Cuireann an tAire Foley fáilte roimh chur i láthair mholtaí Ghrúpa Comhairleach Óige Éireann-RA ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí i gCorcaigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Foley fáilte roimh chur i láthair mholtaí Ghrúpa Comhairleach Óige Éireann-RA ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí i gCorcaigh

Chuir an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, fáilte inniu roimh chur i láthair mholtaí Ghrúpa Comhairleach Óige Éireann-RA ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí i gCorcaigh, agus leag sí béim ar an ról ríthábhachtach atá ag daoine óga i múnlú thodhchaí an chomhair idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Bhuail Grúpa Comhairleach Óige Éireann-RA, atá comhdhéanta de dheichniúr daoine óga idir 16 agus 24 bliain d’aois, leis an Taoiseach agus le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ag an gCruinniú Mullaigh chun torthaí an chéad Fhóram Óige Éireann-RA a chur i láthair, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an 21 Eanáir. Thug an Fóram toscairí le chéile ó Éirinn, ó Thuaisceart Éireann, ó Albain, ó Shasana agus ón mBreatain Bheag chun ceisteanna tábhachtacha a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga a aithint agus a phlé. Bhí ról lárnach ag an nGrúpa Comhairleach Óige i bpleanáil agus i múnlú an Fhóraim, chomh maith le cur i gcrích na tuarascála agus na moltaí a tháinig as an bplé.

Tógann cur i láthair an lae inniu ar Fhóram Eanáir, agus léiríonn sé príomhchuspóir an Fhóraim: neartú nasc, chur chun cinn comhthuisceana, agus aithint na ndúshlán agus na ndeiseanna comhroinnte atá ag dul i bhfeidhm ar an méid atá i ndán do dhaoine óga.

Is cloch mhíle thábhachtach é an Fóram Óige Éireann-RA i rannpháirtíocht óige trasteorann, agus tugann sé ardán díreach do dhaoine óga a gcuid tuairimí a chur in iúl agus teacht ar chomhaontú maidir leis na ceisteanna atá tábhachtach dóibh.

Ainmníodh na toscairí ar Ghrúpa Comhairleach Óige Éireann-RA ón Tionól Náisiúnta Óige in Éirinn (Éire), ón Údarás Oideachais (Tuaisceart Éireann), ó The King’s Trust & Duke of Edinburgh Award (Sasana), ó Pharlaimint Óige na hAlban (Albain) agus ó Youth Cymru (an Bhreatain Bheag).

Le linn an chruinnithe leis na Ceannairí, leag baill an Ghrúpa Chomhairligh Óige na príomh-mholtaí a rinne Fóram Óige Éireann-RA amach, inar díríodh ar:

- Costas maireachtála

- Meabhairshláinte agus rochtain ar chúram sláinte

- Oideachas

- Cultúr, éagsúlacht agus comhionannas

Chuir an bheirt cheannairí fáilte roimh léargais an Fhóraim agus d’aithin siad an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht daoine óga i gcomhar Éireann-RA.

Dúirt an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley:

“Bhí an deis agam bualadh agus bheith ag plé leis an ngrúpa iontach seo de dhaoine óga, agus cuirim fáilte roimh an tuarascáil atá curtha le chéile acu don Taoiseach Micheál Martin agus do Phríomh-Aire na Breataine, Keir Starmer.”

Tá sé tuillte ag daoine óga ní hamháin go gcloisfí iad, ach go n-éistfí leo ag na leibhéil is airde den chinnteoireacht. Tá ceannaireacht, tiomantas agus fís dháiríre léirithe ag Grúpa Comhairleach Óige Éireann-RA. Léiríonn a gcuid moltaí tosaíochtaí de chuid glúin nua atá diongbháilte todhchaí níos cuimsithí, níos inbhuanaithe agus níos nasctha a thógáil ar fud na n-oileán seo.”

Dúirt an tAire Spóirt, Turasóireachta, Sochaí Sibhialta agus Óige, Stephanie Peacock MP:

“Bhí ríméad orm baill d’Fhóram Óige Éireann-RA a fheiceáil ag bualadh leis an bPríomh-Aire agus leis an Taoiseach Micheál Martin inniu chun na ceisteanna is tábhachtaí do dhaoine óga a phlé, ina measc an mheabhairshláinte, an t-oideachas, agus an costas maireachtála.

Tá a nglór ríthábhachtach agus na beartais a théann i bhfeidhm ar a saol á bhforbairt, agus is léiriú é an machnamh atá déanta acu ar phobal agus ar chomhoibriú ar neart na nasc idir ár náisiúin. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaí in Éirinn chun a chinntiú go n-aistreofar a gcuid moltaí i ngníomhartha fiúntacha.”


Nótaí don Eagarthóir:

Tá grianghraif ón imeacht le fáil ar:

https://www.flickr.com/photos/governmentofireland/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat