Fógraíonn an tAire Foley go bhfuiltear ag oscailt na n-iarratas don Tionscnamh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 25 Bealtaine 2026
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, inniu go bhfuiltear ag oscailt na n-iarratas ó eagraíochtaí incháilithe ar mhaoiniú ón Tionscnamh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh.
Bunaíodh an tionscnamh fostaíochta áitiúil in 2006 (mar an ‘Tionscnamh Speisialta don Lucht Siúil’) chun aghaidh a thabhairt ar na leibhéil díréireach ard de dhífhostaíocht agus tearcfhostaíocht a bhaineann don Lucht Siúil in Éirinn.
Oibrítear an clár trí shé oifig áitiúla i láthair na huaire, agus tacaítear le thart ar 300 duine in aghaidh na bliana leis.
Tá síneadh á chur leis an Tionscnamh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh anois chun pobail Romacha a chuimsiú mar chuid de ghealltanas faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II 2024–2028.
Ceapfar comhordaitheoir náisiúnta nua chun an tionscnamh a leathadh amach i níos mó suíomhanna ar fud na tíre freisin. Is iad méid agus riachtanais phobail an Lucht Siúil agus na Romach sna ceantair lena mbaineann a bheidh mar bhonn eolais faoi roghnú na suíomhanna.
Dúirt an tAire Foley:
“Le beagnach scór bliain anuas, táthar ag cur tacaíochtaí pobalbhunaithe ar fáil don Lucht Siúil mar chuid den tionscnamh seo chun an teacht atá acu ar fhostaíocht a chur chun feabhais. Cuirim fáilte roimh chuimsiú daoine as pobal na Romach sa tionscnamh mar aon lena leathadh amach chuig suíomhanna nua fud fad na tíre.
Tá sé sin ar bun mar chuid den ghealltanas soiléir faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II lena chinntiú go mbíonn tacaíochtaí fostaíochta, oideachais agus oiliúna inrochtana agus go bhfreagraíonn siad do riachtanais phobail an Lucht Siúil agus na Romach.”
De réir Dhaonáireamh 2022, ba é 61% an ráta dífhostaíochta do dhaoine as an Lucht Siúil atá 15-65 bliain d’aois, méid atá laghdaithe ó 80% mar a bhí i nDaonáireamh 2016. Ba é 17% an ráta dífhostaíochta do dhaoine as pobal na Romach i nDaonáireamh 2022, arbh é sin an chéad uair a taifeadadh a leithéid.
Cé go gcuirtear fáilte roimh an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine as an Lucht Siúil atá fostaithe, tá na leibhéil dífhostaíochta do phobal an Lucht Siúil agus pobal na Romach thar a bheith ard i gcónaí i gcomparáid leis an ráta dífhostaíochta don daonra tríd is tríd. Cuireann sé sin i dtábhacht na bacainní a bhíonn roimh chuid mhór daoine as pobal an Lucht Siúil agus pobal na Romach i dtaobh dul le fostaíocht, lena n-áirítear leithcheal i bpróisis earcaíochta agus laistigh den ionad oibre agus leibhéil níos ísle oideachais agus litearthachta. Croíchuid de na gníomhartha faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II is ea tacaíochtaí spriocdhírithe pobalbhunaithe, cuir i gcás an Tionscnamh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh.
Eagraíochtaí a bhfuil taithí acu ar thacaíochtaí earcaíochta, oiliúna, fostaíochta agus/nó abhcóideachta áitiúla a chur ar fáil don Lucht Siúil agus do na Romaigh, chomh maith leis na heagraíochtaí siúd a bhfuil cúlra acu i bhforbairt pobail nó for-rochtain piaraí, spreagtar dóibh iarratas a dhéanamh chun an Tionscnamh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh a sholáthar.
Lena thaobh sin, cuirtear fáilte roimh iarratais don ról mar Chomhordaitheoir náisiúnta an Tionscnaimh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh. Tacóidh an comhordaitheoir leis an Roinn maidir le maoirseacht a dhéanamh ar leathadh amach agus oibriú éifeachtach an tionscnaimh. Ba cheart d’iarratasóirí incháilithe taithí ábhartha a léiriú i dtaobh tacaíochtaí fostaíochta, oiliúna nó fiontraíochta a chur ar fáil, agus/nó taithí ag obair ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta chun freastal ar riachtanais phobal an Lucht Siúil agus phobal na Romach.
Nótaí d'Eagarthóirí
- Tá tuilleadh eolais maidir le critéir incháilitheachta, socruithe maoinithe agus próiseas na n-iarratas ar fáil ar an leathanach gréasáin maidir le hIonchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh (is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil).
- Is féidir teacht ar threoir mhionsonraithe ag na naisc thíos:
- NÓTA TREORACH DO CHOMHORDAITHEOIR AN TIONSNAIMH (is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil)
- NÓTA TREORACH D’OIFIGÍ ÁITIÚLA AN TIONSNAIMH (is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil)
Ní mór iarratais a chur isteach ar ríomhphost chuig equality@dcde.gov.ie faoi 12.00 meán lae ar an 17 Meitheamh 2026.
Is é an tAonad um Beartas don Lucht Siúil agus do na Romaigh laistigh den Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais a riarann an Tionscnamh Fostaíochta Áitiúil don Lucht Siúil agus do na Romaigh. Is féidir ceisteanna a bhaineann leis an scéim a chur chuig: equality@dcde.gov.ie