English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Lorgaíonn an tAire Rabbitte Léirithe Spéise chun Cathaoirleacht a dhéanamh ar Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Míchumais na hÉireann

Thug an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, TD, cuireadh inniu do pháirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh chun Cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcéad Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Míchumais (DSG) eile. Is é seo an séú DSG agus cuirfidh sé tús lena chuid oibre i mí Eanáir 2022.

Tá ról tábhachtach ag an DSG i monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais 2017-2022 (NDIS). Is é an NDIS an príomhchreat trasrannach do bheartas agus do ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas ar fud na hÉireann. Trína cuid gníomhaíochtaí, tacaíonn an Straitéis le dul chun cinn éifeachtach maidir le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) a chur i bhfeidhm.

Is féidir le páirtithe leasmhara léiriú spéise a chur isteach tríd an bhfoirm atá ar fáil anseo (Aistriúchán Gaeilge ar fáil ar ball) a chomhlánú agus d’fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig disability_policy@equality.gov.ie.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil 3pm Dé Luain, an 13 Nollaig 2021. Tá tuilleadh faisnéise faoin DSG, ról an Chathaoirligh agus conas an fhoirm léirithe spéise a chomhlánú le fáil anseo (Aistriúchán Gaeilge ar fáil ar ball)

Ag fógairt an chuireadh dó léirithe spéise do ról an Chathaoirligh, dúirt an tAire Rabbitte:

“Mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais, tá taithí agam féin ar thionchar an Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Míchumais. Is post tábhachtach é ról Chathaoirleach DSG a chinntíonn go n-oibríonn an Grúpa Páirtithe Leasmhara Míchumais go comhoibritheach, go huile agus go tacúil lena chinntiú go n-ardaítear príomhcheisteanna i gcruinnithe na Roinne agus na ngrúpaí stiúrtha chun straitéisí agus beartais míchumais na hÉireann a mheas go criticiúil, monatóireacht neamhspleách a dhéanamh orthu agus dul chun cinn go héifeachtach. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an gcéad Chathaoirleach DSG eile le linn tréimhse a bheidh ríthábhachtach i dturas na hÉireann chun cearta daoine faoi mhíchumas a bhaint amach a thuilleadh."


Nótaí don Eagarthóir:

• Tá cóipeanna den NDIS agus den Athbhreithniú Lár Téarma ar fáil anseo.

• Is í an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais (NDIS) 2017 - 2022 (leathnaíodh an NDIS le rith ar feadh bliana breise) an príomhchreat le haghaidh beartais agus gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas. Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an phríomh-roinn don Straitéis seo.

• Tá tuilleadh sonraí faoin nGrúpa Páirtithe Leasmhara Míchumais, lena n-áirítear an próiseas iarratais agus cáipéisí ábhartha ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.