D’fhógair an tAire Foley ceapadh Tanya Ward mar Chathaoirleach ar scrúdú folláine ar leanaí de chuid Tusla
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, inniu, gur ceapadh an tUasal Tanya Ward, Príomhfheidhmeannach na Comhghuaillíochta um Chearta Leanaí, mar Chathaoirleach neamhspleách an Ghrúpa Stiúrtha le haghaidh scrúdú folláine de chuid Tusla ar leanaí ar dúnadh a gcás le linn thréimhse dianghlasála COVID-19.
Díreofar sa scrúdú folláine ar thuairim is 42,000 leanbh agus duine óg idir 0-18 mbliana d’aois a raibh cás oscailte acu le Seirbhísí Cosanta Leanaí Tusla agus ar dúnadh a gcás le linn na tréimhse 01/03/20 - 28/02/22 (dianghlasáil COVID).
Meastar go mbaineann timpeall trí cheathrú de na 42,000 cás le leas leanaí, ina measc sin iarratais ar chomhairle agus ar chúnamh ó na teaghlaigh iad féin. Meastar go mbaineann an cheathrú dheireanach le cásanna cosanta leanaí, ina bhfuarthas atreorú. Meastar go dtabharfar tús áite do na cásanna cosanta leanaí sin sa scrúdú folláine.
D’iarr an tAire ar an gcathaoirleach neamhspleách Tanya Ward maoirseacht a dhéanamh ar an scrúdú folláine seo, ionas gur féidir sábháilteacht agus folláine na leanaí a bhunú, a bhfuil seirbhísí Tusla ar an eolas fúthu toisc gur dúnadh a gcás le linn thréimhse dianghlasála COVID-19.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá sé ríthábhachtach go nglacaimid céimeanna réamhghníomhacha chun gealltanas a thabhairt maidir le leas na leanaí leochaileacha. Déanfar iarracht an gealltanas sin a thabhairt leis an scrúdú folláine seo, maidir le leanaí ar dúnadh a gcás le linn na paindéime. Táimse tiomanta do na hacmhainní riachtanacha uilig a chur ar fáil chun tacú leis an obair sin.
Tá áthas orm a fhógairt gur aontaigh Tanya Ward glacadh le ról an Chathaoirligh neamhspleách ar an scrúdú folláine ríthábhachtach seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uasal Ward as tabhairt faoin ról seo, agus aitheantas a thabhairt don oiread taithí agus tiomantas domhan atá aici maidir le cearta leanaí. Is mór againn a cuid ceannaireachta ó thaobh maoirseacht neamhspleách a thabhairt.”
Ag labhairt di ar an gceapachán, dúirt Tanya Ward:
“Tháinig an scrúdú folláine seo chun cinn i ndiaidh do bheirt leanaí a bheith ar iarraidh ar feadh roinnt blianta, dhá chás thar a bheith brónach, a bhrisfeadh do chroí. Ní mór gach iarracht a dhéanamh chun a chinntiú go bhfoghlaimeoimid ó chásanna Kyran Durnin agus Daniel Aruebose. Togra suntasach a bheidh sa scrúdú seo ar chásanna folláine leanaí a dúnadh le linn na paindéime. Dúnadh os cionn 42,000 cás le linn na paindéime, agus is deis ríthábhachtach í seo an ceart a dhéanamh le gach leanbh i gcroílár na gcásanna sin agus obair a dhéanamh chun a gcuid sábháilteachta agus folláine a bhunú.”
Príomhról an Chathaoirligh is ea ceannaireacht neamhchlaonta a thabhairt do Ghrúpa Stiúrtha, maoirseacht a dhéanamh ar obair an scrúdaithe folláine, agus gealltanas neamhspleách a thabhairt don Aire, don phobal, agus do gach páirtí leasmhar go ndéantar an scrúdú go dian, go heiticiúil, agus go héifeachtach.
Beidh ionadaithe ar an nGrúpa Stiúrtha ó ranna Rialtais ábhartha, ó FSS, ó Tusla, ón earnáil pobail agus dheonach, agus ó ghairmithe oibre sóisialta.
Forbrófar córas cuí chun tús áite a thabhairt do chásanna le measúnú a dhéanamh orthu bunaithe ar riosca (e.g. Ard, Meánach, Íseal) faoi mhaoirseacht an Uasail Ward agus an Ghrúpa Stiúrtha.
Tá obair idir lámha leis an earnáil phobail agus dheonach agus leis na soláthróirí seirbhíse chun foireann gairmithe a shainaithint chun tabhairt faoin scrúdú folláine. D’fhéadfadh baill foirne Tusla atá ag ann faoi láthair, baill foirne Tusla atá ar scor agus foireann chonartha a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a bheith i gceist leis seo.
Beidh meascán de theagmháil dhíreach leis na teaghlaigh agus úsáid na gcóras stáit atá ann faoi láthair mar shampla an scoil agus bunachair sonraí luathfhoghlama i gceist leis an scrúdú folláine. Tá comhaontú ann idir gach gníomhaireacht stáit le bheith ag comhoibriú air seo.
Beidh a laghad tionchair agus is féidir ar oibrithe sóisialta agus ar oibrithe cúraim shóisialta atá ag obair sna seirbhísí tosaigh de chuid Tusla, fad is a bheidh foireann thiomnaithe gairmithe ag obair ar an scrúdú folláine. Meastar nach mbeidh baint dhíreach ag baill foirne Tusla atá ann faoi láthair leis, go príomha, ach amháin nuair a shainaithnítear imní faoi fholláine le linn an scrúdaithe folláine.
Ceann de na dúshláin atá roimh an scrúdú folláine is ea líon mór na dteaghlach agus na n-aosach óg a fhágann an tír gach bliain. Formhór an ama, ní bhíonn aon cheanglas dlíthiúil orthu an stát a chur ar an eolas, an turas thar lear chun críocha sealadacha é, mar shampla laethanta saoire, nó an é go bhfuil siad ag imeacht go buan.
Mar sin féin, is próiseas ríthábhachtach é an scrúdú folláine, lena gcuirfear leibhéal suntasach gealltanais ar fáil agus lenar féidir bealaí a shainaithint chun an córas cosanta leanaí a neartú.
Dúirt an tAire Foley freisin:
“Táimse tiomanta do na hacmhainní riachtanacha uilig a chur ar fáil chun tacú leis an scrúdú folláine seo. Leag mé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an obair seo a chur i gcrích chomh luath agus is féidir, gan cur as dá críochnúlacht ná dá caighdeán. Táim iomlán cinnte, faoi shaintreoir Tanya Ward, go gcuirfear gealltanas ar fáil leis an scrúdú seo maidir le sábháilteacht na leanaí ar dúnadh a gcás le linn na paindéime. Tabharfar léargas tábhachtach chun tacú lenár gcuid oibre leanúnaí chun leanaí a chosaint agus chun tacú le teaghlaigh. Amárach, beidh mé mar chathaoirleach ar chruinniú an Ghrúpa Idir-Rannaigh Tús Áite do Leanaí, d’fhonn bealaí a shainaithint chun feabhas a chur ar bhualadh isteach ar leanaí óga fud fad an chórais.”
Aontófar comhdhéanamh deiridh an Ghrúpa Stiúrtha leis an gCathaoirleach agus beidh an Grúpa freagrach as modheolaíocht agus próiseas an scrúdaithe folláine a fhaomhadh agus a iniúchadh.
Forbrófar agus aontófar Téarmaí Tagartha an Ghrúpa Stiúrtha agus an mhodheolaíocht mhionsonraithe don scrúdú folláine faoi cheannaireacht an Uasail Ward. Rachaidh an Grúpa Stiúrtha i gcomhairle páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí, mar shampla an tOmbudsman do Leanaí agus an Rapporteur Speisialta maidir le Cosaint Leanaí.
Cuirfear nuashonraithe rialta ar fáil don aire gach sé seachtaine maidir le dul chun cinn an scrúdaithe. Táthar ag súil le go mbeidh an obair curtha i gcrích faoi dheireadh mhí Mhárta na bliana seo chugainn, ag brath ar chomhairle agus ar threoir an Chathaoirligh neamhspleách agus an Ghrúpa Stiúrtha.