Cuireann an tAire Foley fáilte roimh an méadú suntasach atá tagtha ar líon na leanaí atá ag baint leas as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí
- Foilsithe: 19 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Chuir an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, fáilte inniu roimh an méadú suntasach ar líon na leanaí a bhaineann tairbhe as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.
Cuireann an scéim fóirdheontais ar fáil a laghdaíonn go mór costas na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí do na mílte teaghlach ar fud na tíre.
Léiríonn sonraí nua gur bhain thart ar 245,000 leanbh san iomlán tairbhe as an scéim in 2025 – méadú 12% ar thart ar 218,000 leanbh a bhain tairbhe as an scéim in 2024.
Tháinig méaduithe suntasacha ar líon na leanaí a bhain tairbhe as fóirdheontais NCS sa Chlár (méadú 18%), in Uíbh Fhailí (méadú 18%) agus i Ros Comáin (méadú 16%). Idir an dá linn, tá méadú 9% tagtha ar líon na leanaí fóirdheonaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath agus méadú 13% ar an meán i gceantair eile i gContae Bhaile Átha Cliath.
Léiríonn an méadú ar ghlacadh infheistíocht leanúnach an Rialtais san earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí, lena n-áirítear méadú 53% ar an bhfóirdheontas íosta don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí in aghaidh na huaire ó mhí Mheán Fómhair 2024.
Dúirt an tAire Foley:
“Is forbairt dhearfach é an méadú seo ar líon na leanaí a bhaineann tairbhe as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí. Tá líon suntasach feabhsuithe déanta ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí le blianta beaga anuas agus leanfaimid orainn ag tógáil ar an dul chun cinn sin. Tá athruithe nua, níos ísle ar tháillí uasta do theaghlaigh a íocann na praghsanna is airde agus fóirdheontais níos airde do theaghlaigh ar ioncam íseal ar an mbealach i mí Mheán Fómhair. Táim tiomanta a chinntiú go mbeidh rochtain ag teaghlaigh ar fud na tíre ar luathfhoghlaim agus ar chúram leanaí atá níos inacmhainne.”
Sa cháipéis a foilsíodh le déanaí dar teideal An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta, tá sonraí faoi athruithe ar fhóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí a ndéantar measúnú ioncaim orthu, rud a chuirfidh feabhas ar inacmhainneacht do suas le 47,000 leanbh ó theaghlaigh ar ioncam íseal.
Leis na hathruithe sin, a thabharfar isteach i mí Mheán Fómhair 2026, méadófar an tairseach ioncaim níos ísle ó €26,000 go €34,000 agus an uastairseach ó €60,000 go €68,000. Méadófar lascaine na leanaí iomadúla freisin, rud a laghdaíonn ioncam inríofa tuismitheoirí don fhóirdheontas dá ndéantar measúnú ioncaim.
Beidh laghduithe ann freisin ar na táillí is airde a ghearrtar ar thuismitheoirí ar fud na tíre ó Mheán Fómhair 2026, agus laghdófar na huastáillí is féidir le Seirbhísí Comhpháirtíochta Bunmhaoinithe a ghearradh. Fógrófar na huasleibhéil táillí nua, níos ísle sin sna míonna amach romhainn nuair a bheidh anailís déanta ar thorthaí airgeadais iomlána ó sholáthraithe.
Nótaí
Is sonraí sealadacha iad na sonraí dá dtagraítear sa phreaseisiúint seo agus is ionann iad agus líon na leanaí uathúla a bhaineann leas as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS). Is figiúirí sealadacha iad seo agus d'fhéadfadh méadú teacht orthu sna seachtainí amach romhainn. Seo a leanas miondealú ar leibhéal an chontae ar líon na leanaí a bhaineann tairbhe as fóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí:
|
Miondealú de réir Contae |
2024-líon na leanaí a bhfuil fóirdheontais NCS acu |
2025-líon na leanaí a bhfuil fóirdheontais NCS acu |
% Méadú |
|
Cathair Chorcaí |
8011 |
9202 |
15% |
|
Contae Cheatharlach |
2557 |
2869 |
12% |
|
Contae an Chabháin |
4417 |
5081 |
15% |
|
Contae an Chláir |
4790 |
5639 |
18% |
|
Contae Chorcaí |
14176 |
16331 |
15% |
|
Contae Dhún na nGall |
8894 |
9866 |
11% |
|
Contae na Gaillimhe |
15528 |
17150 |
10% |
|
Contae Chiarraí |
7804 |
8573 |
10% |
|
Contae Chill Dara |
9268 |
10648 |
15% |
|
Contae Chill Channaigh |
4468 |
4855 |
9% |
|
Contae Laoise |
4365 |
4587 |
5% |
|
Contae Liatroma |
1961 |
2235 |
14% |
|
Contae Luimnigh |
9644 |
11014 |
14% |
|
Contae an Longfoirt |
1941 |
2141 |
10% |
|
Contae Lú |
5287 |
5820 |
10% |
|
Contae Mhaigh Eo |
5152 |
5944 |
15% |
|
Contae na Mí |
7715 |
8899 |
15% |
|
Contae Mhuineacháin |
5093 |
5479 |
8% |
|
Contae Uíbh Fhaillí |
2423 |
2853 |
18% |
|
Contae Ros Comáin |
3090 |
3586 |
16% |
|
Contae Shligigh |
4241 |
4721 |
11% |
|
Contae Thiobraid Árann |
9703 |
11205 |
15% |
|
Contae Phort Láirge |
5024 |
5706 |
14% |
|
Contae na hIarmhí |
4211 |
4639 |
10% |
|
Contae Loch Garman |
7431 |
8397 |
13% |
|
Contae Chill Mhantáin |
5920 |
6430 |
9% |
|
Cathair Bhaile Átha Cliath |
22156 |
24242 |
9% |
|
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin |
10691 |
12046 |
13% |
|
Fine Gall |
13525 |
15476 |
14% |
|
Baile Átha Cliath Theas |
12380 |
13979 |
13% |
|
*Iomlán Leanaí Uathúla |
218529 |
245731 |
12% |
Tabhair faoi deara: D’fhéadfadh an ‘t-iomlán leanaí uathúla ’ ag an deireadh a bheith éagsúil le suim iomlán na sonraí ar leibhéal an chontae. Is amhlaidh atá sé sin toisc go bhféadfadh éilimh iolracha a bheith ag leanbh laistigh de bhliain ar leith, i.e. éilimh le níos mó ná soláthraí seirbhíse amháin nó thar dhá chontae, etc. Mar sin féin, chun críocha an iomláin deiridh, ní chomhairtear na leanaí sin ach aon uair amháin.
An Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí
Cuireann an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh lena gcostais luathfhoghlama agus cúraim leanaí. Dearadh an Scéim, a tugadh isteach i mí na Samhna 2019, ar phrionsabal an uilíochais fhorásaigh lena gcinntítear go bhfaigheann teaghlaigh ar an ioncam is ísle an leibhéal tacaíochta is mó.
Tá dhá chineál fóirdheontais ar fáil do theaghlaigh:
- Tá fóirdheontais uilíocha ar fáil do gach teaghlach a bhfuil leanaí idir 24 seachtaine agus 15 bliana d’aois acu. Ní dhéantar tástáil acmhainne ar an bhfóirdheontas seo agus soláthraíonn sé €2.14 in aghaidh na huaire ar feadh 45 uair an chloig ar a mhéad in aghaidh na seachtaine.
- Tá Fóirdheontais dá ndéantar Measúnú Ioncaim ar fáil do theaghlaigh a bhfuil leanaí idir 24 seachtaine agus 15 bliana d’aois acu. Déantar tástáil acmhainne ar an bhfóirdheontas sin agus déanfar é a ríomh bunaithe ar chúinsí aonair an iarratasóra. Beidh an ráta éagsúil ag brath ar leibhéal an ioncaim teaghlaigh, aois agus céim oideachais an linbh, agus líon na leanaí i dteaghlach.