Cuireann an tAire Foley fáilte roimh an gcéad Straitéis Náisiúnta maidir le Sonraí Comhionannais de chuid na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Foley fáilte roimh an gcéad Straitéis Náisiúnta maidir le Sonraí Comhionannais de chuid na hÉireann

Chuir an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, fáilte roimh cheadú Rialtais i dtaca leis an gcéad Straitéis Náisiúnta maidir le Sonraí Comhionannais de chuid na hÉireann.

D’fhorbair an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais an Straitéis Náisiúnta maidir le Sonraí Comhionannais 2026-2031 i gcomhar le Meitheal inar ghlac rannpháirtithe ó réimsí éagsúla den Rialtas agus den tsochaí shibhialta páirt.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Foley:

“Is rud maith é dul chun cinn na hÉireann a fheiceáil maidir le comhionannas inscne le blianta beaga anuas rud is léir ón rangú níos airde atá bainte amach againn in Innéacs Comhionannais Inscne an Aontais Eorpaigh. Léiríonn sé go bhfuil Éire ag éirí ina ceannaire maidir le comhionannas do mhná agus do chailíní. Cé gur féidir linn ár scéalta ratha a cheiliúradh, rud is ceart a dhéanamh, ba chóir dúinn an obair atá fós le déanamh a aithint freisin. Agus muid ag oibriú trínár Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní, a sheol mé an mhí seo caite, leanfaimid orainn le bheith ag iarraidh neamhionannais a laghdú i réimsí amhail an cheannaireacht pholaitiúil agus an chothromaíocht oibre is saoil do mhná chun a chinntiú gur féidir le mná rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh agus a bheith chun tosaigh i gach réimse den saol.”

Ceanglaítear leis an Straitéis ar na Ranna Rialtais ar fad chun gealltanas a dhéanamh le haghaidh sonraí comhionannais a bhailiú, a úsáid nó a scaipeadh agus acmhainneacht eagrúcháin a fhorbairt chun an gealltanas sin a chomhlíonadh.

Soláthraíonn sí cur chuige ginearálta le haghaidh bearnaí reatha sna sonraí comhionannais a aithint agus a líonadh, chomh maith le cleachtais chaighdeánacha a fhorbairt san aicmiú.

Feabhsófar leis an Straitéis bailiú, dí-chomhiomlánú agus úsáid sonraí comhionannais na hÉireann chun a chur ar chumas lucht déanta polasaí beartais iontaofa agus chuimsitheacha a fhorbairt atá bunaithe ar fhianaise, a fheabhsaíonn soláthar seirbhíse agus torthaí ar fud na hÉireann.

Nótaí don eagarthóir:

Sonraí Comhionannais

Is éard is sonraí comhionannais ann ná faisnéis atá úsáideach chun críocha cur síos agus anailís a dhéanamh ar staid an chomhionannais. Feidhmíonn na saintréithe cosanta a leagtar amach sna hAchtanna um Chomhionannas (inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, cine agus ballraíocht den lucht siúil) mar bhonn le haghaidh réimsí a aithint ar chóir sonraí comhionannais a bhailiú dóibh, ach níl sonraí comhionannais teoranta do na saintréithe seo.

Ábhar na Straitéise

Tá an Straitéis roinnte ina Ceithre Shraith:

  • Bailiú Sonraí Comhionannais
  • Caighdeáin agus Aicmiú Sonraí Comhionannais
  • Úsáid Sonraí Comhionannais
  • Monatóireacht agus Formhaoirseacht na Straitéise

Áirítear leis sin Plean Gníomhaíochta a bheidh i bhfeidhm ó 2026-2031. Tá sé mar aidhm ag na Gníomhartha atá beartaithe laistigh den Straitéis na bloic thógála a sholáthar chun córais uile-Rialtais a fhorbairt ar mhaithe le sonraí comhionannais a bhailiú agus a úsáid.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat