Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Buttimer na sonraí maidir le Mo Leabharlann Bheag 2026
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2026
Tá ríméad ar an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, mar aon leis an Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Jerry Buttimer, seoladh Thionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2026 a fhógairt.
Gach uile bhliain in Éirinn, tugtar cuireadh do leanaí atá ag fágáil na réamhscoile agus ag tosú ar an mbunscoil cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil chun mála leabhar saor in aisce a fháil nuair a thosaíonn siad ar an scoil agus an deis a thapú chun ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann.
Reáchtáiltear an tionscnamh, atá maoinithe ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus is iad na leabharlanna áitiúla a chuireann ar fáil é i ngach údarás áitiúil. Leis an tionscnamh Mo Leabharlann Bheag dírítear ar naisc láidre a chothú idir leanaí óga, a dteaghlaigh agus a leabharlann áitiúil agus tacú le leanaí atá ag críochnú na réamhscoile agus ag tosú ar an mbunscoil.
Ón Aoine, 8 Bealtaine ar aghaidh, tugtar cuireadh do na leanaí uile atá ag críochnú an chláir réamhscoile arna mhaoiniú ag an Rialtas (an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE)) agus atá ag tosú ar an mbunscoil cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil agus mála leabhar a fháil. Beidh na málaí ar fáil i rith an tsamhraidh. Cuirtear fáilte mhór roimh gach uile theaghlach ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann mura rud é go bhfuil siad ina mbaill di cheana agus tá sparán speisialta mar chuid de Mo Leabharlann Bheag ar fáil do na leanaí lena gcárta leabharlainne a choinneáil ann.
Tacaíonn na leabhair agus na hacmhainní sa mhála leabhar le tuismitheoirí agus a leanaí de réir mar a aistríonn siad chuig an mbunscoil. Tá leabhair sa mhála is féidir leis na leanaí a choinneáil, agus topaicí iontu cosúil le tosú ar an scoil, muintearas a dhéanamh agus mothúcháin mhóra. Tá eolas an-úsáideach ann do thuismitheoirí freisin maidir le tacú leis an tús sin ar an mbunscoil agus an méid atá ar fáil i ngach leabharlann áitiúil.
Tá Málaí Leabhar Mo Leabharlann Bheag ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Ó leathadh amach an tionscnamh den chéad uair in 2022, fuair na mílte leanbh óg a málaí leabhar agus ghlac ballraíocht ina leabharlann áitiúil. Fiú amháin anuraidh, gan trácht ar bhliain ar bith eile, bhain 20,000 leanbh óg leas as an tionscnamh agus ghlac ballraíocht ina leabharlann.
Agus an fógra á dhéanamh ag an Aire Foley, dúirt sí:
“Tá lúcháir orm seoladh thionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2026 a fhógairt. Is buaicphointe é an t-aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil do gach uile leanbh in Éirinn. Tugaim ugach do gach teaghlach a bhfuil leanaí acu atá ag tosú ar an mbunscoil i mí Mheán Fómhair leas a bhaint as an tionscnamh seo agus ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann lena linn sin.”
Dúirt an tAire freisin:
“Ní féidir dóthain béime a chur ar a thábhachtaí atá sé a bheith ag léamh do leanaí agus in éineacht leo ar bhonn rialta. Ní hamháin go dtacaíonn sí le ceangail idir tuismitheoirí agus a leanaí, ach cothaíonn sí luathfhorbairt teanga agus litearthachta freisin, rud atá ríthábhachtach le go mbeidh rath ar leanaí ina n-aistear oideachais leanúnach.”
Dúirt an tAire Buttimer an méid seo a leanas, agus aitheantas á thabhairt aige do ról lárnach na seirbhíse leabharlainne náisiúnta chun rath an tionscnaimh a chinntiú:
“Cuirim fáilte ó chroí roimh sheoladh an Tionscnaimh Mo Leabharlann Bheag 2026. Thug mé cuairt ar an oiread sin leabharlann fud fad na tíre le bliain anuas, agus tá a fhios agam go bhfuil an díograis chéanna i measc bhaill foirne na leabharlann poiblí ar fud na tíre agus atá agam féin i dtaobh teaghlaigh óga a cheangal lenár seirbhís leabharlainne náisiúnta.
“Tugaim ardmholadh don obair chrua a rinneadar chun an tionscnamh seo a chur ar fáil. Tá an t-ádh dearg orainn in Éirinn go bhfuil teacht ag gach uile leanbh ar leabhair agus scéalta trína leabharlann áitiúil. Is iontach an bealach é an tionscnamh seo chun cuidiú le tuismitheoirí tacú lena leanaí agus iad ag aistriú isteach sa bhunscoil agus tacú lena gcuid foghlama agus forbartha.”
Dúirt an Dr Stuart Hamilton, Ceann Fhorbairt na Leabharlann sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil:
“Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh leanaí agus teaghlaigh isteach ina leabharlann áitiúil tríd an tionscnamh Mo Leabharlann Bheag. Taispeánann sé do leanaí an sásamh is féidir leo a bhaint as an léitheoireacht, tacaíonn sé le luathfhorbairt teanga agus litearthachta, agus cuidíonn sé leo a bheith ar a suaimhneas ina leabharlann ó aois óg.
“Is spásanna pobail iad leabharlanna ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine agus is céad chéim é an tionscnamh seo chun caidreamh saoil a chothú leis an léitheoireacht agus leis an bhfoghlaim.”
Is comhshaothar idir an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus Rialtas Áitiúil Éireann é Mo Leabharlann Bheag.
Nótaí do na hEagarthóirí
- Tá an mála leabhar atá mar chuid de Mo Leabharlann Bheag ar fáil i leabharlanna áitiúla anois do gach uile leanbh atá ag tosú ar an mbunscoil i mí Mheán Fómhair.
- Tá an tionscnamh seo ar fáil ar bhonn bliantúil.
- Tá Málaí agus leabhair mar chuid de Mo Leabharlann Bheag ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
- Tá gluais den fhriotal a úsáidtear sna leabhair Ghaeilge le fáil sna málaí Gaeilge.
- Cuirtear bailiúchán acmhainní agus eolais ar fáil i ngach mála freisin, lena n-áirítear: cárta scéil shóisialta leabharlainne, bileog dhathúcháin i gcomhair Mo Leabharlann Bheag, Treoir do Thuismitheoirí Leanaí atá ag Aistriú ón Réamhscoil go dtí an Bhunscoil de chuid Na Chéad 5, Disléicse agus an Leanbh Óg le Dyslexia Ireland agus Bookshare Ireland le Vision Ireland. Tá 330 leabharlann phoiblí in Éirinn, agus is é an t-údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil siad suite a bhainistíonn iad.
Tacaítear leis an tionscnamh seo faoi Na Chéad 5. Foilsíodh Na Chéad 5 in 2018, agus is éard atá ann ná Straitéis Uile-Rialtais 10 mbliana do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh. Oibríonn an Straitéis chun feabhas a chur ar an luath-óige agus cur go mór le saol leanaí óga, a dteaghlach agus leis an tsochaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Na Chéad 5 ag: www.first5.gov.ie/
Is éard atá sa tionscnamh seo ná gníomh faoin Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití 2024-2033: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/strait%C3%A9is-litearthachta-uimhearthachta-agus-litearthachta-digit%C3%AD/
agus faoi
Is í an Leabharlann an Áit: Eolas, Caitheamh Aimsire, Inspioráid - Straitéis Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2023-2027: https://www.librariesireland.ie/sites/default/files/media/file-uploads/2023-07/Strait%C3%A9is-N%C3%A1isi%C3%BAnta-na-Leabharlann-Poibl%C3%AD-2023-2027.pdf