Maoiniú €43 milliún do Thionscadail Chaipitil do dhaoine faoi Mhíchumas in 2026 fógartha ag an Aire Foley agus ag an Aire Stáit Higgins

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €43 milliún do Thionscadail Chaipitil do dhaoine faoi Mhíchumas in 2026 fógartha ag an Aire Foley agus ag an Aire Stáit Higgins

  • Cuirfidh an maoiniú tuilleadh leis an mBonneagar Caipitil Míchumais do Sheirbhísí Leanaí, Seirbhísí Lae, Seirbhísí Faoisimh agus Seirbhísí Cónaithe

D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins, maoiniú caipitil imfhálaithe €43 milliún chun tacú le Sainseirbhísí Míchumais Pobalbhunaithe in 2026.

Is ionann an infheistíocht chaipitil shuntasach seo agus méadú €16 mhilliún ar leithdháileadh 2025 agus cabhróidh sí le seirbhísí míchumais a leathnú chun freastal ar riachtanais atá ann faoi láthair agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.

Cuireann an Plean Forbartha Náisiúnta (NDP) maoiniú €278 milliún ar fáil do thionscadail Chaipitil maidir le Seirbhísí Míchumais le linn na tréimhse cúig bliana go dtí 2030. Is ionann sin agus dúbailt ar infheistíocht chaipitil i dtithe cónaithe ríthábhachtacha, i saoráidí faoisimh, i seirbhísí lae, in aonaid foirne ildisciplíneacha, agus i seirbhísí eile i gcomparáid leis an gcaiteachas sa tréimhse cúig bliana roimhe sin.

Léiríonn an infheistíocht bhreise shuntasach seo tiomantas an Rialtais do thacaíocht a thabhairt do Sheirbhísí Míchumais.

Tá sonraí faoin gcaoi a n-infheisteofar an €43 milliún leagtha amach i bPlean Caipitil FSS 2026 atá ceadaithe ag an Aire Foley. Cuirtear san áireamh sa Phlean an gealltanas atá i gClár an Rialtais agus tosaíochtaí na nAirí mar a cuireadh in iúl don FSS iad.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá ríméad orm €43 milliún d’infheistíocht chaipitil a fhógairt do sheirbhísí míchumais a bhfuil géarghá leo in 2026. Is ionann sin agus méadú suntasach €16 mhilliún i gcomparáid le 2025 agus léiríonn sé tiomantas daingean an Rialtais chun tacú le seirbhísí míchumais agus iad a leathnú. Is é 2026 an chéad bhliain de phlean infheistíochta cúig bliana a bhfuil maoiniú €278 milliún ag gabháil leis, atá faighte agam leis tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta.

I gcomhthéacs na hinfheistíochta méadaithe i Seirbhísí Míchumais, d’iarr mé ar an FSS scrúdú a dhéanamh ar roinnt tionscadal míchumais eile a d’fhéadfaí a chur leis an bPlean Caipitil. Agus é sin á dhéanamh, cuirfidh an FSS san áireamh an gá atá le cothromaíocht réigiúnach agus lena chinntiú go mbeidh meascán cuí ann ar fud réimsí seirbhíse.

Dúirt an tAire Higgins:

“Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas i gcás Seirbhísí Míchumais agus go bhforbraímid oibreacha caipitil atá ar na bacáin chun feabhas a chur ar áiseanna míchumais ar fud na tíre. Táim ag tnúth le leanúint leis an teagmháil atá againn leis an FSS chun an obair seo a chur chun cinn. Táim ag tnúth freisin le casadh le húsáideoirí seirbhíse agus soláthraithe seirbhíse chun an difríocht atá á déanamh ag na méaduithe ar mhaoiniú caipitil do shaol daoine faoi mhíchumas a fheiceáil mé féin.”

Díreofar go príomha ar fheabhas a chur ar an mbonneagar caipitil a bhaineann le Sainseirbhísí Míchumais Pobalbhunaithe chomh maith le gealltanais chonarthacha, tosaíochtaí infheistíochta agus ceanglais rialála, lena n-áirítear cláir chomhlíonta HIQA.

Díreofar maoiniú ar na Sainseirbhísí Míchumais Pobalbhunaithe seo a leanas:

  • Seirbhísí Cónaithe
  • Seirbhísí Faoisimh
  • Seirbhísí Lae
  • Seirbhísí do Leanaí
  • Néara-Athshlánúchán.

