Seolann an tAire Lawless agus an tAire Foley Comhpháirtíocht Oideachais, arb í an chéad cheann dá cineál í, chun tacú le mic léinn a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram
- Foilsithe: 11 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2026
Tá an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, i ndiaidh tionscnamh ceannródaíoch a sheoladh chun tacú le mic léinn a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram sa chóras oideachais.
Is éard atá i gceist le mac léinn a bhfuil taithí aige ar a bheith faoi chúram, duine a bhí faoi chúram altrama nó faoi chúram cónaitheach, nó atá faoi iarchúram. Tá daoine óga a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram ar na daoine óga is leochailí sa tsochaí agus is minic a aistríonn siad go dtí an aosacht gan an tacaíocht teaghlaigh a bhíonn ar fáil do chuid mhór dá gcuid piaraí.
Tá Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, BOO Chiarraí, BOO Chorcaí, Tusla, agus EPIC (Ag Cumasú Daoine atá Faoi Chúram) i ndiaidh teacht le chéile chun cabhrú leis na mic léinn seo a mbealach a dhéanamh trí na córais bhreisoideachais agus ardoideachais.
Déanfaidh an chomhpháirtíocht oideachais seo, arb í an chéad cheann dá cineál in Éirinn í, mol faisnéise comhordaithe a chur ar fáil a bheidh ina ionad ilfhreastail maidir le tacaíochtaí réamhiontrála agus iariontrála do mhic léinn a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram. Áirítear leis seo gairmthreoir agus ionadaí tacaíochta pearsanta ainmnithe i ngach coláiste.
Ag seoladh na Comhpháirtíochta di inniu sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, dúirt an tAire Foley:
“Tá na leanaí siúd atá sa chóras cúraim ar chuid de na daoine óga is leochailí in Éirinn. Deis nach beag a chuireann an chomhpháirtíocht nua oideachais seo ar fáil le heispéiris agus torthaí ár ndaoine óga faoi chúram sa bhreisoideachas agus san ardoideachas a fheabhsú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hinstitiúidí oideachais ar fad, le Tusla agus le EPIC as aontú a gcuid seirbhísí a ailíniú chun leas na ndaoine óga a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram. Soláthrófar seirbhís fheabhsaithe leis sin a aithníonn a gcuid buanna, a éisteann lena nguthanna agus a thacaíonn leo chun barr a gcumais a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Lawless freisin:
“Tá cumhacht ag an oideachas saol duine óig a athrú ó bhonn, ach is gá go mbeadh na tacaíochtaí cearta i bhfeidhm. Neartaíonn an tionscnamh seo na conairí i dtreo an bhreisoideachais agus an ardoideachais trína chinntiú gur féidir le mic léinn a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram rochtain a fháil ar eolas soiléir, treoir phearsantaithe agus cúnamh comhordaithe thar institiúidí. Trí obair i gcomhpháirtíocht le Tusla, na BOOanna, na hollscoileanna agus na heagraíochtaí abhcóideachta, tá córas á fhorbairt againn a chabhraíonn le mic léinn ní hamháin dul leis an oideachas ach dul chun cinn a dhéanamh, rath a bhaint amach agus bheith faoi bhláth le linn a n-aistir foghlama.”
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt mac léinn in MTU a bhfuil taithí aige ar a bheith faoi chúram, Kai Brosnan:
“Mar iarmhac léinn agus mo thaithí agam ar a bheith faoi chúram, tá taithí phearsanta agam ar an difríocht is féidir le tacaíocht thráthúil, chuí agus dhea-chomhordaithe a dhéanamh in aistear oideachasúil duine. Gan an tacaíocht a fuair mise, ní éireodh liom ar bhain mé amach sa choláiste a bhaint amach, agus fiú leis sin, bhí bearnaí ann fós.
Sin an fáth a bhfuil tábhacht le tionscnaimh mar seo. Trí na tacaíochtaí atá ar fáil a neartú agus a ailíniú, is féidir linn bogadh ar aghaidh ó chabhrú le mic léinn a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram a mbealach a dhéanamh trína gcuid staidéar, agus ina ionad sin, dálaí a chruthú inár féidir leo rath a bhaint amach i ndáiríre.”
Chuir an Dr Patrick McGarty ón nGréasán Care Aware an méid seo leis sin:
“Cuireann an tionscnamh nua seo samhail chomhtháite ‘ionaid ilfhreastail’ ar fáil a bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú go dtacaítear le mic léinn agus go n-éiríonn leo ag gach céim dá n-aistir oideachais.”
I láthair na huaire, soláthraíonn an Stát cúram do thart ar 5,000 leanbh nach féidir leo fanacht faoi chúram a dtuismitheoirí. Is i gcúram altrama atá 90 faoin gcéad de na leanaí sin, ina soláthraítear timpeallacht shábháilte sheasmhach agus arb é an rogha is mó a bhfuil luí leis nuair is féidir.
Áirítear le cineálacha eile cúraim leanaí atá ag maireachtáil le daoine muinteartha (ar a dtugtar cúram gaoil), cúram i saoráidí cónaithe, cúram do leanaí dealaithe atá ag iarraidh tearmainn agus cúram speisialta do leanaí atá an-leochaileach agus a bhfuil próifílí casta síceolaíocha agus socheolaíocha acu.
Tá an chomhpháirtíocht oideachais bunaithe ar na riachtanais a sainaithníodh ó thaithí saoil na ndaoine óga a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram. Tá Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, BOO Chiarraí, BOO Chorcaí, Tusla agus EPIC i ndiaidh gealltanas a thabhairt maidir le réimse tacaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm shoiléir acu bacainní a laghdú, feabhas a chur ar rannpháirtíocht agus torthaí oideachasúla a chur chun feabhais do mhic léinn a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram.
Léiríonn an tsamhail chomhoibríoch seo céim shuntasach chun tosaigh i dtreo córas atá níos nasctha le chéile agus níos éifeachtaí, a aithníonn gur príomhghné cosanta agus conair riachtanach i dtreo deiseanna saoil feabhsaithe do dhaoine óga a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram é an t-oideachas.
Is féidir óráid iomlán an Aire Foley a léamh anseo: