Seolann an tAire Foley agus an tAire Higgins Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas náisiúnta ar fiú €3.5 milliún é

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Foley agus an tAire Higgins Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas náisiúnta ar fiú €3.5 milliún é

Inniu, sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins, an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas náisiúnta, ar fiú €3.5 milliún é.

Leis an gciste, tacófar le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí pobail, spóirt agus fisiciúla, gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha, fiontair shóisialta agus printíseachtaí, agus cuir chuige nuálacha le cuidiú ainmhithe maidir le hionchuimsiú agus folláine.

Leis an mbabhta is déanaí de dheontais ón gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas, soláthraíodh maoiniú le haghaidh réimse tionscadal, lena n‑áirítear clubanna canúála a oscailt le haghaidh daoine faoi mhíchumas, ceardlanna amharclannaíochta fuaime, féilte ealaíon do dhaoine faoi mhíchumas agus clár deisiúcháin cathaoireacha rothaí DFÉ.

Is féidir le carthanais agus eagraíochtaí neamhbhrabúis a oibríonn go díreach le daoine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh anois ar an mbabhta nua den Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas, ciste atá á bhainistiú ag Rethink Ireland.

Mar a dúirt an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley:

Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil an glao ar iarratais á oscailt le haghaidh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Míchumas, ar fiú €3.5 milliún é. Tá an ceart ag daoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den saol. Sin an fáth a bhfuilimid ag infheistiú i spórt inrochtana, in ealaíona ionchuimsitheacha, i bhfostaíocht fhiúntach agus i dtacaíochtaí nuálacha a dhéanfaidh an‑difear do shaol laethúil an phobail.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins:

“Agus mé ag taisteal timpeall na tíre i mo cháil mar Aire Stáit atá freagrach as Míchumas, feicim an tionchar a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas nuair a thacaítear leo páirt a ghlacadh ina bpobail. Fíordheis atá ann d’eagraíochtaí i ngach cuid den tír atá ag obair go díreach le daoine faoi mhíchumas, nó ar a son.

Dúirt Deirdre Mortell, POF Rethink Ireland, an méid seo:

“Tá an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas go díreach ar an gcineál oibre a bhfuilimid bródúil seasamh leis – réitigh phraiticiúla, faoi stiúir an phobail lena mbaintear bacainní agus lena gcruthaítear fíordheiseanna le haghaidh daoine faoi mhíchumas. A bhuí leis na tionscadail sin, tá athrú á dhéanamh ar an dóigh a smaoiníonn pobail faoi ionchuimsiú, agus tá a bhfuil indéanta á léiriú acu.”

Infheistíodh níos mó ná €13.5 milliún in 60 eagraíocht ar fud na tíre ó bhunaigh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas. Tríd sin cumasaíodh do níos mó ná 5,000 duine faoi mhíchumas páirt níos iomláine a ghlacadh ina bpobail, agus cumasaíodh do níos mó ná 150 duine fostaíocht íoctha nó printíseachtaí a fháil.

Ar na dámhachtaithe a bhí ann roimhe sin tá: Ceol‑Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath (When Forests Sing), Sorcas Pobail na Gaillimhe (Circus is for Every Body), My Canine Companion, Corcaigh (Clár Madraí Teiripe Scoile MCC), agus Seirbhísí Pobail Eoin Dé (Cóitseáil Dhigiteach – Inrochtaineacht Dhigiteach a Chur ar Aghaidh).

Tá an ciste ailínithe le Straitéis Náisiúnta na hÉireann um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030, Coinbhinsiún NA ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus Creat Folláine na hÉireann.

Nótaí don Eagarthóir:

Cuir isteach ar an gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta anseo. Beidh iarratais ar oscailt go dtí an 23 Aibreán.

Cás-staidéir

Tionscadal

When Forests Sing

Dámhachtaí

Ceol‑Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath

Suíomh

Ceanncheathrú: Baile Átha Cliath, Tionchar: Ar Fud na Tíre

Spriocghrúpa

Ceoltóirí atá faoi mhíchumas

Achoimre

Is éard atá i gceist le When Forests Sing ceoldráma comhchruthaithe gan focal ina gcuirtear deiseanna ceoil agus taibhiú ar fáil do cheoltóirí atá faoi mhíchumas.

