Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil sé i gceist aici col ceathracha a chur san áireamh i gClár Céannachta faoin Acht um Adhlacthaí Forais, 2022
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, go bhfuil sé i gceist aici col ceathracha a chur san áireamh mar bhaill teaghlaigh incháilithe ar féidir leo páirt a ghlacadh i gClár Céannachta faoin Acht um Adhlacthaí Forais 2022.
Rinne sí an fhógairt tar éis cruinniú Comh-aireachta ar maidin ina bhfuair sí faomhadh an Rialtais chun na leasuithe riachtanacha ar Acht 2022 a dhréachtú.
Chuir an tAire na moltaí faoi bhráid an Rialtais de bhun comhairle eolaíochta uasdátaithe a thug Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann di, agus a thacaíonn le col ceathracha a chur san áireamh i gClár Céannachta faoin Acht.
Má ritheann Tithe an Oireachtais an reachtaíocht riachtanach, beidh col ceathracha na leanaí ar meastar gur adhlacadh ar shuíomh an iar-Fhorais Máithreacha agus Naíonán i dTuaim iad in ann páirt a ghlacadh sa Chlár Céannachta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an suíomh.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Foley:
“Tá a fhios agam go bhfuil an Clár Céannachta an-tábhachtach do dhaoine a chreideann go bhfuil baill teaghlaigh dá gcuid adhlactha ar shuíomh an iar-Fhorais Máithreacha agus Naíonán i dTuaim.
Chuir Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann ar an eolas mé le déanaí faoi fhorbairtí eolaíochta ó achtaíodh an reachtaíocht a chuireann ar ár gcumas meaitseáil ADN a dhéanamh atá ar chaighdeán atá sách ard go dtacóidh sí le col ceathracha a chur san áireamh i gClár Céannachta.
Tuigim go bhfuil col ceathracha ann a bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh i gClár Céannachta Thuama. Mar sin, bhí mise agus an Rialtas tiomanta do gníomhú thapúil ina leith nuair fuaireamar an chomhairle eolaíochta is déanaí.
Tá an Rialtas tar éis faomhadh a thabhairt do mo mholadh leasú a dhéanamh ar an Acht um Adhlacthaí Forais 2022 chun col ceathracha a chur san áireamh i gClár Céannachta.”
Anois, beidh oifigigh sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ag obair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun leasuithe a dhréachtú ionas gur féidir iad a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais chomh luath agus is féidir.