English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá tionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2025 á sheoladh do 60,000 páiste a bheidh ag dul go dtí an bhunscoil den chéad uair sna míonna amach romhainn

  • Tá gach páiste atá ag dul go dtí an bhunscoil den chéad uair i mbliana i dteideal mála leabhar saor in aisce a bheith acu, le leabhair i mBéarla nó Gaeilge.
  • Glacann thart ar 20,000 páiste fud fad na tíre ballraíocht ina leabharlann áitiúil gach bliain a bhuíoch leis an tionscnamh Mo Leabharlann Bheag.

Inniu, d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley in éineacht leis an Aire Stáit Carthanais, Gaeltachta agus na n-Oileán agus Iompair Tuaithe, Jerry Buttimer seoladh Mo Leabharlann Bheag don bhliain seo agus mála leabhar saor in aisce ar fáil do bheagnach 60,000 páiste agus iad ag dul go dtí an bhunscoil den chéad uair.

Gach bliain, cuirtear fáilte roimh gach páiste as an 60,000 atá ag fágáil na réamhscoile agus atá ag dul go dtí an bhunscoil cuairt a thabhairt ar a leabharlanna áitiúla le mála leabhar saor in aisce a thabhairt leo agus an deis a thapú le bheith ina mbaill den leabharlann.

Táthar ag súil go dtógfaidh na mílte agus na mílte teaghlach a málaí leabhar leo agus go nglacfaidh siad le ballraíocht ina leabharlanna áitiúla mar thoradh ar an tionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2025. Ó cuireadh tús leis an chead lá riamh, ghlac thart ar 20,000 páiste, agus iad idir 4-5 bliana d’aois, ballraíocht ina leabharlanna áitiúla gach bliain.

Tacaíonn na leabhair agus na hacmhainní sa mhála leabhar, atá ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, le tuismitheoirí agus a bpáistí agus iad ag aistriú go dtí an bhunscoil.

Ón 9ú Bealtaine 2025, cuirfear fáilte roimh gach páiste a bhfuil an Clár ar Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, atá saor in aisce do chách, á thabhairt chun críche acu, agus atá ag dul go dtí an bhunscoil den chéad uair, cuairt a thabhairt ar a leabharlanna áitiúla agus mála leabhar saor in aisce a thabhairt abhaile leo. Beidh na málaí ar fáil i rith an tsamhraidh. Tá míle fáilte roimh gach teaghlach ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin.

Dúirt an tAire Foley go raibh ríméad uirthi tionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2025 a fhógairt.

Is bronntanas speisialta é an léamh agus is iontach an rud é an deis a thabhairt do pháistí grá sa léitheoireacht a fhorbairt ó aois an-óg. D’fhéadfaí nach bhfuil a fios ag go leor tuismitheoirí go bhfuil gach páiste atá ar tí dul go dtí an bhunscoil i dteideal mála leabhar saor in aisce mar chuid do, Mo Leabharlann Bheag. Sin an fáth go bhfuil mé ag spreagadh gach teaghlach a bhfuil páiste acu ag dul go dtí an bhunscoil den chéad uair i Meán Fómhair na bliana seo mála beag leabhar na Leabharlainne Bige a thógáil abhaile leo óna leabharlann áitiúil.

Is tréimhse thar a bheith tábhachtach do gach páiste in Éirinn é an t-aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil. Tacaíonn leabhair agus scéalta leis an gcaidreamh idir tuismitheoirí agus a bpáistí. Cuireann siad luath-fhorbairt teanga agus litearthachta chun cinn freisin, atá ríthábhachtach do rath an pháiste sa luath-óige agus ina dhiaidh sin

Dúirt Aire Buttimer inniu:

Cuirim fáilte croíúil roimh sheoladh thionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2025. Tá a fhios agam go bhfuil foirne leabharlainne ar fud na tíre ar aon intinn liom, maidir le mo dhíograis chun teaghlaigh óga a nascadh leis an tseirbhís leabharlainne náisiúnta den scoth atá againn.

Is bealach álainn iad leabhair agus scéalta chun cabhrú le tuismitheoirí tacú lena bpáistí ina n-aistear foghlama agus le ballraíocht leabharlainne, faightear rochtain ar feadh an tsaoil ar ghliondar na leabhar agus na léitheoireachta.

Tá Mo Leabharlann Bheag á rith i gcomhar leis an nGníomhaire Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus á chur i bhfeidhm ag údaráis áitiúla. Is comhoibriú é idir an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Rialtas Áitiúil na hÉireann.