Foilsíonn an tAire Foley agus an tAire Higgins tuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le soláthar Teicneolaíochta Cúnta na hÉireann
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
Sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins, an Tuarascáil Measúnaithe maidir le hAcmhainneacht Teicneolaíochta Cúnta d'Éirinn inniu.
Cuimsíonn teicneolaíocht chúnta raon leathan táirgí chun tacú le daoine ina ngníomhaíochtaí laethúla agus ina rannpháirtíocht sa tsochaí. Cuimsíonn sé spéaclaí, áiseanna éisteachta, fotheidil, cláir chumarsáide, léitheoirí scáileáin, cathaoireacha rothaí, cathaoireacha cithfholctha, ardaitheoirí, agus eagraithe piollairí.
Is í an Tuarascáil Measúnaithe maidir le hAcmhainneacht Teicneolaíochta Cúnta d’Éirinn an t-athbhreithniú is cuimsithí go dtí seo ar an soláthar teicneolaíochta cúnta in Éirinn. Is í Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip a rinne í idir na blianta 2024 agus 2025.
Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil Éire tiomanta go láidir do mhaoiniú na Teicneolaíochta Cúnta trí scéimeanna éagsúla agus trí chláir phíolótacha nuálacha.
Leagtar béim sa tuarascáil ar an dul chun cinn an-dearfach atá déanta ag Éirinn le blianta beaga anuas maidir le leathnú na rochtana ar Theicneolaíocht Chúnta agus sainaithnítear bealaí ina bhféadfaí an rochtain sin a neartú.
Agus an tuarascáil á seoladh aici, dúirt an tAire Foley:
‘Léirítear sa tuarascáil seo ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte conas is féidir leis an teicneolaíocht chúnta ‘saol daoine a athrú ó bhonn’ do dhaoine beag beann ar a n-aois nó ar a gcumas. Is féidir le mac léinn ar a bhfuil disléicse bogearraí téacs-go-hurlabhra a úsáid chun cabhrú lena fhoghlaim. D'fhéadfadh seanduine brath ar áis shiúlóireachta chun a neamhspleáchas a choinneáil ar bun. Ligeann teicneolaíocht chúnta do dhaoine iad féin a chur in iúl, páirt a ghlacadh san oideachas agus san fhostaíocht, agus saol níos neamhspleáiche agus níos iomláine bheith acua.
Aithnítear an infheistíocht atá déanta ag an Rialtas chun scéimeanna teicneolaíochta cúnta a thabhairt isteach nó a leathnú sa tuarascáil seo. Léirítear na háiteanna a bhfuil bearnaí sa soláthar fós inti freisin, an easpa sonraí maidir leis an éileamh ar theicneolaíocht chúnta sa tír seo, cuir i gcás. Leis an Suirbhé Náisiúnta nua maidir le Míchumas, a dhéanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh an bhliain seo chugainn, tá deis againn aghaidh a thabhairt air sin.’
Ag labhairt di ag an seoladh freisin, dúirt an tAire Stáit Higgins:
‘I gcás daoine faoi mhíchumas, is féidir leis an teicneolaíocht chúnta a bheith ar an bpríomhrud a chuireann ar a gcumas a gcearta a bhaint amach ar fud raon leathan earnálacha. Mar shampla, is féidir le rochtain ar léitheoirí scáileáin tacú le duine dul i mbun oibre nó oideachais. Is féidir le háiseanna éisteachta agus gléasanna cumarsáide tacú le forbairt teanga agus le rannpháirtíocht i bpobail. Agus is féidir le háiseanna soghluaisteachta iomchuí an t-uaigneas a laghdú agus cur leis an bhfolláine fhoriomlán.
Is cloch mhíle shuntasach í an tuarascáil atá á foilsiú againn inniu in iarrachtaí leanúnacha na hÉireann éiceachóras teicneolaíochta cúnta a fhorbairt atá dírithe ar na riachtanais atá ag úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta agus ar a dtaithí saoil’.
Is féidir leis an teicneolaíocht chúnta deacrachtaí breise sláinte a chosc, costais chúram sláinte a laghdú, agus tacú le daoine atá ag dul in aois ionas gur féidir leo maireachtáil sa bhaile.
I measc na scéimeanna rialtais atá ann faoi láthair chun tacú le Teicneolaíocht Chúnta tá an méid seo a leanas:
- an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais do leanaí faoi mhíchumas in oideachas luathbhlianta
- scéim FSS um Áiseanna agus Fearais
- Deontais Oiriúnaithe Tithíochta na Roinne Tithíochta
- Scéim Oibre agus Rochtana na Roinne Coimirce Sóisialaí
- Deontas Teicneolaíochta Cúnta na Roinne Oideachais
- Ciste na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
- Ciste FSS um Fhíor-Rannpháirtíocht Chomhoibríoch le haghaidh Feabhsú Teicneolaíochta Cúnta
- cuireann Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas faoiseamh cánach ar fáil chun feithiclí a cheannach
- Aisíocaíochtaí CBL ar tháirgí cúnta incháilithe, amhail ardaitheoirí, gléasanna cumarsáide, agus áiseanna soghluaisteachta.
- CBL nialasach ar chathaoireacha rothaí, áiseanna éisteachta, próistéitigh etc.
Tá an tuarascáil ón EDS ar fáil le léamh anseo.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is scáth-théarma í an teicneolaíocht chúnta le haghaidh táirgí cúnta agus a gcuid córas agus a seirbhísí gaolmhara. Cuidíonn táirgí cúnta le feidhmiú duine aonair a bhaineann le cognaíocht, cumarsáid, éisteacht, soghluaisteacht, féinchúram agus fís a choinneáil ar bun nó a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin a sláinte, a bhfolláine, a gcuimsiú agus a rannpháirtíocht a chumasú.
Ar fud an domhain, teastaíonn táirge cúnta amháin nó níos mó ó níos mó ná 2.5 billiún duine, a bhíonn ag brath orthu chun maireachtáil go neamhspleách, fanacht nasctha, agus páirt iomlán a ghlacadh sa saol laethúil. Sa Tuarascáil Dhomhanda EDS agus CÉINAL maidir le Teicneolaíocht Chúnta, a seoladh thiar in 2022, meastar go dtiocfaidh méadú ar an líon sin go dtí 3.5 billiún faoin mbliain 2050 de bharr an mhéadaithe ar an ionchas saoil chomh maith le rátaí galair neamhtheagmhálacha atá ag dul i méid.
I mí an Mhárta 2024, rinne Rialtas na hÉireann comhaontú deontóra dar luach €12.524 milliún (roinnte go cothrom thar thréimhse 5 bliana) leis an EDS chun rochtain chothrom ar an teicneolaíocht chúnta a neartú ar fud an domhain, agus béim á leagan ar an nuálaíocht i samhlacha seachadta seirbhíse duinelárnacha atá bunaithe ar chearta agus ar chur chun tairbhe na teicneolaíochta cúnta digití.
Ina theannta sin, tá an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ag cur Comhaontú Comhoibrithe Tionscadail chun cinn leis an EDS atá dírithe ar chuspóirí intíre. An tAthbhreithniú neamhspleách ar Acmhainneacht Teicneolaíochta Cúnta atá á fhoilsiú inniu, tá sé ar cheann de phríomhspriocanna insoláthartha an chomhaontaithe sin.