Tá an tionscadal á threorú ag an gcumadóir agus ag an ealaíontóir fuaime Karen Power agus tugtar le chéile comhaltaí de Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann leis, mar aon le scoláirí ó Cheol‑Acadamh Ríoga na hÉireann chun saothar tumthach a chruthú agus úsáid á baint as teicneolaíocht cheoil chúnta. Tríd an teicneolaíocht sin, baintear bacainní fisiciúla agus cultúrtha, rud a fhágann gur féidir le gach taibheoir a bheith rannpháirteach ag an leibhéal ealaíonta is airde.

 

Tá an dúlra ina spreagadh ag an gceoldráma. Cumascann taifeadtaí allamuigh a bailíodh i bhforaoisí Coillte, lena n‑áirítear cuairt chomhroinnte ar Avondale, le fuaimeanna ó fhoraoisí ar fud an domhain chun tírdhreach imfhuaime a chruthú lena dtreoraítear an ensemble. Gan teanga labhartha, ceiliúrtar éagsúlacht, ceangal agus bealaí cumarsáide nua sa phíosa.

 

Trí When Forests Sing, athshamhlaítear an méid is féidir a bheith i gceist le ceoldráma, agus spás comhionann á thabhairt do cheoltóirí faoi mhíchumas le bheith ag cruthú, ag treorú agus ag taibhiú.

An tionchar a baineadh amach go dtí seo

-           Ghlac 35 cheoltóir cumais mheasctha páirt in 15 sheisiún chomhchruthaitheacha chun an chéad taibhiú de When Forests Sing a fhorbairt agus a chur ar stáitse.

-           I mí na Nollag 2025, chuir an ensemble an chéad taibhiú i láthair ag Amharclann Samuel Beckett: ceoldráma 45 nóiméad gan focal ina bhfuil ensemble, aonréadaithe, cór agus gnéithe ilmheán. Féach ar réamhbhlaiseadh dá scannán faisnéise maidir leis an bpróiseas a bhaineann leis an taibhiú a dhéanamh anseo.

-           Leis an gceoldráma, tarraingíodh aird ar chruthaitheacht ionchuimsitheach, agus smaointe á leathnú ar an méid is féidir a bheith i gceist le huirlisí, cumarsáid agus taibhiú ceoil.

-           Tá an taibhiú á chur i gcartlann i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann trí chlár faisnéise agus fístaifeadadh iomlán, rud a chinntíonn tionchar fadtéarmach.

-           D’óstáil an fhoireann ceardlann scaipthe chun feasacht a ardú ar chruthaitheacht ionchuimsitheach agus foghlaim a chomhroinnt.

-           Trí thacaíochtaí neamhairgeadais, tá CARÉ ag neartú a chumarsáide seachtraí agus a acmhainneachta PR don tionscadal.

-           A bhuí le ceardlanna comhchruthaithe faoi stiúir Karen Power, cruthaíodh spás comhroinnte cothrom inar mhúnlaigh taibheoirí an obair i dteannta a chéile, agus iad treoraithe (seachas a bheith rialaithe) ag an bhfuaimdhreach cumtha.

-           D’úsáid ceoltóirí taifeadtaí allamuigh foraoise, lena n‑áirítear fuaimeanna a bhailigh siad le chéile le linn cuairt dhá lá chuig Avondale, i dteannta taifeadtaí ó fhoraoisí ar fud an domhain.

-           Tríd an tionscadal, cuireadh ar chumas taibheoirí teanga cheolmhar nua a chothú agus í fréamhaithe in éisteacht, i gcomhoibriú agus sa cheangal domhain atá idir daoine agus an dúlra.

 

 

Tionscadal

Cóitseáil Dhigiteach – Inrochtaineacht Dhigiteach a Chur ar Aghaidh

Dámhachtaí

Seirbhísí Pobail Eoin Dé (i gcomhpháirtíocht le Fighting Blindness)

Suíomh

Ceanncheathrú: Baile Átha Cliath, Tionchar: Ar Fud na Tíre

Spriocghrúpa

 

Daoine faoi mhíchumas intleachta nó a bhfuil cailliúint radharc na súl orthu

Achoimre

Tá tionscadal an Chóitseálaí Dhigitigh ina chomhpháirtíocht idir Seirbhísí Pobail Eoin Dé agus Fighting Blindness agus cothaítear leis ionchuimsiú digiteach, neamhspleáchas agus infheictheacht níos mó do dhaoine faoi mhíchumas i suíomhanna oideachais, pobail agus fostaíochta.

Tríd an tionscadal, earcaítear daoine aonair faoi mhíchumas intleachta, nó daoine a bhfuil cailliúint radharc na súl orthu, agus cuirtear oiliúint orthu, agus scileanna praiticiúla in inrochtaineacht dhigiteach, teicneolaíocht chúnta agus éascaíocht á dtabhairt dóibh. Leis an tionscnamh seo, soláthraítear fostaíocht fhiúntach agus muinín agus inniúlacht dhigiteach na rannpháirtithe á gcothú.

Trí cheardlanna, cóitseáil aghaidh ar aghaidh agus acmhainní sothuigthe, cuireann Cóitseálaithe Digiteacha ionchuimsiú digiteach chun cinn ar fud scoileanna, suíomhanna pobail agus bailte ar fud na hÉireann.

An tionchar a baineadh amach go dtí seo

Faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas 3.0:

-           Earcaíodh agus cuireadh oiliúint ar 15 dhuine aonair faoi mhíchumas intleachta, nó a bhfuil cailliúint radharc na súl orthu, mar Chóitseálaithe Digiteacha íoctha.

-           Soláthraíodh Cóitseáil Dhigiteach ionchuimsitheach ar fud scoileanna, pobal agus suíomhanna aghaidh ar aghaidh, agus tá páirt glactha ag 1,005 duine aonair go dtí seo. Tá an méid seo a leanas i gceist leis sin:

o        Tacaíodh le ceithre scoil i mBaile Átha Cliath agus i gCiarraí, agus oibríodh le 150 dalta agus cúigear múinteoirí.

o        Soláthraíodh 8 gcinn de cheardlanna seirbhíse do dhaoine faoi mhíchumas, agus oibríodh le 200 duine.

 

Tionscadal

Circus is for Every Body

Dámhachtaí

Sorcas Pobail na Gaillimhe

Suíomh

Ceanncheathrú: Gaillimh, Tionchar: Ar fud na Tíre

Achoimre

Cuireann Circus is for Every Body ealaíona sorcais ar fáil do dhaoine óga atá b/Bodhar, néara-éagsúil nó ar a bhfuil míchumas fisiciúil. Cailleann cuid mhór daoine óga amach ar ghníomhaíochtaí ealaíon toisc gur minic nach mbíonn na scileanna, an mhuinín ná na hacmhainní ag eagraíochtaí chun tacú leo. Is é is aidhm don tionscadal seo é sin a athrú.

 

Tá Sorcas Pobail na Gaillimhe ag obair le roinnt grúpaí óige áitiúla chun bealaí inrochtana a chomhdhearadh le scileanna sorcais a fhoghlaim agus a thaibhiú. Fiosraíonn daoine óga ag a bhfuil taithí saoil ar mhíchumas gluaiseacht, cothromaíocht agus taibhiú i dtimpeallacht shlán ina bhfuil tacaíocht ar fáil. Foghlaimíonn siad freisin ó shaineolaithe agus ealaíontóirí idirnáisiúnta a thuigeann go maith an chaoi le spásanna fíor-ionchuimsitheacha a chruthú. Cuirtear deireadh leis an tionscadal le taibhiú sárthaispeántais lena gceiliúrtar a gcruthaitheacht agus a dtallann.

 

Tá tábhacht le hionadaíocht. Nuair is féidir le daoine óga iad féin a fheiceáil in ealaíona sorcais, is féidir leo féidearthachtaí nua a shamhlú dá dtodhchaí féin. Tríd an tionscadal seo, cuirtear i gcuimhne dúinn: Mura féidir leat é a fheiceáil, ní féidir leat a bheith i do shamhail de.

An tionchar a baineadh amach go dtí seo

-           A bhuí leis an tionscadal, tugadh le chéile: Sorcas Pobail na Gaillimhe; compántas sorcais as an Ríocht Aontaithe, Extraordinary Bodies; daoine óga ó Enable Ireland; Galway Autism Partnership; agus Scoil Chaitríona i nGaillimh, rud a fhágann go bhfuil ealaíona sorcais níos inrochtana do dhaoine atá b/Bodhar, faoi mhíchumas agus néara‑éagsúil.

-           Ghlac 25 dhuine óga páirt sa tionscadal.

-           Fostaíodh níos mó ná 15 oideoir agus ealaíontóir sorcais, rud a mhéadaigh acmhainneacht agus muinín na hearnála i gcleachtas sorcais ionchuimsitheach.

-           Cuireadh 12 cheardlann sheachtainiúla i gcrích, i dteannta cónaitheacht trí lá i mí Dheireadh Fómhair, imeachtaí a d’éascaigh Extraordinary Bodies, compántas sorcais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe agus a throideann ar son éagsúlachta agus ionchuimsitheachta sna taibh‑ealaíona.

-           Tuairiscíonn daoine óga, tuismitheoirí agus cúramóirí muinín méadaithe, scileanna nua agus athrú i dtuairimí faoina bhfuil indéanta i rannpháirtíocht an tsorcais.

-           I mí Feabhra 2026, chuaigh na rannpháirtithe ar an stáitse le haghaidh dhá thaibhiú phoiblí dhodhearmadta de ‘Take Up Space’ – ceiliúradh lúcháireach, tochtmhar agus cumasaithe ar an gcruthaitheacht agus an ionchuimsitheacht.

-           Rinne taibheoirí óga iniúchadh ar a bheith i lár an stáitse, d’fhorbair siad buanna nach raibh á gcur chun tairbhe, agus d’oibrigh siad i dteannta ealaíontóirí gairmiúla agus pobail chun seó suaimhneach a bhí oiriúnach do theaghlaigh a chruthú.

-           Tá meastóireacht sheachtrach ar bun faoi láthair. Le sonraí a bailíodh go luath léirítear dul chun cinn dearfach i dtreo an mhéid seo a leanas:

o        tuiscint na ndaoine óga ar an ionchuimsitheacht sna healaíona sorcais a mhéadú;

o        muinín cleachtóirí a chothú i modhanna atá ionchuimsitheach ó thaobh míchumais de;

o        dearcthaí teaghlach agus an phobail a athrú faoi cé hiad na daoine ar féidir leo páirt a ghlacadh in ealaíona sorcais;

o        toilteanas eagraíochtaí comhpháirtíochta a neartú chun tacú le rannpháirteachas leanúnach.

 

 

Tionscadal

Clár Madraí Teiripe Scoile MCC

Dámhachtaí

My Canine Companion

Suíomh

Ceanncheathrú: Corcaigh, Tionchar: Ar fud na Tíre

Spriocghrúpa

Leanaí néara‑éagsúla

Achoimre

Is údar bróid do My Canine Companion (MCC) gur fhorbair sé an chéad Chlár Madraí Teiripe Scoile in Éirinn, tionscnamh ceannródaíoch ar a bhfuil méadú tagtha agus trína n-oibríonn 106 mhadra teiripe i mbunscoileanna, meánscoileanna agus scoileanna speisialta ar fud na tíre anois.

 

Cruthaíodh an clár seo mar fhreagra ar an ngá méadaitheach le tacaíochtaí inrochtana, neamhchliniciúla le haghaidh scoláirí atá thíos le himní, mírialú mothúchán agus diúltú scoile – dúshláin nach ndeachaigh i ndéine ach tar éis phaindéim Covid‑19.

 

Is léir go bhfuil rath ar an gclár ón aiseolas ó scoileanna rannpháirteacha a thuairiscíonn go comhsheasmhach go bhfuil laghdú ag teacht ar imní scoláirí, go bhfuil níos lú cásanna de dhiúltú scoile ann agus gur tháinig feabhas suntasach, tríd is tríd, ar an meanman i measc na scoláirí agus na foirne araon. Leis na torthaí sin, tarraingítear aird ar an ról uathúil is féidir a bheith ag madraí teiripe chun timpeallachtaí foghlama, atá ionchuimsitheach agus tacúil ó thaobh mothúchán de, a chothú.

