Fógraíonn an tAire Foley clár nua ar fiú €135 milliún é de sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí faoi stiúir an Stáit

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley clár nua ar fiú €135 milliún é de sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí faoi stiúir an Stáit

Tá sé fógartha ag an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, go gcuirfear €135 milliún ar fáil do sheirbhísí faoi stiúir an Stáit a chuireann luathfhoghlaim agus cúram leanaí inrochtana atá ar ardchaighdeán ar fáil.

Cuirfear tús leis an bpróiseas in 2026 nuair a gheofar foirgnimh i dtionscnamh ceannródaíoch don Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.

Úsáidfear maoiniú caipitil chun an foirgneamh a fháil agus/nó a fheistiú, ag brath ar na riachtanais. Oibreoidh an Roinn le soláthraithe seachbhrabúsacha chun seirbhísí a dhearadh agus a oscailt, agus reáchtálfaidh na soláthraithe sin na seirbhísí.

Roghnófar suas le hocht bhfoirgneamh le haghaidh infheistíochta i mbliana agus cuirfidh gach ceann acu níos mó ná 100 áit ar fáil. Cuirfidh an tionscnamh faoi stiúir an Stáit na mílte áit ar fáil suas go dtí 2030 ag baint úsáid as an €135 milliún a chuirtear ar fáil sa Phlean Forbartha Náisiúnta.

Agus an clár á lainseáil, dúirt an tAire Foley:

“Beidh an Stát ag gníomhú chun seirbhísí inrochtana ar ardchaighdeán a chruthú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo. Is céim cheannródaíoch é seo ón Rialtas chun tacú le leanaí agus le teaghlaigh”.

Tosóidh an Roinn trí mheasúnú a dhéanamh ar láithreáin agus ar fhoirgnimh atá ag teacht le spriocanna an chláir agus, nuair is gá, lorgóidh sí léirithe spéise ó oibritheoirí chun na seirbhísí seo atá faoi stiúir an Stáit a sholáthar.

Dúirt an tAire Foley freisin go raibh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i mbun plé le húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí Stáit, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún, maidir leis an bhféidearthacht foirgnimh a fháil.

“Tá plé ardleibhéil ar siúl le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin maidir leis an tsaoráid luathfhoghlama agus cúraim in Eastát Chaisleán Sheangánaí, agus tá raon tionscadal eile á meas freisin.”

“Cuirfear tús leis an gclár láithreach, agus déanfar suas le hocht seirbhís a mhaoiniú i mbliana. Méadóidh an leibhéal infheistíochta thar shaolré an Rialtais. Táim ag tnúth le bheith ag obair le hoibritheoirí seachbhrabúsacha chun luathfhoghlaim agus cúram leanaí ardchaighdeáin faoi stiúir an Stáit a sholáthar. Leis an tionscnamh seo atá faoi stiúir an Stáit, comhlánófar obair na soláthraithe luathfhoghlama agus cúraim leanaí príobháideacha agus pobail atá ann cheana, le tacaíocht ó na leibhéil is airde riamh den Bhunmhaoiniú.”

Trí chúram leanaí inrochtana, inacmhainne agus ar ardchaighdeán a bheith ar fáil i gcomharsanachtaí áitiúla, tacaítear le teaghlaigh agus neartaítear naisc phobail.

Díreofar go háirithe sna háiseanna nua faoi stiúir an Stáit ar áiteanna a chur ar fáil do leanaí 1-3 bliana d'aois toisc gurb é seo an áit is mó a bhfuil gá leis.

Leis an aidhm soláthar breise a chur ar fáil in áiteanna oiriúnacha áireofar ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha araon nach bhfuil freastal maith á dhéanamh orthu faoi láthair.

Tosaíocht eile is ea soláthar breise i gceantair faoi mhíbhuntáiste toisc go bhféadfadh tionchar an-dearfach a bheith ag an luathfhoghlaim ar leanaí atá i mbaol míbhuntáiste.

Gné eile atá le cur san áireamh ná an gá atá leis an soláthar a athchothromú in áiteanna áirithe ina bhfuil an-chuid soláthair phríobháidigh, ach leibhéil an-íseal cúraim leanaí pobail.

I measc na mbeart eile atá ar bun chun soláthar áiteanna a mhéadú tá babhta nua den scéim um Bloic Thógála in 2026, lena maoineofar síntí ar sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí atá ann cheana.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat