúnta An Todhchaí a Mhúnlú: Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo.

An Todhchaí a Mhúnlú

Leagtar amach in An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta pleananna chun príomhghealltanais Chlár an Rialtais maidir le hinacmhainneacht, cáilíocht, agus inrochtaineacht luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus cúraim leanaí in aois scoile a bhaint amach. Glactar cur chuige céimnithe sa Phlean Gníomhaíochta le go bhféadfar gníomhú in 2026 agus, ag an am céanna, le go mbeidh am leordhóthanach ann chun comhairliúchán leathan poiblí a chur i gcrích maidir le gníomhartha níos fadtréimhsí.

Is iad cuspóirí An Todhchaí a Mhúnlú ná:

  • Táillí tuismitheoirí a laghdú go dtí €200 ar a mhéad in aghaidh na míosa i rith shaolré an Rialtais, trí fhorbairt a dhéanamh ar mheascán d’fhóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí agus de bhearta rialaithe táillí sa Bhunmhaoiniú.
  • Soláthar áiteanna a mhéadú, maoiniú soláthair a neartú chun tacú le hinbhuanaitheacht seirbhísí agus pá foirne, agus áiseanna faoi stiúir an Stáit a thabhairt isteach chun bearta eile a chomhlánú chun acmhainn a mhéadú.
  • Deiseanna a leathnú do leanaí faoi mhíchumas, tríd an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) a leathnú chuig leanaí in aoisghrúpaí lasmuigh de chlár ECCE.
  • Cuidiú le bochtaineacht leanaí a laghdú, leanúint den chlár Tús Cothrom a chur i bhfeidhm, agus na fóirdheontais do theaghlaigh ar ioncam íseal a fheabhsú.
  • Feabhas a chur ar cháilíocht an tsoláthair, go háirithe trí bhearta chun tacú le pá, dálaí oibre agus forbairt ghairmiúil an lucht saothair.

Céim 1

Sa tuarascáil ar Chéim 1 a foilsíodh i mí na Nollag seo caite, déantar cur síos ar na gníomhartha faoina dtabharfar in 2026. Cuireann na gníomhartha gearrthéarmacha i gCéim 1 le hathchóirithe a rinneadh le déanaí ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus ar an mBunmhaoiniú, agus úsáideann siad sásraí beartais atá ann cheana féin chun inacmhainneacht, rochtain agus cáilíocht a neartú. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Céim 2

Tabharfar faoi ghníomhartha Chéim 2 idir 2027 agus deireadh 2029. Sula bhféadfar gníomhartha Chéim 2 a shonrú, beidh comhairliúchán poiblí leathan ar siúl sa chéad leath de 2026, i gcomhréir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais. Foilseofar gníomhartha Chéim 2 ansin i R2 2026. Déanfar bailiú sonraí agus anailís bhreise freisin chun eolas a dhéanamh dá bhforbairt.

Tá gá le comhairliúchán poiblí leathan mar gheall ar chineál agus scála na n-athchóirithe atá á mbreithniú sa mheántéarma, faoi Chlár an Rialtais. I measc bearta eile, áireofar i ngníomhartha Chéim 2 treochlár chun:

  • Táillí tuismitheoirí a laghdú go dtí €200 ar a mhéad in aghaidh na míosa i rith shaolré an Rialtais.
  • Cur leis an mbainistíocht phoiblí fheabhsaithe a sholáthraíonn Bunmhaoiniú chun inbhuanaitheacht soláthraithe agus luach ar airgead don Státchiste a chinntiú, rud a sholáthraíonn margadh cothrom do sholáthraithe agus don Stát araon. Áireofar leis sin a chinntiú go dtacaítear leis na soláthraithe uile a mhaoinítear go poiblí chun páirt a ghlacadh sa Bhunmhaoiniú.
  • Leibhéil táillí a chaighdeánú idir seirbhísí.

Na Chéad 5

Is straitéis deich mbliana uile-rialtais í Na Chéad 5 chun saolta naíonán, leanaí óga agus a dteaghlach a fheabhsú, agus cumhdaíonn sí an tréimhse 2019-2028. Tá Na Chéad 5 tiomanta do mhórthionscnaimh maidir le saoire teaghlaigh, seirbhísí sláinte leanaí, tacaíochtaí tuismitheoireachta, pobail atá oiriúnach do leanaí agus seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim i measc réimse leathan gníomhartha. Tá sé d’aidhm ag Na Chéad 5 cabhrú lena chinntiú go mbíonn luath-eispéiris dhearfacha ag gach leanbh, agus go gcabhraítear go mór leo ag dul i gceann an tsaoil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat