Fógraíonn an tAire Foley scéim nua caipitil dar luach €10 milliún le haghaidh seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley scéim nua caipitil dar luach €10 milliún le haghaidh seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí

D'fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, inniu go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais anois ar scéim cistithe caipitil, ar fiú €10 milliún í, lena gcuirfear ar fáil líon suntasach spásanna breise i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí.

Le Céim 2 den Scéim Deontais Sínte um Bloic Thógála, cuirfear deontais ar fáil do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí ar Seirbhísí Bunmhaoinithe Comhpháirtíochta iad, idir sheirbhísí pobail agus seirbhísí príobháideacha, le go bhféadfaidh siad cur lena gcuid seirbhísí trí shíneadh a chur leis na háitribh atá acu cheana féin.

Is féidir le soláthraithe pobail iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €100,000 agus €530,000 [HO1] [HO2] chun síneadh a chur leis na háitribh atá acu cheana féin. Is féidir le soláthraithe príobháideacha iarratas a dhéanamh ar dheontas caipitil idir €50,000 agus €265,000 chun síneadh a chur leis na háitribh atá acu cheana féin.

Ní mór do gach tionscadal glanmhéadú a sholáthar ar líon na spásanna lánaimseartha do leanaí idir aon bhliain agus trí bliana d’aois. Ní mór Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch a chur san áireamh do gach tionscadal freisin.

Agus oscailt na scéime á fógairt aici, dúirt an tAire Foley:

“Tá lúcháir orm an scéim seo a sheoladh go hoifigiúil, scéim trína méadófar líon na spásanna ardchaighdeáin inacmhainne atá ar fáil, go háirithe do leanaí óga. Tógann an scéim ar rath Chéim 1 den Scéim Deontais Sínte um Bloic Thógála, atá i bhfeidhm cheana féin, agus lena gcuirfear suas le 1,500 spás breise ar fáil.”

Tá an Scéim Deontais Sínte um Bloic Thógála mar chuid den Chlár Caipitil Bloic Thógála níos leithne a chuirtear ar fáil d’earnáil na Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (PFN), arna leasú.

Cuirfear an scéim i bhfeidhm le taobh an Chláir Caipitil faoi stiúir an Stáit d’earnáil na Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí, clár dá gcuirfear €135 milliún ar fáil sna cúig bliana atá romhainn, agus cuirfidh an scéim leis an gclár sin.

Tá réimse gníomhartha eile á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais chomh maith chun níos mó spásanna a sholáthar i suíomhanna ardchaighdeáin inacmhainne luathfhoghlama agus cúraim leanaí, lena n-áirítear infheistíocht i bhfad níos mó sa Scéim Bunmhaoinithe Comhpháirtíochta agus sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí le dhá bhliain anuas.

Nóta d’Eagarthóirí:

Bloic Thógála, Scéim Deontais Sínte

Is féidir le Seirbhísí Bunmhaoinithe Comhpháirtíochta cur isteach ar an scéim:

  • má chuirfidh siad spásanna lánaimseartha ar fáil do leanaí idir 1 bhliain–3 bliana d’aois (réamh-ECCE)
  • más seirbhísí páirtaimseartha, seirbhísí seisiúnacha agus seirbhísí cúram leanaí in aois scoile iad, atá sásta a gcuid oibríochtaí a leathnú agus spásanna lánaimseartha a chur ar fáil do leanaí idir 1 bhliain–3 bliana d’aois (réamh-ECCE)
  • má gheallann siad go n-osclófar go ceann 46 seachtain den bhliain, cúig lá in aghaidh na seachtaine agus 8 n-uair an chloig in aghaidh an lae.

Tá dhá shnáithe mar chuid den Scéim, is iad sin:

Snáithe pobail:

Is féidir le soláthraithe pobail iarratas a dhéanamh ar dheontas caipitil idir €100,000 (íosmhéid) agus €530,000 [HO1] [HO2] (uasmhéid) chun síneadh a chur leis na háitribh atá acu cheana féin.

Níl cistiú meaitseála riachtanach.

Beidh tionscadail idir €100,000 agus €680,000 incháilithe.

Ní mór don soláthraí aon chostais bhreise idir €530,000 agus €680,000 a bhaineann leis an tionscadal a mhaoiniú.

Snáithe príobháideach:

Is féidir le soláthraithe príobháideacha iarratas a dhéanamh ar dheontas caipitil idir €50,000 (íosmhéid) agus €265,000 (uasmhéid) chun síneadh a chur leis na háitribh atá acu cheana féin.

Beidh comhchistiú meaitseála riachanach.

Beidh tionscadail idir €100,000 agus €680,000 incháilithe.

Ní mór don soláthraí aon chostais bhreise idir €530,000 agus €680,000 a bhaineann leis an tionscadal a mhaoiniú.

Le go mbeidh tionscadal incháilithe, ní mór go mbeidh síneadh fisiciúil le háitribh atá ann cheana i gceist leis. Mar chuid de sin d’fhéadfaí síneadh fisiciúil a chur le háitreabh atá ann cheana nó foirgníocht mhodúlach a shuiteáil.

Ní mór go gcloífidh gach tionscadal beartaithe le Rialacháin Seirbhísí Luathbhlianta 2016 agus ní mór go gcuirfear Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Shuíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-óige san áireamh.

Is é 31 Iúil 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Ar an gcaoi sin, deimhneofar go mbeidh go leor ama ag na hiarratasóirí teagmháil a dhéanamh lena bhfoirne deartha agus lena n-aturnaetha roimh an spriocdháta. Rachfar i dteagmháil le seirbhísí maidir le toradh an phróisis breithmheasa i mí Mheán Fómhair 2026.

Is féidir le hiarratasóirí rathúla tús a chur lena gcuid tionscadal i ndiaidh an 1 Eanáir 2027 agus ní mór go dtabharfar gach tionscadal chun críche faoin 31 Nollaig 2027.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat