Seolann an tAire Foley comhairliúchán poiblí maidir leis an gcaoi a dtugann an stát aire do leanaí agus do dhaoine óga sa chóras cúraim
- Foilsithe: 16 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2026
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, comhairliúchán poiblí maidir leis an gcaoi a dtugann an stát aire do leanaí agus do dhaoine óga sa chóras cúraim.
Tugann an Stát aire do thart ar 6,000 leanbh nach féidir leo maireachtáil lena gcuid tuismitheoirí fola, ar bhealaí éagsúla de chúram malartach. Tá formhór na leanaí sin faoi chúram altrama, arb é an rogha is fearr é, de ghnáth, toisc go bhfuil sé ar an rogha is cosúla le timpeallacht baile teaghlaigh.
Áirítear le cineálacha eile cúraim leanaí atá ag maireachtáil le daoine muinteartha (ar a dtugtar cúram gaoil), cúram i saoráidí cónaithe, cúram do leanaí dealaithe atá ag iarraidh tearmainn agus cúram speisialta do leanaí atá an-leochaileach agus a bhfuil próifílí casta síceolaíocha agus socheolaíocha acu.
Inniu, tá an tAire Foley ag seoladh comhairliúchán poiblí ar líne le haghaidh an Chreata Beartais Náisiúnta maidir le Cúram Malartach a thosú a bheidh ar siúl ar feadh roinnt seachtainí go dtí deireadh mhí Márta 2026.
Dúirt an tAire Foley:
“Molaim do gach duine a bhfuil suim acu i bhforbairt beartais náisiúnta nua do leanaí agus do dhaoine óga sa chóras cúraim páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán ar líne seo. Deis is ea é an uaillmhian agus an dualgas atá againn go léir maidir le daoine óga faoi chúram a chur in iúl.
“Na leanaí siúd atá sa chóras cúraim, tá siad ar chuid de na daoine óga is leochailí in Éirinn. Ní féidir leanbh ar bith a fhágáil ar lár. Ní mór dúinn cuidiú agus tacú le gach uile leanbh chun lán a gcumais a bhaint amach.
“Deis nach beag atá againn agus muid ag forbairt an Chreata Beartais Náisiúnta chun feabhas a chur ar eispéiris agus ar thorthaí do dhaoine óga faoi chúram agus dóibh siúd a d’fhág ár gcóras cúraim.”
Léiríonn an comhairliúchán seo tiomantas an Rialtais maidir le cinntiú go gcuirtear glórtha agus tuairimí daoine a bhfuil taithí acu ar an gcúram i gcroílár an Chreata Beartais Náisiúnta, óna fhorbairt chomh fada lena chur i gcrích.
Beidh sé d’aidhm ag an gCreat Beartais Náisiúnta fís don todhchaí de chuid an Rialtais ina iomláine a chur in iúl don chúram malartach in Éirinn agus déanfar beart de réir briathair leis freisin maidir le tiomantas i gClár an Rialtais ina thaobh sin.
Féachtar leis an gcomhairliúchán poiblí seo ionchur a fháil trí shuirbhé ar líne, chomh maith le roghanna eile do dhaoine chun a tuairimí a roinnt trí ríomhphost nó tríd an bpost. Déanfaidh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais athbhreithniú ar fhreagraí ar an gcomhairliúchán poiblí chun eolas a dhéanamh do dhearadh agus d’fhorbairt an chéad Chreata Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach de chuid na hÉireann.
Tá an glao poiblí ar ionchur mar chuid de phróiseas níos leithne a bhaineann le comhairliúchán le leanaí, daoine óga, teaghlaigh, páirtithe leasmhara agus saineolaithe earnála. A bhuí le freagraí agus le haiseolas ón bpróiseas foriomlán comhairliúcháin, cuirfear ar chumas na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais saincheisteanna tábhachtacha a shainaithint agus cur le múnlú an Chreata Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach.
Is mian leis an Aire agus leis an Roinn cloisteáil ó réimse éagsúil daoine, lena n‑áirítear iad siúd ar féidir go bhfuil taithí phearsanta acu ar chóras cúraim mhalartaigh na hÉireann ach gan bheith teoranta dóibh, a bhfuil ionchur acu maidir leis an méid seo a leanas:
- An tréimhse a chaitheann leanbh faoi chúram malartach.
- An tréimhse sula bhfuil leanbh faoi chúram malartach, mar shampla cúrsaí a bhaineann le cosaint leanaí, tacaíocht teaghlaigh, nó luathidirghabháil.
- An tréimhse a thagann i ndiaidh do leanbh a bheith faoi chúram, mar shampla cúrsaí a bhaineann le hiarchúram nó le torthaí níos fadtéarmaí.
- Cúrsaí ábhartha eile.
Soláthrófar an Creat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach sa samhradh in 2026, tar éis an phróisis láidir comhairliúcháin seo.