[C go D] Trina Coleman, rannpháirtí When Forests Sing; Deirdre Mortell, POF, Rethink Ireland; Deborah Kelleher, Stiúrthóir, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann; Rachel Willoughby, rannpháirtí When Forests Sing; Aoife Goodison-Lawlor, scoláire, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann; an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins; Elaine Martin, rannpháirtí When Forests Sing; agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, ag CARÉ le haghaidh fhógairt sheoladh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas.
[C go D] Trina Coleman, rannpháirtí When Forests Sing; Deirdre Mortell, POF, Rethink Ireland; Deborah Kelleher, Stiúrthóir, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann; Rachel Willoughby, rannpháirtí When Forests Sing; Aoife Goodison-Lawlor, scoláire, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann; an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins; Elaine Martin, rannpháirtí When Forests Sing; agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, ag CARÉ le haghaidh fhógairt sheoladh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas.
[C go D] An tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins; Nataliya O’Neill, scoláire, Ceol Acadamh Ríoga na hÉireann; agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, ag CARÉ le haghaidh fhógairt sheoladh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas.
[C go D] An tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins; Nataliya O’Neill, scoláire, Ceol Acadamh Ríoga na hÉireann; agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, ag CARÉ le haghaidh fhógairt sheoladh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas.
[C go D] An tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins; an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley; Rachel Willoughby, rannpháirtí When Forests Sing; agus Deirdre Mortell, POF, Rethink Ireland, ar glacadh grianghraf díobh ag CARÉ le haghaidh fhógairt sheoladh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas.
[C go D] An tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins; an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley; Rachel Willoughby, rannpháirtí When Forests Sing; agus Deirdre Mortell, POF, Rethink Ireland, ar glacadh grianghraf díobh ag CARÉ le haghaidh fhógairt sheoladh an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas.

Tuilleadh maidir le DPAF

Is é is sprioc do Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta 2026 sochaí a chruthú inar féidir le daoine aonair atá faoi mhíchumas maireachtáil le dínit, neamhspleáchas agus muintearas. Leis an gCiste, féachtar le deireadh a chur le bacainní, tuiscint a chur chun cinn agus cuir chuige nuálacha a chur i bhfeidhm lena léirítear riachtanais athraitheacha an phobail atá faoi mhíchumas in Éirinn. Ailíníonn an ciste le prionsabail na Straitéise Náisiúnta um Chearta an Duine

do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030, Choinbhinsiún NA ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus Chreat Folláine na hÉireann, inarb amhlaidh a chuirtear comhionannas, uathriail agus rannpháirtíocht i gcroílár an bheartais náisiúnta leo uile.

Príomhchritéir an Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta do Dhaoine faoi Mhíchumas 4.0:

Snáithe

Critéir

An Straitéis Náisiúnta

um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas

Snáithe 1: Rannpháirtíocht Phobail, Spóirt agus Fhisiceach

Tionscadail lena gcuirtear chun cinn rochtain agus ionchuimsitheacht trí ghníomhaíochtaí pobail, spóirt agus fisiciúla. Leis na tionscnaimh, ba cheart ceangal, muintearas agus torthaí sláinte a chothú le haghaidh daoine faoi mhíchumas, agus páirt a thabhairt, go hidéalach, do rannpháirtithe i róil cheannaireachta nó chomhdhearaidh.

Colún 3: Maireachtáil Neamhspleách

agus Rannpháirtíocht Ghníomhach

sa tSochaí

 

Snáithe 2: Rannpháirtíocht Ealaíon agus Chultúrtha

Tionscadail lena dtacaítear le léiriú cruthaitheach agus infheictheacht daoine faoi mhíchumas i saol ealaíonta agus cultúrtha. Ba cheart d’iarratasóirí a léiriú conas a cheistítear stiogmaí lena gcuid oibre, conas a mhéadaítear tuiscint an phobail agus conas a chruthaítear deiseanna rannpháirtíochta cultúrtha.

Colún 3: Maireachtáil Neamhspleách

agus Rannpháirtíocht Ghníomhach

sa tSochaí

 

Snáithe 3: Fostaíocht, Fiontar Sóisialta agus Printíseachtaí

Tionscadail lena gcruthaítear bealaí i dtreo fostaíochta nó taithí oibre do dhaoine faoi mhíchumas. Áirítear leis sin fiontair agus eagraíochtaí sóisialta lena gcruthaítear ionaid oibre ionchuimsitheacha, lena dtacaítear le forbairt scileanna nó lena gcothaítear fiontraíocht i measc daoine faoi mhíchumas.

Colún 2: Fostaíocht

 

Snáithe 4: Tacú le tionscadail nuálacha lena n‑úsáidtear cuir chuige le cuidiú ainmnithe chun ionchuimsiú, ceangal agus folláine a chur chun cinn

Leis na hidirghníomhaíochtaí sin, tabharfar tosaíocht do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, faoi mhíchumas nó atá aonraithe go sóisialta, rud a chuidíonn leo muintearas agus athléimneacht a fhorbairt trí rannpháirteachas diongbháilte.

Colún 1: Folláine agus Sláinte

 

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat