Fáiltíonn an tAire Foley roimh dhul chun cinn na hÉireann agus í ag ardú 3 áit go dtí an 6ú háit i Rangú Comhionannais Inscne an AE
- Foilsithe: 16 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Eanáir 2026
Chuir Norma Foley, an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, fáilte inniu roimh an bhfeabhas suntasach atá tagtha ar rangú na hÉireann laistigh den AE maidir le comhionannas inscne.
Tá Éire sa 6ú háit san Aontas anois in Innéacs Comhionannais Inscne 2025 a d’fhoilsigh an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne. Is feabhsú trí áit é sin i gcomparáid lena rangú sa 9ú háit in Innéacs Comhionannais Inscne 2024.
Agus í ag labhairt faoi na scóir nua san Innéacs Comhionannais Inscne, dúirt an tAire Foley:
“Is rud maith é dul chun cinn na hÉireann a fheiceáil maidir le comhionannas inscne le blianta beaga anuas, rud is léir ónár rangú níos airde in Innéacs Comhionannais Inscne an Aontais Eorpaigh. Léiríonn sé go bhfuil Éire ag éirí ina ceannaire maidir le comhionannas do mhná agus do chailíní. Cé gur féidir linn ár scéalta ratha a cheiliúradh mar is ceart, ba chóir dúinn an obair atá fós le déanamh a aithint freisin. Leanfaimid orainn ag obair trínár Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní nua chun a chinntiú gur féidir le mná páirt iomlán a ghlacadh agus a bheith ar thús cadhnaíochta i ngach réimse den saol.”
Tuairiscítear in Innéacs Comhionannais Inscne 2025 go bhfuil an dul chun cinn is mó déanta ag Málta, ag Éirinn agus ag an Liotuáin maidir le comhionannas inscne san Aontas ó 2020.
Is uirlis an-tábhachtach é an tInnéacs Comhionannais Inscne chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo comhionannas inscne san AE. Tomhaiseann an tInnéacs Comhionannais Inscne, rud a fhoilsítear go bliantúil ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, na bearnaí idir mná agus fir i sé phríomhréimse – obair, airgead, eolas, am, cumhacht agus sláinte. Breathnaítear san Innéacs freisin ar dhá réimse thrasearnálacha a imríonn tionchar ar gach réimse eile – foréigean in aghaidh na mban agus neamhionannais thrasnacha.
Tá 69.0 as 100 pointe bainte amach ag Éirinn in Innéacs Comhionannais Inscne 2025 anois. I bhfianaise meánscór an Aontais, 63.4, tá an barr beirthe ag Éirinn i roinnt mhaith slat tomhais. Bhain Éire a rangú is airde amach i réimsí an eolais agus na sláinte agus tá sí sa chéad áit san AE don dá réimse sin anois.
I measc na bpríomhéachtaí, tá an méid seo a leanas:
- Rátaí fostaíochta méadaithe don dá inscne.
- Tá laghdú tagtha ar idirdheighiltí cothrománacha agus ingearacha sa lucht saothair.
- Méadú suntasach ar líon na gcéimithe tríú leibhéal.
Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní 2025-2030 a sheol an tAire Foley le déanaí tiomantas an Rialtais comhionannas inscne a chur chun cinn sna cúig bliana amach romhainn. Beidh sé mar aidhm ag na gníomhartha eascraíonn ón Straitéis a chinntiú go leanfaidh mná agus cailíní de leas a bhaint as an gcomhionannas in Éirinn agus gur féidir dul chun cinn a léiriú i bhfeidhmíocht láidir leanúnach san Innéacs Comhionannais Inscne.
Innéacs Comhionannais Inscne
Is uirlis é Innéacs Comhionannais Inscne an AE a úsáidtear chun meastóireacht agus comparáid a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo comhionannas inscne ar fud an AE. Tugann an tInnéacs scór ó 1 go 100 do na Ballstáit, agus dá airde an scór is ea is fearr é.
Tá an t-innéacs comhdhéanta de tháscairí foréigin, sláinte, oibre, airgid, eolais, cumhachta agus ama. In 2025, rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar an Innéacs chun cur lena ailíniú le tosaíochtaí beartais reatha an Aontais, sonraí nua a chomhtháthú agus a mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta.
Is féidir teacht ar Innéacs Comhionannais Inscne 2025 anseo
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne
Is gníomhaireacht de chuid an Aontais í an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) a tháirgeann taighde neamhspleách agus a chomhroinneann dea-chleachtas chun comhionannas inscne a chur chun cinn. Mar Bhallstát, comhoibríonn Éire go rialta le EIGE le haghaidh imeachtaí agus tionscadal.
Lárionad faisnéise an AE maidir le Comhionannas Inscne atá in EIGE. Trí shonraí agus faisnéis iontaofa agus dírithe ar pholasaí a sholáthar, tacaíonn sí leis an AE agus a chuid Ballstát cur chun cinn an chomhionannais inscne a neartú.
An Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní 2025-2030
Creat gníomhaíochta Uile-Rialtais atá sa Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní 2025-2030 leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn ar fud gach réimse beartais phoiblí.
Forbraíodh an Straitéis i gcomhar le páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta agus bunaithe ar mholtaí ó Thionól na Saoránach maidir le Comhionannas Inscne agus ar an Tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Chomhionannas Inscne. Tagann sí chomh maith le treoracha d’Éirinn ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú de chuid na Náisiún Aontaithe, agus tá sí ailínithe le Treochlár an Aontais Eorpaigh do Chearta na mBan.
Leagfar treoir amach maidir le cur chun feidhme na Straitéise in dhá Phlean Gníomhaíochta, agus glacfaidh an Rialtas an chéad cheann díobh go luath in 2026 a chlúdóidh an tréimhse 2026-2028.