Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Foley roimh fhoilsiú Ráiteas Straitéise 2025-2028 na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais

D'fhoilsigh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais a Ráiteas Straitéise nua ina leagtar amach fís, luachanna agus spriocanna na Roinne sna trí bliana amach romhainn.

Sa Straitéis, leagtar amach fís na Roinne d’Éirinn atá cothrom agus cuimsitheach ina mbaintear amach cearta daoine agus ina dtacaítear le gach duine chun a n-acmhainneacht a bhaint amach.

I measc na bpríomhspriocanna tá seirbhísí inrochtana ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus a mhaoiniú chun tacú le leanaí, le daoine faoi mhíchumas agus leo siúd atá thíos le héagothroime.

Ag fáiltiú di roimh fhoilsiú an Ráitis Straitéise nua, dúirt an tAire Foley:

‘Is é an tosaíocht atá agam tionchar dearfach a bhaint amach agus a chinntiú dóibh siúd a bhfreastalaímid orthu – leanaí, daoine faoi mhíchumas agus iad siúd atá thíos le neamhionannas agus míbhuntáiste inár dtír.

Léiríonn Straitéis nua na Roinne ár dtiomantas beart a dhéanamh de réir ár mbriathair maidir le gach réimse laistigh dár sainchúram, go háirithe an Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030 a seoladh le déanaí, agus tús a chur le fís agus straitéis nua a fhorbairt le haghaidh saintacaíochtaí agus sainseirbhísí míchumais do 2030.

Tá mé ag díriú freisin ar thacaíocht agus ar acmhainní a chur ar fáil do Tusla ina gcuid oibre ar mhaithe le folláine agus cosaint leanaí. Dírítear go háirithe ar phlean náisiúnta a fhorbairt don chóras cúraim chomh maith le tacú le plean Tusla chun níos mó leapacha cúraim speisialta a sholáthar agus tograí a fhorbairt le Tusla maidir le conas is féidir soláthar cúraim speisialta a fheabhsú.

Táim chomh tiomanta céanna tacú le deiseanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí atá ar ardchaighdeán, inrochtana agus inacmhainne do chách agus aghaidh a thabhairt ar chomhionannas agus cuimsiú mar shaincheisteanna uile- Rialtais.”

Ina theannta sin, dúirt an tArd-Rúnaí Kevin McCarthy:

‘Táim muiníneach go dtacóidh ár dtiomantas daingean chun torthaí dearfacha a bhaint amach dóibh siúd a ndéanaimid freastal orthu chun fíorfheabhsuithe a bhaint amach do leanaí, do dhaoine faoi mhíchumas agus dóibh siúd go léir a bhfuil neamhionannais orthu le linn shaolré na Straitéise seo.’

Forbraíodh an Ráiteas Straitéise le hionchur ó bhaill foirne, ó Ranna Rialtais eile agus ó pháirtithe leasmhara seachtracha mar chuid de phróiseas comhairliúcháin leathan. Cuirtear san áireamh ann gealltanais éagsúla i gClár an Rialtais a bhfuil an Roinn freagrach astu.

Tacóidh na comhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne le cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise, lena n-áirítear Tusla, an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, Údarás Uchtála na hÉireann, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, an tOmbudsman do Leanaí, Oifig Stiúrthóir na hIdirghabhála Údaraithe, Tuaim agus Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh.

Tá an Ráiteas Straitéise 2025–2028 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, gov.ie/dcde.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat