Fógraíonn an tAire Foley maoiniú do 49 tionscadal piarthacaíochta tuismitheoireachta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley maoiniú do 49 tionscadal piarthacaíochta tuismitheoireachta

Inniu, d'fhógair an tAire Leanaí, Míchumais, agus Comhionannais, Norma Foley, sonraí maidir le 49 tionscadal piarthacaíochta tuismitheoireachta.

Tarlaíonn piarthacaíocht tuismitheoireachta nuair a thacaíonn tuismitheoirí lena chéile trína gcuid eolais a chomhroinnt, gníomh a laghdaíonn an t-uaigneas agus a spreagann tuismitheoirí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus chun folláine a bhaint amach.

Áirítear leis seo piarthacaíocht do thuismitheoirí a bhfuil eispéiris chomhchosúla saoil acu, amhail páiste a thógáil a bhfuil riachtanais chasta aige nó aici nó a bhfuil fadhb mheabhairshláinte aige nó aici.

Tugann taighde le fios go mbíonn tuismitheoirí níos compordaí ag lorg tacaíochta óna gcuid piaraí agus go gcuireann tionscadail piarthacaíochta tuismitheoireachta scileanna sláintiúla tuismitheoireachta, cumhachtú tuismitheoirí agus muintearas chun cinn.

I mbliana, tháinig méadú ar luach iomlán Ag Tacú le Tuismitheoirí, an Ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2026, ó €100,000 go €152,500. Tá méadú tagtha ar líon iomlán na seirbhísí ar ar bronnadh maoiniú ó 42 seirbhís go 49 seirbhís.

Tá deontais suas le €5,000 á gcur ar fáil d’eagraíochtaí a oibríonn le tuismitheoirí agus/nó le cúramóirí chun tacú leo tionscnaimh piarthacaíochta tuismitheoireachta a fhorbairt.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá lúcháir orm sonraí na dtionscadal a bheidh ag fáil maoiniú ón gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2025/26 a fhógairt.

Is léir go mbaineann an-chuid buntáistí leis na cláir seo ina dtacaíonn tuismitheoirí lena chéile. Is é sin an fáth ar chuir mé leis an méid maoinithe atá ar fáil, le go bhféadfaimis tacú go díreach le seachadadh níos mó tionscadail piarthacaíochta ar fud na tíre.”

Bronnfar deontais de €5,000 ar dhá thionscadal déag chun tógáil ar thionscnamh tacaíochta tuismitheoireachta atá ag oibriú ar son tuismitheoirí cheana, agus bronnfar deontais de €2,500 ar 37 tionscadal le gur féidir iad a reáchtáil fós nó le gur féidir leo tionscnamh nua piarthacaíochta do thuismitheoirí a bhunú.

Bronntar an maoiniú seo faoi Ag Tacú le Tuismitheoirí, Samhail Náisiúnta do Sheirbhísí Tacaíochta Tuismitheoireachta, samhail a bhfuil sé mar aidhm léi muinín agus cumas gach tuismitheora agus cúramóra a chothú agus iad ag feidhmiú ina ról tuismitheoireachta féin, ag cinntiú go mbaintear amach na torthaí is fearr do pháistí agus dá dteaghlaigh.

Le ciste 2026, tacaítear le réimse leathan tionscnamh faoi stiúir piaraí, lena n-áirítear tacaíochtaí do thuismitheoirí ag a bhfuil páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu, cláir do theaghlaigh a dtéann an foréigean teaghlaigh i bhfeidhm orthu, agus tuismitheoirí a bhfuil páistí LADTIA+ acu.

Faoi Leibhéal 1 den chiste, bronntar deontais de €2,500 ar iarratasóirí rathúla a oibríonn tionscadal piarthacaíochta tuismitheoireachta faoi láthair, nó ar mian leo tionscadal piarthacaíochta tuismitheoireachta nua a bhunú.

Faoi Leibhéal 2 den chiste, bronntar deontais de €5,000 ar iarratasóirí rathúla ar mian leo tionscadal piarthacaíochta tuismitheoireachta atá ann cheana a fhorbairt a bhfuil tionchar dearfach cruthaithe aige ar thuismitheoirí.

Cuirfear faisnéis ar fáil maidir le tionscnaimh mhaoinithe a bheidh ann amach anseo faoin tSamhail Náisiúnta do Sheirbhísí Tacaíochta Tuismitheoireachta ar shuíomh gréasáin na Roinne agus ar chainéil meán sóisialta níos déanaí i mbliana.

Iarratasóirí rathúla

Ainm na Seirbhíse

Seoladh na Seirbhíse

Maoiniú a Bronnadh

Ionad Acmhainní Teaghlaigh na Sionainne

Radharc Rinn Eanaigh, Co. an Chláir, V14 XV97

€5,000

FASD Éireann

51 Sráid Uí Chonaill, Inis, Co. an Chláir, V95 YY19

€2,500

Cumann na mBodhar, Corcaigh

5 Sráid Mhic Curtáin, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí, T23 KD39

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Mhaigh Chromtha

Coill na nGoirtíní, Baile Mheasaigh, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí, P12 Y932

€2,500

The Together Collective

Sráid Sackville, Dún Mánmhaí, Co. Chorcaí, P47 V500

€2,500

Ionad Crann

Bóthar Chlais an Ghainimh, Na hUamhanna, Co. Chorcaí, P31 PX39

€2,500

Spraoi agus Spórt CTR

Aonad 7 SuperValu, Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall, F93 AY6D

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Fatima, Seirbhís Tacaíochta agus Teiripe Teaghlaigh Fatima

Ionad F2, 3 Plaza Reuben, Baile Átha Cliath 8, D08 DKP6

€5,000

Saoirse, Seirbhísí Foréigin Teaghlaigh

Aonad 23, Bloc 3, Faiche an tSráidbhaile, Tamhlacht, Baile Átha Cliath,

€5,000

Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (Gaeilge 365)

Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08RF3F

€5,000

Páistí san Ospidéal, Éire

Svuít 113, 4-5 Bóthar Halla an Bhurtúnaigh, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 18, D18 A094

€5,000

Belong To LGBTQ+, Éire

Teach na Parlaiminte, 13 Sráid na Parlaiminte, Baile Átha Cliath 2, D02 P658

€2,500

Tionscnamh Luathfhoghlama

Coláiste Náisiúnta na hÉireann, Sráid an Mhéara Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 K6W2

€2,500

Arfid Advocacy, Éire

6 Bóthar Fhearna, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 18, D18 FP98

€2,500

Aoibheann’s Pink Tie

Aonad 13, Tairseach C, Céide Pháirc Chnocán na Rós, Páirc Ghnó Pháirc Chnocán na Rós, Baile Átha Cliath 11, D11 FTP4

€2,500

Muscular Dystrophy Ireland

75 Bóthar Leamhcáin, Séipéal Iosóid, Baile Átha Cliath 20, D20 DR77

€2,500

Teach Naomh Mícheál, Foireann Líonra Míchumais Leanaí Cois Cósta

Teach Naomh Mícheál, Sráid an Choláiste, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13, D13 W827

€2,500

Tionscadal na Saoirsí

90 Sráid na Mí, Baile Átha Cliath 8, D08 TPH9

€2,500

Foireann Líonra Míchumais Leanaí na Gaillimhe Thoir, Ros Comáin Theas, FSS an Iarthair/an Iarthuaiscirt

Campas Bhreandáin, Bóthar an Locha, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, H62 Y437

€5,000

Seirbhísí Sóisialta Bhéal Átha na Sluaighe

Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus Pobail Bhéal Átha na Sluaighe, Breacarnach, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, H53 KC98

€2,500

COPE, Gaillimh

Teach Calbro, Bóthar Thuama, Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe, H91 XR97

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh an Ghoirt

Sráid na hEaglaise, Ballyhugh, An Gort, Co. na Gaillimhe, H91 A7XV

€2,500

Scoil Speisialta Ghleanntán na Rós

Ionad Woodlands, Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Rinn Mhór, Gaillimh, H91 PC96

€2,500

Scoil Ealaíon Theach West End

An tSráid Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí, V93 HH64

€2,500

Coiste Contae Chill Dara um Chúram Leanaí

Aonad 21, Ionad Fiontraíochta Thompson, Páirc Ghnó Chlaonta, Claonadh, Co. Chill Dara, W91 E6NY

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chnoc Theas

267/268 Páirc Dhonnchaidh Uí Mháille, Cnoc Theas, Co. Luimnigh, V94 X998

€5,000

Dóchas, Tacaíocht Uathachais an Iarthair Láir

14 Sráid Parnell, Co. Luimnigh, V94 D378

€5,000

Siondróm Down Luimnigh

Aonad 2, Ionad Gnó Pháirc Chaladh an Treoigh, Caladh an Treoigh, Co. Luimnigh, V94 D998