Beidh maoiniú ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar riosca bonneagair agus ar ghníomhú ar son na haeráide, agus cinnteofar go gcuirfear seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil i lóistín atá de chaighdeán rialála iomchuí. Chomh maith leis sin, leithdháilfear maoiniú ar chiste measúnaithe agus forbartha tionscnaimh tionscadail caipitil chun feabhas a chur ar na tionscadail chaipitil atá ar na bacáin do dhaoine faoi mhíchumas sna blianta amach romhainn.

Cuireadh de chúram ar an FSS straitéis ilbhliantúil a chur ar fáil do Chaipiteal Míchumais, i gcomhairle leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, chun a chinntiú go ndírítear an infheistíocht seo sa réimse is mó a bhfuil gá leis.

Díreofar sa straitéis ar cheithre phríomhcholún seirbhíse: cúram cónaithe, seirbhísí lae do dhaoine fásta faoi mhíchumas, foirne measúnaithe agus ildisciplíneacha, agus seirbhísí faoisimh cónaithe.

Nótaí don Eagarthóir

  • Seo a leanas cuid de na tionscadail a bhfuil tacaíocht á fáil dóibh chun dul chun cinn a dhéanamh in 2026.
Saoráid Cur Síos Gairid ar an Tionscadal Stádas
Teach Naomh Micheál, Ráth Eanaigh Athchóiriú agus síneadh beartaithe ar fhoirgnimh atá ann cheana féin
ag Teach Naomh Micheál, Ráth Éanaigh, Ionad Lae do Dhaoine Fásta (ADC)
Tógáil
Lána na Gráige, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath Tá suíomh nua tógála ag teastáil ón bhFoireann Líonra Míchumais Leanaí
(CDNT) chun seirbhís ilroinnte a athsholáthar agus chun cloí leis an tSamhail
Seirbhíse atá de dhíth.
Féidearthacht Deartha
Drumlin House, Muinchille, Co. an Chabháin Saoráid Seirbhíse Lae Neamhspleáiche chun tacú le daoine fásta faoi
Mhíchumas Intleachtúil trí fhoirgneamh atá ann cheana féin a thógáil as an
nua agus a athchóiriú.
Féidearthacht Deartha
Barrington Court, An Chorrchoill, Co. Chill Dara Maoin a cheannach le haghaidh Seirbhísí Cónaithe Leanúnacha do dhaoine
faoi mhíchumas
Féidearthacht Deartha
Baile na Croise, Cill Fhionnóg, Co. Loch Garman Áit chónaithe a cheannach & a athchóiriú, do Sheirbhísí Míchumais
Intleachtúil Cónaithe Loch Garman (WRIDS).
Dearadh Mionsonraithe
An tSeanchoill, Co. Chorcaí Maoin a cheannach le haghaidh Seirbhísí Cónaithe Leanúnacha do dhaoine
faoi mhíchumas
Féidearthacht Deartha
Bráithre na Carthanachta, An Bán Mór, Co. Luimnigh Oibreacha urrannaithe & Soilsithe Éigeandála agus Aláraim Dóiteáin
i gcomhar leis an gclár aistrithe pobail, faoi réir liain. Céimnithe.
Oibreacha críochnaithe ar 1 teach ag Bráithre na Carthanachta.
Tógáil
Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma Áit chónaithe nua-thógtha do dhaoine fásta (18-28 mbliana d'aois) a
bhfuil faoiseamh míchumais ag teastáil uathu.
Tógáil
Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall Tógáil a dhéanamh ar shuíomh atá faoi úinéireacht FSS chun 4
chónaitheoir a aistriú ó Ionad Cuimhneacháin Shéamais Uí Chonghaile.
Tairiscint
Baile Uí Dhúgáin, Co. Shligigh Teach a cheannach agus a athchóiriú i mBaile Uí Dhúgáin, Co. Shligigh
chun teach eile a chur in ionad an tí 2 stór atá ann cheana.
Dearadh Mionsonraithe
Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo Maoin a cheannach agus a athchóiriú le haghaidh seirbhísí faoisimh do
dhaoine faoi mhíchumas
Tairiscint

