Seolann an tAire Foley iarratais ar Dheontais do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán dar Luach €350,000
- Foilsithe: 30 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Eanáir 2026
D'fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, go bhfuil iarratais ar Dheontais do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán dar luach €350,000 á seoladh inniu.
Is féidir an maoiniú a úsáid le haghaidh cuspóirí éagsúla lena n-áirítear bréagáin, trealamh agus leabhair do leanaí chomh maith le sólaistí agus sneaiceanna do leanaí. Is féidir é a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí leanaí amhail na healaíona agus ceardaíocht agus ceol chomh maith. Is féidir tacú le tuismitheoirí le cúrsaí tuismitheoireachta agus cúrsaí garchabhrach do leanaí freisin.
Ón lá inniu, Déardaoin, 15 Eanáir, tugtar cuireadh do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin tionscnamh seo trína gCoistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúla.
Tá na céadta grúpa Tuismitheoirí agus Lapadán ar fud na tíre. Is é an fócas i mbliana do dheontais Tuismitheoirí agus Lapadán 2026 ná tacú le grúpaí chun cabhrú le tuismitheoirí agus leanaí naisc a bhunú agus cuimsiú teaghlach ó gach cúlra, cumas agus cultúr a chur chun cinn.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá ríméad orm a bheith ag tacú le hobair iontach na ngrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán a thugann deis luachmhar do thuismitheoirí/cúramóirí a bhfuil leanaí óga acu bualadh le chéile sa phobal. Tá na grúpaí seo úsáideach do thuismitheoirí úra agus do thuismitheoirí atá díreach tar éis bogadh go ceantar go háirithe.”
Is é €1,000 an t-uasmhaoiniú incheadaithe iomlán atá le deonú do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán nua agus neamhspleácha in 2026, agus is é €800 an t-uasmhaoiniú incheadaithe atá le deonú do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán nua nó atá ann cheana féin atá mar chuid d'eagraíocht níos mó.
Tá maoiniú ar fáil chun Grúpaí Siúlóidí Bugaithe a bhunú agus a reáchtáil. Is siúlóidí sóisialta eagraithe do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus do leanaí óga iad na Grúpaí Siúlóidí Bugaithe. Is féidir leis an deontas costais amhail sólaistí, bileoga eolais, agus árachas a mhaoiniú. Tá sé oscailte d'aon eagraíochtaí nó grúpaí reatha nó nua ar mian leo sé shiúlóid eagraithe ar a laghad a chur ar fáil laistigh dá bpobal.
Leithdháilfear an maoiniú ar Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán ar fud na tíre trí Choistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúla.
DEIREADH
Nóta d’Eagarthóirí:
Cé go mbíonn Grúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán dírithe go traidisiúnta ar thuismitheoirí, is féidir leo leanaí agus a bhfeighlithe leanaí, a seantuismitheoirí agus caomhnóirí eile a chur san áireamh.
Tá maoiniú ar fáil le haghaidh:
• Bréagán, trealaimh agus leabhar le haghaidh gníomhaíochtaí taobh istigh agus taobh amuigh, agus sólaistí agus sneaiceanna do leanaí.
• Soláthairtí glantacháin.
• Stóráil le haghaidh trealaimh.
• Oiliúint do thuismitheoirí, e.g. garchabhair phéidiatraiceach, scileanna coiste, cúrsaí tuismitheoireachta agus éascú seisiún.
• Fearais gharchabhrach.
• Bileoga fógraíochta lena n-áirítear aon aistriúcháin atá de dhíth.
• Grúpaí Siúlóidí Bugaithe.
• Gníomhaíochtaí leanaí, e.g. ealaíona agus ceardaíocht, ceol.
• Beidh maoiniú ar fáil i dtreo árachais nó cíosa, suas le huasmhéid 50% den mhaoiniú iomlán do ghrúpaí nua agus do ghrúpaí atá ann cheana atá mar chuid d'eagraíocht níos mó e.g. Ionad Acmhainní Teaghlaigh. Ní féidir leis an gcomhchaiteachas ar árachas agus ar chíos a bheith níos mó ná 50% den mhaoiniú iomlán.
• Beidh maoiniú ar fáil i dtreo árachais nó cíosa, suas le huasmhéid 70% den mhaoiniú iomlán do ghrúpaí neamhspleácha nua agus do ghrúpaí neamhspleácha atá ann cheana nach bhfuil mar chuid d'eagraíocht níos mó. Ní féidir leis an gcomhchaiteachas ar árachas agus ar chíos a bheith níos mó ná 70% den mhaoiniú iomlán.
Ón Déardaoin, 15 Eanáir, tugtar cuireadh do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin tionscnamh seo trína gCoiste Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúil.
Tá coinníollacha i bhfeidhm agus tá na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí ar fáil chun riachtanais a phlé le grúpaí nua agus le grúpaí atá ann cheana.
Tá liosta de na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí ar fáil i mBéarla ag https://www.gov.ie/en/department-of-children-disability-and-equality/publications/city-and-county-childcare-committees.