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chromadh

Muileann Chromadh, Bóthar na hEaglaise, Cromadh, Co. Luimnigh, V35 E306

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh an Ospidéil CTR

Bóthar Chnoc Áine, Co. Luimnigh, V35 RP26

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Thuaisceart na Cathrach

Bóthar Chluain Canáin, Baile na Neanta, Co. Luimnigh, V94 APX8

€2,500

Ionad Síciteiripe Phoenix Creative

Teach Tait, Ascaill Uí Choileáin, Bóthar Bhaile an Róistigh, Co. Luimnigh, V94 NXT8

€2,500

Ionad Tearmainn do Mhná agus do Leanaí, Droichead Átha

Lána an tSagairt, Droichead Átha, Co. Lú, A92 N90P

€5,000

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh agus Pobail Iorrais

f/ch Ionad Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Logmore, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, F26 NY73

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh TACÚ CTR, Baile an Róba, A Space of Our Own Club

Teach an Chomhair Creidmheasa, An Phríomhshráid, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo, F31 KT57

€2,500

Tearmann do Mhná agus Seirbhísí Tacaíochta, An Mhí

39 Cnoc na mBláth, An Uaimh, Co. na Mí, C15 HF72

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhaile Átha Troim

22 Céide Bhaile Uí Mhornáin, Baile Átha Troim, Co. na Mí, C15 R853

€2,500

Coiste Bhaile Átha Troim atá Oiriúntach don Uathachas

Ballardin, Dún Doire, Baile Átha Troim, Co. na Mí, C15 YFH9

€2,500

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Ros Comáin Theas

17 Radharc an Chaisleáin, Sráid an Chaisleáin, Co. Ros Comáin, F42 N971

€2,500

Lifestart Supporting Parents

Lifestart Supporting Parents, Liatroim, Sligeach agus Iarthar an Chabháin, Bóthar an Phiarsaigh, Co. Shligigh, F91 K5TF

€2,500

Piarghrúpa Tacaíochta an Phoirt Nua do Thuismitheoirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais ag a gcuid páistí

f/ch Coláiste an Phoirt Nua, An Bóthar Dubh, An Port Nua, Co. Thiobraid Árann, V94 A3W4

€2,500

Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh Responds

 

Cnocán an Aeir, Plás Dhoiminic, Co. Phort Láirge, X91 A397

€5,000

Tacaíocht Uathachais Dhún Garbháin

Coill Bhaile Choilltigh, Ráth Ó gCormaic, Carraig na Siúire, Co. Phort Láirge, E32 XR88

€5,000

Chronic Health Advocate CTR

Cill Chonáin, Dún Aill, Co. Phort Láirge, X91F2Y9

€5,000

Ionad Teaghlaigh agus Pobail Naomh Bríd

37 An Bóthar Buí Íochtarach, Co. Phort Láirge, X91 C7WT

€2,500

PETE, Port Láirge

PETE, Port Láirge – Focus Éireann, An Chéad Urlár, Uimh. 7 An Meal, Co. Phort Láirge, X91 FY7K

€2,500

The Behaviour Clinic

Aonad R6, Bóthar Chluain Ard, Ionad Pobail Chluain Ard, Co. Loch Garman, Y35 WR02

€2,500

Finding Motherhood

An Ghreanach Mhór, An Chrois, Baile Coimín, Co. Chill Mhantáin, W91 TX33

€2,500

Tacaíocht Ailse Teach Corcra

Teach Corcra, 2 Ardán Duncairn, Bóthar Bhaile Uí Chuinn, Bré, Cill Mhantáin, A98 W6Y8

€2,500


Notes to Editor

Forbraíodh Ag Tacú le Tuismitheoirí: Samhail Náisiúnta do Sheirbhísí Tacaíochta Tuismitheoireachta i gcomhréir le gealltanas a tugadh in Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028. Ba mheitheal chomhoibríoch faoi stiúir na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE) a d’fhorbair an tsamhail, i gcomhar le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud ranna éagsúla rialtais, gníomhaireachtaí éagsúla agus eagraíochtaí éagsúla pobail agus deonacha.

Leis an gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí, tógtar ar ghealltanais a leagtar amach in Ag Tacú le Tuismitheoirí, trí mhaoiniú a chur ar fáil d’fheabhsú agus do chur chun cinn tacaíochtaí do thuismitheoirí. Bunaíodh an ciste seo in 2023 agus is féidir le heagraíochtaí pobail, deonacha agus reachtúla a oibríonn tionscnaimh piarthacaíochta tuismitheoireachta cur isteach air.

Bhíothas in ann cur isteach ar an gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2026 idir an 30 Meán Fómhair agus an 31 Deireadh Fómhair 2025, agus dáileadh maoiniú iomlán de €152,500 ar fud 49 eagraíocht.

Is féidir ceisteanna a chur chuig parentingsupport@dcde.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat