Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leithdháileann an tAire Foley maoiniú breise chun tacú le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an réamhscoil státmhaoinithe

Inniu, d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, go gcuirfidh sí maoiniú breise ar fáil chun tacú le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an réamhscoil státmhaoinithe.

Tiocfaidh méadú 10 faoin gcéad ar an gcaipitíocht bhreise a sholáthraítear tríd an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM).

Rachaidh an méid sin chun tairbhe go díreach do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim lena dtacaítear le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar shuíomhanna réamhscoile príomhshrutha agus páirt a ghlacadh iontu.

Faoi láthair, tacaítear le thart ar 8,000 leanbh réamhscoile faoi mhíchumas tríd an leibhéal is airde de thacaíochtaí na Samhla um Rochtain agus Cuimsiú.

Is féidir le soláthraithe úsáid a bhaint as maoiniú na Samhla um Rochtain agus Cuimsiú chun laghdú a dhéanamh ar an líon leanaí ar a bhfuil siad ag freastal i seomra réamhscoile nó chun ball foirne breise a mhaoiniú.

Tá an méid sin beartaithe chun an tairbhe is mó ó mhaoiniú AIM a sholáthar do leanaí faoi mhíchumas chun a rannpháirtíocht fhiúntach sa réamhscoil lena gcuid piaraí a chinntiú.

Tairbheoidh na seirbhísí uile ag a bhfuil an chaipitíocht sin á fáil de mhéadú 10 faoin gcéad ar an gcaipitíocht ón 13 Deireadh Fómhair.

Beidh an méid sin ag teacht leis an méadú 10 faoin gcéad sna híosrátaí pá do bhreis agus 35,000 oideoir luathbhlianta agus cleachtóir in aois scoile, dá ndéantar foráil in Ordú Rialaithe Fostaíochta nua. Tagann an méid sin in éifeacht an 13 Deireadh Fómhair freisin agus tacaítear leis trí Scéim an Rialtais maidir le Croímhaoiniú.

Dúirt an tAire Foley:

“Céim mhór i dtreo pá cothrom a chinntiú d’oideoirí agus cleachtóirí atá ag obair san earnáil atá i gceist leis na moltaí nua chun méadú 10 faoin gcéad a dhéanamh an tseachtain seo chugainn, an 13 Deireadh Fómhair, ar an bpá íosta le haghaidh oideoirí luathbhlianta.

Is cúis áthais dom a fhógairt go soláthrófar an méadú 10 faoin gcéad céanna do sholáthraithe ag a bhfuil caipitíocht Leibhéal 7 á fáil faoin tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú.

Aitheantas atá ann sin ar an obair bhunriachtanach atá á déanamh gach lá ag oideoirí luathbhlianta chun timpeallachtaí ionchuimsitheacha, fáilteacha a chruthú inar féidir le gach leanbh a bheith faoi bhláth.

Léirítear leis sin ár dtiomantas leanúnach do chuimsiú agus cinntítear leis freisin go dtacaítear go cuí le soláthraithe agus oideoirí luathbhlianta chun cúram ardcháilíochta a sholáthar do gach leanbh tríd an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú.”

Ón tráth a tugadh isteach í in 2016, bhí tionchar mór ag an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú ar shaol leanaí atá faoi mhíchumas agus ag a bhfuil riachtanais bhreise sna réamhscoileanna.

Le linn an ama sin, tháinig méadú de bhreis agus 50% ar an gcion seirbhísí a bhfuil leanbh faoi mhíchumas nó ag a bhfuil riachtanais bhreise ag freastal orthu. Faoi láthair, baineann thart ar 8,000 leanbh tairbhe as an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú.

San iomlán, fuair 35,000 leanbh níos mó ná 80,000 tacaíocht spriocdhírithe i mbreis agus 4,800 seirbhís go náisiúnta ó cuireadh an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú ar bun.

Ar dtús, leis an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú, soláthraíodh tacaíochtaí do leanaí réamhscoile faoi mhíchumas le linn an Chláir Cúraim agus Oideachais Luathóige (CCOL) dhá bhliain a bhí saor in aisce agus uilíoch.

Ó mhí Mheán Fómhair anuraidh, bhí tacaíochtaí na Samhla um Rochtain agus Cuimsiú ar fáil do leanaí lasmuigh den Chlár Cúraim agus Oideachais Luathóige (CCOL), le linn an téarma agus lasmuigh de araon. Fágann sin gur féidir leo leas a bhaint as tacaíochtaí ina soláthraí áitiúil ar feadh sé huair an chloig in aghaidh an lae le linn an téarma agus sé huair an chloig lasmuigh de.

Leithdháil an Rialtas €5.4 milliún breise don tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú faoi Cháinaisnéis 2026, rud a d’fhág go bhfuil an leithdháileadh buiséid iomlán cothrom le €86.1 milliún.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat