Dhá phlean gníomhaíochta nua le haghaidh na hearnála um fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile á bhfoilsiú ag an Aire Foley
- Foilsithe: 17 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Eanáir 2026
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, dhá phlean gníomhaíochta nua inniu le haghaidh na hearnála um fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile.
Tugtar gealltanas in ‘An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta’ go ndéanfar gníomhartha in 2026 chun seirbhísí a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inrochtana agus chun caighdeán a fheabhsú.
Déanfar cúrsaí riaracháin agus rialacháin a chuíchóiriú de dheasca ‘Simplíocht agus Tacaíocht: Plean Gníomhaíochta um Shimpliú’. Dá bharr sin, beidh sé níos éasca ag soláthraithe, oideoirí, cleachtóirí agus tuismitheoirí an córas a úsáid.
An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta
Comhlíonann ‘An Todhchaí a Mhúnlú’ gealltanas Chlár an Rialtais maidir le Plean Gníomhaíochta mionsonraithe a fhoilsiú chun córas inacmhainne inrochtana ardchaighdeáin a fhorbairt le haghaidh fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile.
Tá cur chuige céimnithe i gceist leis an bplean. Beifear ábalta feabhsúcháin ghasta a dhéanamh de bharr ghníomhartha Chéim 1 in 2026, agus reáchtálfar mórphróiseas comhairliúcháin phoiblí chun gníomhartha Chéim 2 a threorú do 2027-2029.
Áirítear le príomhghníomhartha Chéim 1 do 2026:
Inacmhainneacht:
- Na táillí is airde a ghearrtar ar thuismitheoirí ar fud na tíre a laghdú trí na huastáillí is féidir le Seirbhísí Comhpháirtíochta Bunmhaoinithe a ghearradh a ísliú ó Mheán Fómhair 2026. Fógrófar na huastáillí nua níos ísle sin in 2026 tar éis anailís a dhéanamh ar thuairisceáin airgeadais iomlána na soláthraithe.
- Costais a laghdú do theaghlaigh ísealioncaim trí thairseacha ioncaim na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí a ísliú. Méadófar an íostairseach ioncaim ó €26,000 go €34,000 agus méadófar an uastairseach ioncaim ó €60,000 go €68,000. Laghdaíonn lascaine na leanaí iomadúla ioncam inríofa na dtuismitheoirí le haghaidh an fhóirdheontais arna Mheasúnú ar Bhonn Ioncaim, mar shampla, chuirfí lascaine na leanaí iomadúla dar luach €11,000 i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí a bhfuil 3 leanbh agus ioncam €78,000 acu, rud a laghdódh a n-ioncam inríofa go €67,000 atá taobh istigh de na tairseacha nua.
- Rachaidh na hathruithe sin chun sochair do chóir a bheith 47,000 teaghlach de bharr fóirdheontais bhreise a thabhairt dóibh. Cinnteoidh sé go bhfaighidh teaghlaigh a bhfuil a n-ioncam faoi bhun na líne bochtaineachta ioncaim choibhneasta na fóirdheontais uasta ó Mheán Fómhair 2026.
Rochtain
- Soláthar a mhéadú trí infheistíocht i soláthar faoi stiúir an Stáit chomh maith le leathadh na soláthraithe atá ann faoi láthair a chómhaoiniú.
- Ceanglas rialála a thabhairt isteach le go bhfoilseoidh seirbhísí a mbeartais iontrálacha.
Caighdeán a Bhaint Amach
- Maoiniú imfhálaithe suas le €15 mhilliún a chur ar fáil ó Mheán Fómhair 2026 (nó suas le €45 milliún thar bhliain iomlán cláir) chun cabhrú le soláthraithe pá foirne a fheabhsú, rud a chuideoidh leo baill foirne a earcú agus a choinneáil.
- Rialacháin chuimsitheacha a thabhairt isteach faoi choinne seirbhísí Cúraim Leanaí in Aois Scoile mar chuid athbhreithniú níos leithne ar rialacháin.
- Tús a chur le hiarratais ar Chiste na bhFoghlaimeoirí um Scileanna a Chothú, 2026 chun tacú le huasoiliúint na n-oideoirí luathbhlianta le cáilíochtaí céime a bhaint amach.
- Athchóirithe rialála, lena n-áirítear athbhreithniú ar Rialacháin maidir le Feighlíocht Leanaí; rialacháin chuimsitheacha a thabhairt isteach maidir le Cúram Leanaí in Aois Scoile; ceanglais rialála a shimpliú agus, ag an am céanna, tacú le caighdeán an tsoláthair.
Agus í ag cur fáilte roimh an bhfoilseachán, dúirt an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley:
“Is cúis áthais dom céim a haon den Phlean Gníomhaíochta do na Luathbhlianta, ‘An Todhchaí a Mhúnlú’, a sheoladh, ina leagtar amach próiseas uaillmhianach athchóirithe a rachaidh chun tairbhe do leanaí, do theaghlaigh, agus dóibh siúd atá ag obair san earnáil um fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile.
Tá dul chun cinn nach beag déanta againn le blianta beaga anuas — b’ionann an maoiniú poiblí sa bhliain 2020 agus €638 milliún ach is €1.5 billiún a bheidh sé an bhliain seo chugainn. Tá líon na leanaí a bhfuil foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile ag dul chun tairbhe dóibh i ndiaidh méadú go mór agus tá méadú 5% eile ar an líon sin i mbliana, ag ardú ó thimpeall 234,000 leanbh in 2024 go dtí 245,000 leanbh i láthair na huaire.
Tá áthas orm a rá go bhfuil 4,559 seirbhís cláraithe le haghaidh Bunmhaoinithe; is méadú 5% é sin ar an am seo anuraidh. Is é sin an méid is mó Seirbhísí Comhpháirtíochta Bunmhaoinithe a bhí ann ag aon tráth ó seoladh an scéim thiar in 2022 agus tá an líon ag fás i rith an ama.
Mar sin féin, is éigean dúinn leanúint orainn leis an obair ar son na hinacmhainneachta, na hinrochtaineachta agus an chaighdeáin i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile. Tá seirbhísí inacmhainne inrochtana maidir le foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile de dhíth ar theaghlaigh. Maidir le hoideoirí luathbhlianta agus cleachtóirí cúraim leanaí in aois scoile, tá pá agus dálaí oibre atá ag teacht le gairmiúlacht a gcuid oibre de dhíobháil orthu. Tá seirbhísí ardchaighdeáin de dhíobháil ar leanaí.
Geallaim go n-oibreoidh mé go dlúth le gach duine atá ag plé le foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí tábhachtacha sin. Beidh tionchar ag céim a haon den phlean gníomhaíochta ar inacmhainneacht láithreach bonn; beidh uastáillí nua níos ísle do theaghlaigh a íocann na praghsanna is airde agus beidh fóirdheontais níos airde do theaghlaigh ar ioncam íseal
Reáchtálfar dianchomhairliúchán poiblí an bhliain seo chugainn le haghaidh chéim a dó den Phlean Gníomhaíochta sula dtosófar ar shlám athchóirithe móra chun an gealltanas a bhaint amach maidir le táillí tuismitheoirí a laghdú go dtí €200 ar a mhéad in aghaidh na míosa le linn réimeas an Rialtais, trí úsáid a bhaint as meascán d’fhóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí agus de bhearta rialaithe táillí.”
Beidh gníomhartha Chéim 2 bunaithe ar mhórchomhairliúchán poiblí a bheidh ar siúl sa chéad leath de 2026, agus ar bhailiú agus anailísiú breise sonraí. Foilseofar gníomhartha Chéim 2 níos moille in 2026.
D’fhoilsigh an tAire Foley ‘Simplíocht agus Tacaíocht: Plean Gníomhaíochta um Shimpliú’ freisin a bhfuil mar aidhm aige gealltanas Chlár an Rialtais — maidir le cúrsaí riaracháin a laghdú agus cúrsaí rialacháin a shimpliú san earnáil — a chur i gcrích. Dúirt sí:
“Is cúis áthais dom freisin ‘Simplíocht agus Tacaíocht: Plean Gníomhaíochta um Shimpliú’ a fhoilsiú, ina leagtar amach na céimeanna a ghlacfaimid — sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma — chun cúrsaí riaracháin a laghdú agus ceanglais rialála a shimpliú san earnáil seo.
Is eol dom go gcaitheann soláthraithe, oideoirí luathbhlianta agus cleachtóirí cúraim leanaí in aois scoile anrud ama ar thascanna riaracháin agus ar cheanglais rialála faoi láthair. Mar thoradh air sin, tá daoine faoi strus agus tá acmhainní a n-aistriú chuig áiteanna eile seachas chuig soláthar ardchaighdeáin d’fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile. Is eol dom freisin go bhfuil deacrachtaí ag roinnt tuismitheoirí teacht ar thacaíochtaí an Stáit.
Déanfaimid cinnte de go mbeidh na ceanglais riaracháin agus rialála san earnáil simplí, trédhearcach agus comhréireach. Cinnteoimid freisin nach gcuirfear ar fáil ach na caighdeáin is airde de shábháilteacht leanaí agus de sheirbhísí agus go mbeidh cuntasacht as airgead na gcáiníocóirí.”
Tá siad seo a leanas ar na príomhbhearta a chuirfear i gcrích faoin bPlean Gníomhaíochta um Shimpliú:
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir:
Tá ‘An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta’ le fáil ag www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/foilseachain/shaping-the-future/
Tá ‘Simplíocht agus Tacaíocht: Plean Gníomhaíochta um Shimpliú’ le fáil ag:
Samplaí de Chásanna:
Cás-staidéar 1:
Teaghlach i gContae Chorcaí atá i gceist. Tá leanbh (2 bhliain d’aois) acu atá ag freastal ar naíolann ar feadh 45 uair an chloig sa tseachtain. Tá leanbh eile acu (aois scoile) atá ag freastal ar feadh 20 uair an chloig sa tseachtain.
Is ionann a n-olltáillí in aghaidh na seachtaine agus €320. Is é €107.10 a gcostais as póca reatha maille le fóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí.
Is ionann a n-ollioncam teaghlaigh agus €45,500. Is é €40,000 a n-ioncam inríofa do phróiseas Measúnaithe Ioncaim na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí anois cionn is go bhfuil lascaine mhéadaithe na leanaí iomadúla ar fiú €5,500 é (dhá leanbh) i gceist.
Nuair a chuirtear tairseacha nua na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí san áireamh, is ionann a gcostas as póca nua in aghaidh na seachtaine agus €72.40.
Laghdófar a gcomhíocaíocht reatha faoi €34.70 in aghaidh na seachtaine nó faoi €1,804 in aghaidh na bliana.
Cás-staidéar 2
Tá teaghlach 2 i gContae Laoise. Tá triúr leanaí acu. Tá dhá leanbh (1 bhliain d’aois agus 2 bhliain d’aois) acu atá ag freastal ar naíolann ar feadh 45 uair an chloig sa tseachtain. Tá leanbh eile acu (aois scoile) atá ag freastal ar feadh 20 uair an chloig sa tseachtain. Is ionann a n-olltáillí in aghaidh na seachtaine agus €450. Is é €193.80 a gcostais as póca reatha maille le fóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí.
Is ionann a n-ollioncam teaghlaigh agus €66,000. Is é €55,000 a n-ioncam inríofa do phróiseas Measúnaithe Ioncaim na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí anois cionn is go bhfuil lascaine mhéadaithe na leanaí iomadúla ar fiú €11,000 é (trí leanbh) i gceist.
Nuair a chuirtear tairseacha nua na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí san áireamh, is ionann a gcostas as póca nua in aghaidh na seachtaine agus €125.70. Laghdófar a gcomhíocaíocht reatha faoi €68.10 in aghaidh na seachtaine nó faoi €3,541 in aghaidh na bliana.