Tá Comhairliúchán Poiblí Seolta ag an Aire Foley ar Athruithe atá Beartaithe do Reachtaíocht maidir leis an gClárú Breithe Mídhleathach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá Comhairliúchán Poiblí Seolta ag an Aire Foley ar Athruithe atá Beartaithe do Reachtaíocht maidir leis an gClárú Breithe Mídhleathach

Inniu, sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, comhairliúchán poiblí maidir le hathruithea atá beartaithe chun cuidiú le daoine a mbaineann an reachtaíocht maidir leis an gclárú breithe mídhleathach leo.

Tarlaíonn clárú breithe mídhleathach i gcás ina mbíonn ainmneacha na “dtuismitheoirí uchtála” ar theastas breithe linbh seachas tuismitheoirí breithe an linbh. I gcásanna áirithe, is féidir gur eisíodh dhá theastas breithe; i gcásanna eile, is féidir nár eisíodh ach teastas amháin, an clárú mícheart.

Leis an Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022 tugadh isteach réimse beart chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn do dhaoine lena mbaineann an clárú breithe mídhleathach agus mícheart leo.

Áiríodh leis na bearta sin leasuithe ar an Acht um Chlárú Sibhialta, 2004, chun ceart daoine chun clárú breithe cruinn a dhaingniú agus aitheantas dlíthiúil a thabhairt d’fhéiniúlachtaí ‘saoil’ daoine – i.e. an t-ainm atá ar a gclárú breithe mídhleathach.

Mar sin féin, tá tuilleadh athruithe iarrtha ag daoine a raibh a mbreith cláraithe go mídhleathach chun rochtain a mhéadú dá gclárú breithe agus chun leasú a chur ar roinnt den téarmaíocht a úsáidtear sa reachtaíocht.

Ceadófar leis na leasuithe beartaithe rochtain phoiblí ar a gclárú breithe a thabhairt do dhaoine a raibh a mbreith cláraithe go mídhleathach, nó de rogha air sin, duine amháin nó níos mó a ainmniú chun rochtain a fháil ar a gclárú breithe (mar shampla, daoine dá sliocht), de réir mar is mian leo. Ní dhéanfar difear leis sin do chearta daoine ar mian leo go bhfágfaí a gclárú príobháideach.

D’oibrigh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais go dlúth leis an bPríomh‑Oifig Chlárúcháin agus le hoifig an Ionadaí Speisialta do Mharthanóirí chun freagairt do na hiarratais ar athruithe a rinneadh.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá scéalta inste ag daoine ar an gcaoi a ndeachaigh an reachtaíocht reatha maidir leis an gclárú mídhleathach/mícheart i bhfeidhm ar a saolta agus ar a gcúinsí teaghlaigh. D’éist an Roinn go grinn, agus léirítear leis na leasuithe spriocdhírithe atá beartaithe anois na saincheisteanna a cuireadh in iúl. Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh agam ar na hathruithe beartaithe ós rud é gur mian liom a chinntiú go mbeidh an deis ag na daoine uile lena mbaineann an clárú breithe mídhleathach a gcuid tuairimí a thabhairt agus éisteacht a fháil do na tuairimí sin. Ba mhaith liom spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil taithí nó léargas acu sa réimse seo chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo ionas go mbeadh a dtuairimí ina mbunús le haghaidh na gcéimeanna atá le teacht.”

Faoi na hathruithe atá beartaithe, dhéanfaí athainmniú ar an gclár breithe a bhfuil clárú breithe mícheart ann, ar a dtugtar ‘clár faoi Chuid 3B’ faoi láthair, mar ‘chlár féiniúlachta saoil’. D’fhéadfaí iontráil ar an ‘gclár féiniúlachta saoil’ a chur ar fáil go poiblí nó do dhaoine sonracha (mar shampla, daoine dá sliocht) má chinneann duine déanamh amhlaidh go gníomhach.

Seachas a rá gur ‘cealaíodh’ clárú breithe mícheart duine, beartaítear gur cheart a lua sa reachtaíocht gur ‘tarraingíodh siar’ an clárú breithe mícheart. Is éard is cúis leis sin ná go ndúirt an-chuid daoine dá ndéantar difear gur measadh go raibh úsáid an fhocail “cealú” coibhéiseach lena bhféiniúlacht saoil a bheith á cealú. Leanann mórán daoine dá ndéantar difear dá bhféiniúlacht saoil a úsáid.

Tá an suirbhé poiblí ar líne oscailte le haghaidh aighneachtaí anois (ón 13 Márta 2026) agus dúnfar é an 10 Aibreán 2026, agus tá sé le fáil ar:

https://www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/comhairliuchain/public-consultation-on-proposed-targeted-amendments-to-the-civil-registration-act-2004-for-persons-affected-by-incorrect-illegal-birth-registration/

Táthar ag súil go mbeidh na hathruithe atá beartaithe san áireamh i mbille atá á fhorbairt ag an Roinn Coimirce Sóisialaí sna míonna atá romhainn.

Ar leithligh ón gcomhairliúchán sin, tá athbhreithniú reachtúil á dhéanamh ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais freisin ar oibriú an Achta um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, chun féachaint ar an méid atá ag feidhmiú go maith agus ar an méid is féidir a fheabhsú. In am agus i dtráth, foilseofar sonraí maidir le conas is féidir le daoine páirt a ghlacadh san athbhreithniú sin.


Nótaí don Eagarthóir

Tarlaíonn clárú breithe mídhleathach i gcás inarb amhlaidh nach iad tuismitheoirí breithe an linbh na daoine a ainmnítear ar theastas breithe an linbh. Sna cásanna sin, bíonn ainmneacha na dtuismitheoirí “uchtála” ar an teastas breithe, seachas na tuismitheoirí breithe.

Thug an Rialtas bearta suntasacha agus fairsinge isteach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn do dhaoine a mbaineann an clárú breithe mídhleathach leo. Tá cuid mhór de na bearta sin á soláthar tríd an Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, rud a síníodh ina dhlí an 30 Meitheamh 2022.

Le Cuid 9 den Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022 leasaíodh an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004 chun go bhféadfaidh an tArd‑Chláraitheoir:

  • Faisnéis a fháil nó a iarraidh i ndáil le daoine a bhí faoi réir clárú breithe mídhleathach;
  • Clárú breithe duine dá ndéantar difear a cheartú;
  • Clárú ar leith a chruthú i gclár nua, an ‘clár faoi Chuid 3B’ mar a ghairtear dó chun féiniúlacht saoil nó shóisialta duine a léiriú;
  • Agus innéacs a chruthú lena nasctar an clár nua d’fhéiniúlacht saoil le clár na mbreitheanna.

Ar an dóigh sin, le Cuid 9 d’Acht 2022 féachtar leis an gceart chun cláraithe breithe chruinn a dhaingniú do dhaoine lena mbaineann sé agus le haitheantas dlíthiúil a thabhairt d’fhéiniúlacht saoil an duine.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat