Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Foley próiseas comhairliúcháin le haghaidh plean nua do leanaí sa chóras cúraim

D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, go cuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin le haghaidh an phlean nua do leanaí sa chóras cúraim.

I láthair na huaire, soláthraíonn an Stát cúram do thart ar 5,000 leanbh nach féidir leo fanacht faoi chúram a dtuismitheoirí. Is i gcúram altrama atá 90 faoin gcéad de na leanaí sin, ina soláthraítear timpeallacht shábháilte sheasmhach agus arb é an rogha is mó a bhfuil luí leis nuair is féidir.

Áirítear le cineálacha eile cúraim leanaí atá ag maireachtáil le daoine muinteartha (ar a dtugtar cúram gaoil), cúram i saoráidí cónaithe, cúram do leanaí dealaithe atá ag iarraidh tearmainn agus cúram speisialta do leanaí atá an-leochaileach agus a bhfuil próifílí casta síceolaíocha agus socheolaíocha acu.

Sheol an tAire Foley an próiseas comhairliúcháin go foirmiúil don Chreat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach ar an 3 Samhain, i gcomhpháirtíocht le raon éagsúil páirtithe leasmhara agus oifigeach ó Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla.

Beidh sé d’aidhm ag an gCreat Beartais Náisiúnta fís don todhchaí de chuid an Rialtais ina iomláine a chur in iúl don chúram malartach in Éirinn agus déanfar beart de réir briathair leis freisin maidir le tiomantas i gClár an Rialtais ina thaobh sin.

Glórtha agus tuairimí na leanaí agus na ndaoine óga siúd a bhfuil taithí acu ar an gcúram, cuirfear i gcroílár an Chreata Beartais Náisiúnta iad, óna fhorbairt chomh fada lena chur i gcrích. Beidh comhairliúchán fairsing ann freisin le páirtithe leasmhara agus saineolaithe.

Dúirt an tAire Foley:

“Creidim gurb é seo báire na fola dúinn mar thír agus muid ag forbairt beartas náisiúnta nua do leanaí sa chóras cúraim. Deis atá ann leis an uaillmhian agus an dualgas maidir le daoine óga faoi chúram a chur in iúl – agus is maith is eol dom gur uaillmhian agus dualgas iad sin a bhaineann linn ar fad.

Tá na leanaí siúd atá sa chóras cúraim ar chuid de na daoine óga is leochailí in Éirinn. Ní féidir leanbh ar bith a fhágáil ar lár – tá sé sin gan aon dealramh. Ní mór dúinn cuidiú agus tacú le gach uile leanbh chun lán a gcumais a bhaint amach.

Deis nach beag atá againn agus muid ag forbairt an Chreata Beartais Náisiúnta le heispéiris agus torthaí ár ndaoine óga faoi chúram agus na ndaoine siúd a d’fhág ár gcóras cúraim a chur chun feabhais.”

Tosaíodh ag forbairt an Chreata Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach den chéad uair i mí na Nollag 2024. Tá plean comhairliúcháin tugtha chun críche anois, agus reáchtáladh imeacht Halla an Bhaile ar fhreastail thart ar 100 príomhpháirtí leasmhar air i bPlás Blackhall ar an 3 Samhain 2025 chun an próiseas comhairliúcháin a sheoladh go foirmiúil.

Leanfar ar aghaidh leis an bpróiseas comhairliúcháin sna míonna atá le teacht agus beidh sraith fócasghrúpaí, imeachtaí déthaobhacha agus aighneachtaí i scríbhinn ann le príomhpháirtithe leasmhara, leanaí, daoine óga agus daoine aonair atá ag obair sa chúram malartach.

Soláthrófar an Creat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach sa samhradh in 2026, tar éis an phróisis láidir comhairliúcháin seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat