Maoiniú €500,000 fógartha ag an Aire Foley do chlóis súgartha ar fud na tíre
- Foilsithe: 14 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2025
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, inniu go bhfuil €500,000 tar éis a bheith bronnta le haghaidh 28 clós agus áit súgartha ar fud na tíre.
Cuireann an Scéim Deontais Caipitil le haghaidh Súgartha agus Áineasa maoiniú ar fáil do chomhairlí cathrach agus contae chun tacú leo clóis súgartha atá ann cheana a uasghrádú nó clóis súgartha nua a fhorbairt.
Dírítear go háirithe ar chuimsiú agus rochtain in go leor de na tionscadail a mhaoinítear faoi scéim na bliana seo, a chabhróidh lena chinntiú gur féidir le leanaí a bhfuil raon éagsúil riachtanas acu leas a bhaint as áiseanna súgartha d’ardchaighdeán in éineacht lena bpiaraí. I measc na dtionscadal maoinithe sin tá suiteáil na rudaí seo a leanas:
- Crandaithe bogadaí atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí
- Trealamh Clóis Súgartha Chéadfaigh Chuimsithigh agus spás súgartha chuimsithigh
- Gnéithe inrochtaineachta uasghrádaithe
Dúirt an tAire Foley:
“Tá áthas orm an maoiniú caipitil seo a fhógairt, a rachaidh chun tairbhe go díreach do theaghlaigh agus do leanaí i ngach cúinne d’Éirinn. Cuirfidh na deontais sin ar chumas comhairlí cathrach agus contae clóis súgartha a chruthú agus a uasghrádú chun bheith níos inrochtana, níos cuimsithí agus níos taitneamhaí do chách.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil leis na húdaráis áitiúla as a n-iarratas, agus táim ag tnúth leis na tairbhí a dhéanfaidh na tionscadail sin do phobail áitiúla a fheiceáil go ceann blianta fada amach romhainn.”
Tairgeann an scéim maoiniú suas le €20,000 in aghaidh an tionscadail, ar infheistíocht í a mbeidh tionchair dhearfacha aici ar leanaí agus teaghlaigh ar fud na tíre.
Bhí sé éigeantach do chomhairlí dul i mbun plé le leanaí agus daoine óga áitiúla chun aon mhaoiniú deontais a fháil do chlóis agus áiteanna súgartha faoin scéim. Bhí ar na comhairlí maoiniú meaitseála ag 25 faoin gcéad ar a laghad de chostas an tionscadail a sholáthar freisin.
Tá feabhas tagtha ar sholáthar clós súgartha do leanaí óga le blianta beaga anuas, agus thart ar 960 clós súgartha curtha ar fáil i 31 comhairle ar fud na tíre.
Nótaí don Eagarthóir:
Tugadh an Scéim Maoinithe Caipitil le haghaidh Súgartha agus Áineasa isteach in 2013 chun tacú le háiseanna nua agus reatha súgartha agus áineasa do leanaí agus daoine óga.
Tá sé mar aidhm ag scéim 2025 tacú leis na rudaí seo a leanas:
- Áiseanna súgartha agus áineasa atá ann cheana féin a athchóiriú
- Gnéithe súgartha nádúrtha a chur san áireamh
- Áiseanna súgartha agus áineasa nua a fhorbairt
Bhí an próiseas iarratais oscailte do na húdaráis áitiúla go léir, agus gach ceann acu in ann tionscadal amháin a ainmniú le haghaidh maoinithe. Cuireadh teorainn €20,000 leis an maoiniú in aghaidh an tionscadail. Bíonn bronnadh an mhaoinithe sin faoi réir mhaoiniú meaitseála an údaráis áitiúil, a bhíonn ag 25% ar a laghad den mhéid a sholáthraíonn an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don tionscadal.
Is í an Roinn a mheas na hiarratais incháilithe trí chóras scórála ualaithe; rinneadh gach ceann de na 5 chritéar cháilitheacha a mheasúnú agus a scóráil ina n-aonar, agus bhí scór iomlán an tionscadail mar chomhiomlán de scóir na gcritéar.
Áiríodh ar na critéir sin luach breise an tionscadail do dhaoine óga, a inrochtaineacht agus a chuimsitheacht, nádúr an chomhairliúcháin le leanaí agus daoine óga áitiúla, an fhianaise a cuireadh ar fáil faoin gcumas an tionscadal a chríochnú agus an chomhthacaíocht riachtanas a soláthraíodh chun tacú leis an iarratas.
Seo a leanas liosta de na tionscadail ar éirigh leo agus den mhaoiniú a bronnadh:
Údarás Áitiúil |
Tionscadal: |
Maoiniú Faofa |
Ceatharlach |
Tógáil Poill Gainimh Súgartha Nádúrtha - Hanover Town |
€19,998 |
An Cabhán |
Athchóiriú Clóis Súgartha - Béal Tairbirt |
€16,665 |
Cathair Chorcaí |
Uasghrádú Clóis Súgartha - Gerry O’Sullivan Park, Ceantar Chnoc na hAoine/Pháirc na hEaglaise |
€12,221 |
Contae Chorcaí |
Athchóiriú Clóis Súgartha - Caisleán Ó Liatháin |
€18,887 |
Dún na nGall |
Suiteáil Trealaimh Inrochtana - Sráidbhaile Ráth Mealtain |
€18,887 |
Cathair Bhaile Átha Cliath |
Gnéithe breise súgartha chuimsithigh - Gleann na Life |
€20,000 |
Dún Laoghaire/Ráth an Dúin |
Cruthú spáis súgartha chuimsithigh - Baile Uí Lachnáin |
€16,887 |
Fine Gall |
Feabhas a chur ar sholáthar súgartha do pháistí a bhfuil cumais éagsúla acu - Baile an Tirialaigh |
€19,998 |
Cathair na Gaillimhe |
Feabhsuithe cuimsitheachta agus inrochtaineachta clóis súgartha - Baile an Phoill |
€18,442 |
Contae na Gaillimhe |
Athchóiriú Clóis Súgartha - Tuaim |
€18,887 |
Ciarraí |
Uasghrádú Clóis Súgartha trí shuiteáil Trealaimh Súgartha Boinn |
€20,000 |
Cill Dara |
Uasghrádú Clóis Súgartha - Baile Átha Í |
€15,109 |
Cill Chainnigh |
Uasghrádú Clóis Súgartha - Bigwood Village |
€18,887 |
Laois |
Uasghrádú Clóis Súgartha (Bithéagsúlacht) - Maighean Rátha |
€20,000 |
Liatroim |
Mol Cuimsitheach, Inrochtana agus Céadfach le haghaidh Clós Súgartha Nua - an Tulachán |
€19,109 |
Luimneach |
Trealamh Cuimsitheach agus Painéil Súgartha Chéadfaigh - Eas Géitine |
€15,998 |
An Longfort |
Clós/Spás Súgartha Nua - Cartrún na Mainistreach, Baile Longfoirt |
€18,442 |
Lú |
Athchóiriú clóis súgartha - na Creagacha Dubha |
€17,776 |
Maigh Eo |
Athchóiriú clóis súgartha - Cill Ala |
€15,554 |
Muineachán |
Áis súgartha a chur ar fáil (Clós Súgartha Nua) - Baile an Scotaigh |
€18,887 |
Uíbh Fhailí |
Soláthar agus suiteáil túir mhóir súgartha idirghníomhaigh - Tulach Mhór |
€18,220 |
Sligeach |
Trealamh clóis súgartha chéadfaigh chuimsithigh - Dúirle |
€15,835 |
Baile Atha Cliath Theas |
Trealamh súgartha le haghaidh tionscadal áite súgartha nua - Cluain Dolcáin |
€19,331 |
Tiobraid Árann |
Uasghrádú clóis súgartha, lena n-áirítear soláthar trealaimh chuimsithigh - Carraig na Siúire |
€16,443 |
Port Láirge |
Uasghrádú Clóis Súgartha - an Baile Beag |
€14,434 |
An Iarmhí |
Uasghrádú Clóis Súgartha - an Móta |
€19,998 |
Loch Garman |
Uasghrádú Clóis Súgartha - Páirc Ghleanntán na Raithní, Loch Garman |
€16,665 |
Cill Mhantáin |
Uasghrádú Clóis Súgartha - na Clocha Liatha |
€18,442 |
Iomlán: |
|
€500,000 |