Fógraíonn an tAire Foley Plean Caipitil Earnála PFN 2026–2030 de chuid na Roinne lena ngabhann infheistíocht €795 milliún
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Nollaig 2025
- Infheistíocht €278 milliún i Sainbhonneagar Míchumais – lena méadaítear na leibhéil infheistíochta caipitil reatha faoi dhó.
- Infheistíocht €188 milliún i gCosaint Leanaí agus Tusla
- Infheistíocht €188 milliún i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige.
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, Plean Caipitil Earnála 2026–2030 de chuid a Roinne mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) an Rialtais. Sa phlean, leagtar amach €795 milliún in infheistíocht chaipitil ar feadh cúig bliana chun seirbhísí do leanaí, teaghlaigh, agus daoine faoi mhíchumas a neartú ar fud na hÉireann.
Leis an bplean, leagtar amach tionscadail tosaíochta agus cláir na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais do 2026–2030, lena dtugtar soiléire maidir le hinfheistíocht fhadtéarmach i gcúram leanaí, seirbhísí míchumais, cosaint leanaí, ceartas óige, agus seirbhísí eile.
Ar na príomh‑leithdháiltí tá:
- Seirbhísí Míchumais: infheistíocht €278 milliún i sainbhonneagar míchumais, chun tacú le hionaid chónaithe nua, áiseanna faoisimh, seirbhísí lae, ionaid foirne ildisciplíneacha, agus seirbhísí eile. Leis an infheistíocht sin, méadófar leibhéil chaipitil reatha faoi dhó, agus soláthrófar i gcomhar le FSS í.
- Cosaint Leanaí agus Tusla: €188 milliún chun acmhainn chónaithe agus sainchúraim a mhéadú do leanaí faoi chúram, lena n‑áirítear aonaid céim síos nua, áiseanna sainchúraim uasghrádaithe, agus forbairt leanúnach áiseanna leanbhlárnacha Barnahus.
- Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí: €188 milliún chun acmhainn agus soláthar áiteanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí a mhéadú, lena n‑áirítear trí bhonneagar faoi stiúir an Stáit, chomh maith le hinfheistíocht sa bhonneagar seirbhíse atá ann cheana.
Is ionann na trí réimse sin agus breis agus 82% den leithdháileadh iomlán. Leis an maoiniú atá fágtha, tacófar le feabhsuithe ar Champas Coinneála Óige Bhaile an Oibricigh, agus le gealltanas Chlár an Rialtais chun Lárionad Náisiúnta um Thaighde agus Cuimhneachán a thógáil, i dteannta forbairt leanúnach ar áiseanna súgartha agus áineasa.
Arsa an tAire Foley:
"Leis an bplean caipitil réamhbhreathnaitheach seo, léirítear ár dtiomantas do sheirbhísí a fhaigheann tacaíocht ón stát a neartú do leanaí, teaghlaigh, agus daoine faoi mhíchumas ar fud na tíre. Le linn na gcúig bliana atá le teacht, tógfaimid áiseanna lena dtacaítear le seirbhísí ardcháilíochta agus torthaí níos fearr dóibh sin is mó a bhíonn ag brath orthu.
Leis an bPlean, tugtar tosaíocht do phríomhghealltanais Chlár an Rialtais, lena n‑áirítear acmhainn agus soláthar áiteanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí a mhéadú, seirbhísí míchumais a leathnú, bonneagar cúraim Tusla a fheabhsú, Baile an Oibricigh a uasghrádú, agus an Lárionad Náisiúnta um Thaighde agus Cuimhneachán a chur chun cinn. Leis na hinfheistíochtaí sin, cinnteofar go mbeidh ár gcuid seirbhísí oiriúnach don todhchaí agus go ndéanfar ár ndúthracht i leith tacú le gach leanbh agus teaghlach ag a bhfuil gá leo a léiriú leo."
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins:
"Fáiltím roimh an infheistíocht shuntasach i seirbhísí míchumais. A bhuí le soláthar ionad cónaithe nua, leathnú seirbhísí faoisimh agus lae, agus forbairt áiseanna ildisciplíneacha atá oiriúnach don fheidhm, feabhsófar saol daoine atá faoi mhíchumas agus a dteaghlach go díreach, agus rochtain ar sheirbhísí nua‑aimseartha, ardcháilíochta á gcinntiú cibé áit a bhfuil cónaí orthu."
Ar na tionscadail shamplacha faoi Phlean Caipitil Earnála PFN de chuid na Roinne tá:
- Clár bonneagair luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus áiteanna luathfhoghlama breise a sholáthar mar a bhfuil an t‑éileamh is mó.
- Bonneagar seirbhíse míchumais cónaithe agus lae nua agus leathnaithe.
- Áiseanna Tusla neartaithe, lena n‑áirítear ionaid céim síos nua agus feabhsuithe ar na seirbhísí sainchúraim atá ann cheana, chun brú ar shainchúram a laghdú.
- Athchóiriú agus nuachóiriú Lárionad Coinneála Óige Bhaile an Oibricigh, lena n‑áirítear cóiríocht, áiseanna comhroinnte agus bonneagar TFC.
- Forbairt leanúnach ar an Lárionad Náisiúnta um Thaighde agus Cuimhneachán chun urraim a thabhairt do na daoine uile a bhí ina gcónaí i Scoileanna Saothair, Neachtlanna Mhaigdiléana, Institiúidí Máithreacha agus Naíonán agus Institiúidí Cónaithe Contae, Reifirméisin, agus institiúidí gaolmhara, agus na daoine sin uile ag a bhfuil taithí saoil ar an uchtú stairiúil agus ar chórais curtha ar lóistín in Éirinn.
- Áiseanna súgartha agus áineasa feabhsaithe do leanaí agus déagóirí trí dheontais chaipitil de chuid an údaráis áitiúil.
Nótaí:
Leithdháileadh €795 milliún i maoiniú caipitil ar an Roinn le haghaidh 2026–2030 faoin bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe.
Miondealú ar Leithdháileadh Caipitil Foriomlán na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais do na Blianta 2026-2030
|
Réimsí Cláir na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais |
Leithdháileadh Iomlán €m 2026 – 2030 |
Leithdháileadh €m 2026 |
Leithdháileadh €m 2027 |
Leithdháileadh €m 2028 |
Leithdháileadh €m 2029 |
Leithdháileadh €m 2030 |
|
1. Tusla |
€188 |
€35 |
€38 |
€38 |
€38 |
€39 |
|
2. Míchumais |
€278 |
€43 |
€48 |
€55 |
€58 |
€74 |
|
3. Na Luathbhlianta (Nóta 1) |
€197(1) |
€45 (1) |
€38 |
€38 |
€38 |
€38 |
|
4. Réimsí eile – Rannpháirtíocht, Súgradh agus Áineas, Ceartas Óige, an tIonad Náisiúnta Cuimhneacháin |
€141 |
€24 |
€51 |
€44 |
€16 |
€6 |
|
Iomlán |
€804 |
€147 |
€175 |
€175 |
€150 |
€157 |
Nóta 1: Le Leithdháileadh Luathbhlianta 2026, áirítear €9m a tugadh ar aghaidh ó 2025 chuig 2026. Leis sin, méadaítear leithdháileadh 2026 ó €36m chuig €45m agus an leithdháileadh foriomlán do 2026 ó €138m chuig €147m. Tá Uasteorainneacha Caipitil Comhaontaithe foriomlána PFN cothrom le €795m. Leis an méid breise €9m méadaítear sin chuig €804m.
Beidh Plean Caipitil Earnála PFN 2026–2030 de chuid na Roinne le fáil ar gov.ie anseo: https://www.gov.ie/en/department-of-children-disability-and-equality/publications/national-development-plan-review-2025-securing-irelands-future/