Fógraíonn an tAire Foley maoiniú €1.5 milliún chun tacú le daoine LADTIA+ trí oscailt an Ghlao ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Pobail LADTIA+ 2026
- Foilsithe: 15 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2026
- Is féidir iarratais don bhliain 2026 a dhéanamh ón 23 Márta 2026 – 30 Aibreán 2026
- Cuirfear €1,500,000 ar fáil do ghrúpaí iarratasóirí, ag oibriú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, chun tacú le seirbhísí pobail agus chun sofheictheacht agus ionchuimsiú daoine LADTIA+ a chur chun cinn
- Tá sé mar aidhm leis an maoiniú ionchuimsiú a chur chun cinn, cearta a chosaint agus caighdeáin saoil agus folláine a fheabhsú do dhaoine LADTIA+ in Éirinn.
- Is féidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha LADTIA+ atá ann cheana agus le heagraíochtaí pobail a oibríonn le daoine LADTIA+ iarratas a dhéanamh ar an scéim deontais.
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley inniu gur féidir iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú ón gciste Seirbhísí Pobail LADTIA+ anois.
Gné thábhachtach is ea an Glao ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Pobail LADTIA+ 2026 chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Daoine LADTIA+ II 2024-2028, a foilsíodh i Meitheamh 2025.
Agus oscailt chiste na bliana 2026 á fógairt aici, dúirt an tAire Foley:
“Tá an-áthas orm oscailt an Chiste Seirbhísí Pobail LADTIA+ 2026 a fhógairt ina dtugtar maoiniú ríthábhachtach do thionscadail ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil lena chinntiú gur féidir le daoine LADTIA+ ar fud na hÉireann leas a bhaint as seirbhísí fíor-riachtanacha agus go leanann siad ag bláthú ina bpobail.
Gné thábhachtach is ea an Glao ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Pobail LADTIA+ 2026 chun cuspóir foriomlán na Straitéise Náisiúnta um Ionchuimsiú LADTIA+ II a bhaint amach. Leagann soláthar an mhaoinithe seo béim ar thiomantas an Rialtais leanúint ag tacú leis an bpobal LADTIA+ chun sochaí shábháilte, chothrom, agus ionchuimsitheach a chothú; sochaí inar féidir leo saol ionchuimsitheach, sláintiúil, agus sásta a chaitheamh.”
Sonraí iarratais don Chiste Seirbhísí Pobail LADTIA+
Tá dhá shruth maoinithe ann faoin gCiste Seirbhísí Pobail LADTIA+
- Tá Scéim A oscailte d’iarratais ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobail LADTIA+ atá ann cheana a oibríonn leis an bpobal LADTIA+ chun tacú le tionscnaimh nua agus chun seirbhísí agus tionscnaimh atá ann cheana a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.
- Tabharfaidh Scéim B deontais bheaga d’eagraíochtaí le haghaidh tionscadail a chuireann sofheictheacht agus ionchuimsiú daoine LADTIA+ chun cinn.
Ní mór gach iarratas a sheoladh isteach go leictreonach.
Beidh na hiarratais ar mhaoiniú oscailte go dtí 12pm Déardaoin, 30 Aibreán 2026. Is féidir le grúpaí teacht ar threoirdhoiciméad mionsonraithe agus an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú i mBéarla tríd na naisc seo a leanas:
Scéim A –
https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/Scheme-A
Scéim B –
Nótaí don Eagarthóir
Déanfar iarratais ar Mhaoiniú a mheas de réir na gcritéar seo a leanas:
- Oiriúint straitéiseach do na colúin théamacha a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú LADTIA+ II 2024-2028 agus baint amach spriocanna na Scéime
- Láidreacht an togra, lena n-áirítear an chaoi a bhfeabhsóidh na gníomhaíochtaí beartaithe seirbhísí agus a shásóidh siad riachtanais an phobail LADTIA+ nach sásaítear faoi láthair
- Acmhainneacht na heagraíochta is iarratasóir chun clár oibre a sheachadadh, lena n-áirítear cé acu an bhfuil seantaithí ag an eagraíocht is iarratasóir ag obair leis an bPobal LADTIA+ agus cuntas teiste ag seachadadh cláir shonracha chun tacaíocht a thabhairt don Phobal LADTIA+
- Bainistiú airgeadais agus luach ar airgead