Fógraíonn an tAire Foley maoiniú dar luach €400,000 le haghaidh spásanna fóillíochta do dhéagóirí
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2026
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley maoiniú dar luach €400,000 le haghaidh spásanna fóillíochta do dhéagóirí inniu.
Leis na ceithre thionscadal cuirfear áiteanna sábháilte tarraingteacha ar fáil do dhaoine óga le go bhféadfaidh siad bualadh le cairde, am a chaitheamh amuigh faoin aer agus dul i mbun súgradh agus fóillíocht neamhstruchtúrtha.
Cuimsítear leis na tionscadail limistéir faoi scáth ar féidir iad a úsáid san uile chineál aimsire, ina mbeidh suíocháin chompordacha, soilsiú cuí, agus dearadh inrochtana.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá ríméad orm ceithre cinn de spásanna fóillíochta nua a dearadh go sonrach do dhéagóirí a fhógairt faoin Tionscnamh ‘Áiteanna a Dhéanamh ar son Déagóirí agus in Éineacht leo’. Cuirfidh sé sin deiseanna ar fáil dár ndaoine óga bualadh le chéile agus am a chaitheamh in éindí in áit dá gcuid féin. Is ann do ghnéithe nuálacha, cuir i gcás callairí ceoil, trealamh aclaíochta, peil bhoird, leadóg bhoird, trampailín istigh sa talamh atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, agus fiú gnéithe deartha atá oiriúnach do ghluaiseachtaí parkour.
Bhí ról lárnach ag daoine óga maidir le forbairt agus measúnú a dhéanamh ar na háiteanna fóillíochta seo. Sin é an cur chuige is cirte agus is cuí. Is iontach an rud é breathnú ar an tionscadal seo agus é ag fás agus ag leathnú chuig ceantair eile ar fud na hÉireann.”
D’éirigh leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais maoiniú a fháil ó Chiste na gCuntas Díomhaoin agus ón bPlean Forbartha Náisiúnta don tionscadal tar éis an tionscadail phíolótaigh rathúil in 2025, Áiteanna a Dhéanamh ar son Déagóirí agus in Éineacht leo.
Gheobhaidh na tionscadail uile €100,000 an ceann agus dearadh i gcomhairle le daoine óga iad le go bhfreagróidís dá gcuid riachtanas.
Tar éis próiseas meastóireachta, lenar cuimsíodh ionadaíocht ó Fheidhmeannas Náisiúnta Chomhairle na nÓg, fógraítear anois gurb iad na tionscadail seo a leanas na hiarratasóirí ar éirigh leo:
|
Údarás Áitiúil |
Teideal an Tionscadail agus cur síos air |
Dámhachtain |
|
Comhairle Contae Longfoirt |
€100,000 |
|
|
Comhairle Contae na hIarmhí |
€100,000 |
|
|
Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge |
€100,000 |
|
|
Comhairle Contae Mhaigh Eo |
€100,000 |
|
Tugadh cuireadh d’Údaráis Áitiúla, agus iad ag obair lena mbrainse áitiúil de Chomhairle na nÓg, togra a fhorbairt agus a chur isteach maidir le tionscadail chun freastal ar riachtanais fóillíochta déagóirí ina limistéar údaráis áitiúil, suas le huaschostas €100,000, agus cómhaoiniú 25% ag teastáil ón Údarás Áitiúil. B’fhiú €400,000 an maoiniú iomlán a bhí ar fáil.
Is ann do nach mór 500,000 leanbh idir 12 agus 18 mbliana d’aois sa tír de réir Dhaonáireamh 2022.
Aithnítear go mbaineann míbhuntáiste sóisialta soiléir do dhéagóirí i dtaca lena gceart chun súgartha agus fóillíochta a theachtadh. Sa tuarascáil a foilsíodh le gairid, Soláthar Súgartha agus Áineasa do Leanaí agus d’Ógánaigh: In Athbhreithniú Náisiúnta d’Éirinn 2024, arna choimisiúnú ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, luaitear go seasann daonra na n-ógánach (12-18 bliana d’aois) amach go soiléir mar dhream nach bhfuil dóthain acmhainní acu nó nach ndéantar éascaíocht orthu mar is ceart i ndáil lena gcuid riachtanas súgartha agus fóillíochta i gcomparáid le leanaí 0-11 bhliain d’aois. Is ann do thart ar 787,000 leanbh idir 0 agus 11 bhliain d’aois, de réir Dhaonáireamh 2022.
Tá feabhas tagtha ar sholáthar na gclós súgartha do leanaí óga le blianta beaga anuas agus tá thart ar 960 clós súgartha ar fáil in 31 comhairle ar fud na tíre. Os a choinne sin, níor sholáthair 47% d’údaráis áitiúla aon saoráidí súgartha do leanaí thiar in 1999.
Tá 171 limistéar ilúsáide cluichí (MUGA) faoi úinéireacht na gcomhairlí ann anois mar aon le 59 páirc scátála atá deartha do leanaí idir 12 agus 18 mbliana d’aois.