Maoiniú go dtí seo

  • Tar éis aistriú seirbhísí míchumais i mí an Mhárta 2023 ón Roinn Sláinte go dtí an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY), tá an maoiniú Caipitil Míchumais go léir arna sholáthar ag DCDE imfhálaithe go heisiach do thionscadail mhíchumais, agus é mar aidhm seirbhísí míchumais a leathnú agus a chlaochlú chun freastal ar riachtanais atá ann faoi láthair agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.​
  • Seo a leanas an leithdháileadh caipitil bliantúil ó aistríodh an fheidhm i mí an Mhárta 2023.
Bliain Leithdháileadh Buiséid
2023 €21 milliún
2024 €23 milliún
2025 €27 milliún
2026 €43 milliún
  • Mar a tharla sna blianta roimhe seo, ba é ceann de na príomhréimsí caiteachais caipitil san earnáil míchumais in 2025 ná an Clár Aistrithe Pobail: aistriú daoine ó shuíomhanna comhchónaithe go tithe cónaithe níos lú (1-4 dhuine) sa phobal i gcomhréir le “In Am Bogadh Ar Aghaidh”, beartas an Rialtais maidir le haistriú pobail.
  • Baineadh úsáid as cistí breise chun áiseanna do Sheirbhísí Leanaí, Seirbhísí Lae agus Saoráidí Faoisimh a cheannach, a thógáil agus a athchóiriú, chomh maith le haghaidh sábháilteacht dóiteáin, oibreacha beaga caipitil agus uasghráduithe bonneagair chun a chinntiú go n-oibríonn seirbhísí go sábháilte agus go gcomhlíonann siad rialacháin.​

Plan Caipitil FSS 2026

  • Léiríonn Plean Caipitil FSS 2026 na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus iad siúd atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais 2024–2026. Tá DCDE i mbun oibre leis an FSS faoi láthair chun forbairt Plean Bonneagair Straitéisigh ilbhliantúil do Sheirbhísí Míchumais a chur chun cinn le linn 2026, ina sainaithneofar na riachtanais bhonneagair mheántéarmacha do shainseirbhísí míchumais.​
  • I measc chuspóirí Phlean Caipitil FSS 2026 atá ann faoi láthair maidir le seirbhísí míchumais, tá:​
    • €43 milliún a chur ar fáil chun tacú le sainseirbhísí míchumais pobalbhunaithe.​
    • Tionscadail chaipitil do dhaoine faoi mhíchumas atá ar na bacáin a mhéadú, lena n-áirítear tionscadail a chuireann lóistín ar fáil d’fhoirne líonra míchumais, forbairt áiseanna Seirbhísí lae ar fud na tíre, feistiú tithe cónaithe agus faoisimh do dhaoine fásta agus do leanaí, agus tionscadail chónaithe eile.​
    • Lean ar aghaidh le haistriú daoine aonair ó shuíomhanna institiúideacha go seirbhísí pobalbhunaithe i gcomhréir leis an mbeartas “In Am Bogadh Ar Aghaidh ó Shuíomhanna Comhchónaithe".​
    • Teagmháil a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí tithíochta ceadaithe chun teacht ar mhaoiniú breise ón Rialtas tríd an Scéim Cúnaimh Caipitil.​
    • Soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas a chuimsiú trí lóistín a chur ar fáil d’fhoirne líonra míchumais, teiripe agus seirbhísí lae.​

Gealltanais Chlár an Rialtais

  • Cuirtear de cheangal i gClár an Rialtais ar phlean caipitil ilbhliantúil a fhorbairt le haghaidh infheistíochta i roghanna cónaithe agus maireachtála neamhspleáiche do dhaoine faoi mhíchumas.
  • Chuir an Roinn de chúram ar an FSS straitéis chaipitil ilbhliantúil do dhaoine faoi mhíchumas a fhorbairt d’fhonn eolas a dhéanamh do chur chuige níos straitéisí maidir le seachadadh bonneagair. Tá an obair maidir leis seo fós air siúl.
  • Luaigh i gClár an Rialtais freisin go leanfaidh an Rialtas de thacaíocht a thabhairt don líonra tithe faoisimh do leanaí agus do dhaoine fásta faoi mhíchumas agus de bheith ag leathnú an líonra sin. Le maoiniú caipitil cuimseofar athchóiriú agus forbairt na n-ionad faoisimh nua-aimseartha agus na mol seirbhísí lae.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat