Fógraíonn an tAire Foley maoiniú dar luach €600,000 le clóis súgartha agus láithreáin súgartha ar fud na tíre a fhorbairt agus a athchóiriú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley maoiniú dar luach €600,000 le clóis súgartha agus láithreáin súgartha ar fud na tíre a fhorbairt agus a athchóiriú

Tá an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, tar éis faighteoirí na Scéime Deontais Caipitil don Súgradh agus Áineas i mbliana a fhógairt inniu, agus €600,000 san iomlán arna dhámhachtain ar 30 Údarás Áitiúil ar fud na tíre.

Tacaíonn an Scéim Deontais Caipitil don Súgradh agus Áineas le hobair na nÚdarás Áitiúil chun rochtain ar shaoráidí súgartha agus áineasa den scoth a fheabhsú laistigh dá bpobail. Féadann sé sin tarlú trí athchóiriú agus uasghrádú ar na saoráidí atá ann faoi láthair, nó trí chinn nua a fhorbairt. Cuireann an scéim luach suas le €22,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail, infheistíocht a mbeidh tionchar dearfach aici do leanaí agus teaghlaigh ar fud na tíre.

In go leor de na tionscadail arna maoiniú faoi scéim na bliana seo leagtar béim ar leith ar chuimsiú agus rochtain, agus cabhróidh siad le leanaí, ag a bhfuil réimse éagsúil éileamh, tairbhe a bhaint as saoráidí den scoth i dteannta a bpiaraí. Áirítear le roinnt de na tionscadail chistithe sin suiteáil na nithe seo a leanas:

  • Crandaithe bogadaí atá inrochtana do dhaoine i gcathaoireacha rotha
  • Trealamh céadfach ionchuimsitheach don chlós súgartha agus spás súgartha ionchuimsitheach
  • Gnéithe uasghrádaithe inrochtaineachta agus plandú bithéagsúlachta
  • Trealamh Súgartha Rochtana Cothroime
  • Spásanna do Dhéagóirí

Agus dámhachtain an mhaoinithe á fógairt, dúirt an tAire Foley:

"Is cúis áthais dom Deontais Chaipitil don Súgradh agus Áineas a fhógairt i mbliana, rud a chuirfidh tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do phobail chun spásanna bríomhara ionchuimsitheacha inrochtana a fhorbairt do leanaí agus do dhaoine óga. Is léiriú iad na hinfheistíochtaí seo ar ár dtiomantas láidir chun a chinntiú go mbíonn an deis ag gach leanbh súgradh, fiosrú, agus forás a dhéanamh i dtimpeallachtaí sábháilte spreagúla

Táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth le gach údarás áitiúil chun na tionscadail sin a sholáthar d'fhonn folláine a fheabhsú, stíleanna maireachtála gníomhacha a chur chun cinn, agus naisc phobail a neartú ar fud na tíre.”

Nótaí don Eagarthóir:

Tugadh isteach an Scéim Maoinithe Caipitil don Súgradh agus Áineas in 2013 chun tacú le saoráidí súgartha agus áineasa nua, agus cinn atá ann faoi láthair, do leanaí agus do dhaoine óga.

Tá sé d’aidhm ag scéim 2026 tacú leo seo a leanas:

  • Athchóiriú ar shaoráidí reatha don súgradh agus don áineas
  • Gnéithe nádúrtha súgartha a áireamh leo
  • Saoráidí nua súgartha agus áineasa a fhorbairt.

Bhí an próiseas iarratais ar oscailt do gach Údarás Áitiúil, a d’fhéadfadh tionscadal amháin in aghaidh an údaráis a ainmniú le maoiniú a fháil. Cuireadh uasteorainn i bhfeidhm dar luach €22,000 in aghaidh an tionscadail. Braithfidh deonú an mhaoinithe sin ar chómhaoiniú ón Údarás Áitiúil dar luach 25% ar a laghad den mhéid arna chur ar fáil ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i leith an tionscadail.

Rinne an Roinn iarratais incháilithe a mheas trí mheán córas scórála ualaithe; rinneadh measúnú agus scóráil ar gach ceann de na 5 critéar cáilithe ar leith, agus rinneadh comhiomlánú ar na scóir chritéir chun an scór tionscadail a ríomh.

Áiríodh leis na critéir sin breisluach an tionscadail do dhaoine óga, an inrochtaineacht agus ionchuimsitheacht a bhaineann leis, cineál an chomhairliúcháin le leanaí áitiúla agus daoine óga, an fhianaise a cuireadh ar fáil ar an gcumas chun an tionscadal a chur i gcrích, agus ar chomhthacaíocht an éilimh a cuireadh ar fáil chun tacú le hiarratas.

Seo a leanas liosta de na tionscadail rathúla, agus an maoiniú le dámhachtain:

Údarás Áitiúil Tionscadal:
Teideal/Cur Síos
Méid
Maoiniúcháin
Ceatharlach Limistéar cluichí ilúsáide a shuiteáil i bPáirc na
Tulaí
(1 Sráid an Mhuilinn, Teampall Eoin, An Tulach, Co.
Cheatharlach)
€20,516
An Cabhán Uasghrádú ar Chlós Súgartha Ármhach
(Gort a’ Locha, Ármhach, Co. an Chabháin)
€18,970
An Clár Athchóiriú ar Chlós Súgartha Pháirc Tim Smyth, Inis
(Bóthar Leifir, Inis, Co. an Chláir)
€18,685
Cathair Chorcaí Uasghrádú ar Chlós Súgartha - Páirc Popham
(3 Faiche Pháirc an Aonaigh, Fearann an Rí,
Corcaigh)
€18,578
Contae Chorcaí Athchóiriú ar Chlós Súgartha Charraig Thuathail
(50 An Phríomhshráid, Carraig Thuathail, Co.
Chorcaí)
€20,516
Dún na nGall Athchóiriú ar Chlós Súgartha Chonmhaí
(18 Ard-Mhuileann, Baile an Mhuilinn, Conmhaigh, Co.
Dhún na nGall)
€21,470
Cathair Bhaile Átha Cliath Uasghrádú ar Chlós Súgartha Pháirc Choláiste Albert,
Glas Naíon (Bóthar Bhaile Munna, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11)
€20,000
Fine Gall Timpeallán agus painéil súgartha ionchuimsitheacha a
cheannach agus a shuiteáil do Chlós Súgartha Ongar
(Ongar, Baile Átha Cliath 15)
€20,755
Comhairle Cathrach na Gaillimhe Feabhsú ar Chlós Súgartha i bhfoirm Carraig
Shleamhnach – Seantalamh
(Bóthar Mhic Dara, Seantalamh, Cathair na Gaillimhe)
€19,800
Comhairle Contae na Gaillimhe Tionscadal 2026 do Shaoráidí Nua Súgartha agus
Áineasa - Clós Súgartha Rinn Mhíl Thiar
(Rinn Mhíl Thiar, an tÓrán Mór, Co. na Gaillimhe)
€21,709
Ciarraí Uasghrádú ionchuimsitheach ar Chlós Súgartha Oileán
Chiarraí, le trealamh súgartha cothrom na rochtana á shuiteáil.
(Radharc an Chaisleáin, An Tóin Bhuí, Oileán Chiarraí, Co. Chiarraí)
€21,470
Cill Dara Clós Súgartha Moorefield Park, An Droichead Nua
(Moorfield, An Droichead Nua, Co. Chill Dara)
€22,000
Cill Channaigh Feabhsúcháin ar Chlós Súgartha Ghráig na Manach
(Radharc an Aonaigh, Gráig na Manach, Contae Chill
Channaigh)
€17,415
Laois Feabhsúchán maidir le hinrochtaineacht,
bithéagsúlacht agus súgradh nádúrtha ar Chlós Súgartha Pháirc an Phobail,
Port Laoise
(Bóthar Thigh Mochua, Port Laoise, Contae Laoise)
€21,470
Liatroim Uasghrádú ionchuimsitheach inrochtana do Chlós
Súgartha Dhreastarnáin, Droim Seanbhó
(Dreastarnán, Droim Seanbhó, Contae Liatroma)
€22,000
Luimneach Páirc an Chanónaigh Uí Bhraoin, Spás Súgartha Gheata
Thuamhumhan
(Páirc an Chanónaigh Uí Bhraoin, Cathair Luimnigh)
€20,755
An Longfort An Fhaiche - Clós Súgartha Mheathas Troim
(Tigh na nDéar, Meathas Troim, Co. an Longfoirt)
€21,470
Athchóiriú ar Chlós Súgartha Thigh an Iúir
(Tigh an Iúir, Co. Lú)
€15,955
Maigh Eo Athchóiriú ar Chlós Súgartha ag Muraisc
(Diméin Mhuraisce, Co. Mhaigh Eo)
€17,892
An Mhí Trealamh nua súgartha a shuiteáil ag Clós Súgartha
Pháirc na hAbhann Duibhe, An Uaimh
(Bóthar Ráth Arlain, Fearann na Mainistreach, An
Uaimh, Co. na Mí)
€20,278
Muineachán Áis do Dhéagóirí i Scairbh na gCaorach
(Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin)
€22,000
Uíbh Fhailí Síneadh agus athchóiriú ar chlós súgartha leanaí ag
Sráid an Gharráin, Críonchoill
(Críonchoill, Biorra, Co. Uíbh Fhailí)
€19,562
Ros Comáin Oibreacha uasghrádaithe, Clós súgartha Phort Reanna,
Cnoc an Chrochaire
(Port Reanna, Co. Ros Comáin)
€19,562
Sligeach Clós Súgartha Mitchell Curley - trealamh
ionchuimsitheach céadfach do chlós súgartha, Baile Shligigh
(Baile Uí Dhúgáin, Co. Shligigh)
€20,993
Baile Átha Cliath Theas Athchóiriú agus síneadh le Spás Súgartha Bhaile
Uaitéir, Baile Phámar
(Ascaill Bhaile Uaitéir, Baile Phámar Íochtarach,
Baile Átha Cliath 20)
€20,278
Tiobraid Árann Clós Súgartha Dhrom Inbhir – Oibreacha Feabhsúcháin
(Drom Inbhir, Co. Thiobraid Árann)
€19,562
Phort Láirge Athsholáthar ar aonaid ilsúgartha – Clós Súgartha
Pháirc Walton, Dún Garbháin
(Páirc Walton, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge)
€19,562
Contae na hIarmhí Oibreacha uasghrádaithe ar Chlós Súgartha an Rothail
- Páirc Bhaile an Mhuilinn Chearr
Sráid an Phiarsaigh, An Muileann gCearr, Co. na
hIarmhí
€20,516
Loch Garman Feabhsú ar Chlós Súgartha Fhiodh Ard
(Fiodh Ard, Co. Loch Garman)
€18,369
Cill Mhantáin Spás súgartha nádúrtha & callastéinice do leanaí
agus déagóirí na Muirí, Baile Chill Mhantáin
(An Mhuiríoch, Cill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin)
€17,892
Iomlán €600,000

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat