Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire O’Gorman comhairliúchán ar líne maidir le múnla náisiúnta do sheirbhísí tacaíocht tuismitheoireachta a fhorbairt

Inniu sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman, T.D. comhairliúchán poiblí maidir le múnla náisiúnta do sheirbhísí tacaíocht tuismitheoireachta a fhorbairt. Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí an 16 Aibreán 2021.

Is í is sprioc an mhúnla ná cur chuige níos comhtháite níos straitéisí a thógáil maidir le seirbhísí tacaíocht tuismitheoireachta a fhorbairt agus a chur ar fáil, sa chaoi go mbeidh gach tuismitheoir in ann an tacaíocht atá ag teastáil uathu a fháil, nuair atá sé ag teastáil.

Dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá lúcháir orm na sonraí a fhógairt don chomhairliúchán poiblí seo maidir le múnla náisiúnta do sheirbhísí tacaíocht tuismitheoireachta a fhorbairt. Is í is aidhm an chomhairliúcháin seo ná réimse leathan smaointe agus tuairimí a bhailiú maidir le conas seirbhísí tacaíocht tuismitheoireachta a fheabhsú do gach tuismitheoir. Cuireann sé deis ann do gach duine a bhfuil spéis acu i dtacaíochtaí tuismitheoireachta, idir thuismitheoirí agus sholáthraithe seirbhísí, tionchar a fháil ar fhorbairt seirbhísí agus sholáthair sa todhchaí”.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus le bheith páirteach sa chomhairliúchán, féach anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).

Críoch.


Nótaí don eagarthóir:

Sainmhínítear tacaíocht tuismitheoireachta mar faisnéis agus seirbhísí a chur ar fáil, dírithe ar eolas, muinín agus scileanna tuismitheoirí a neartú, chun cabhrú leis na torthaí is fearr do leanaí agus a dteaghlaigh a bhaint amach.

Faightear níos mó eolais ar an tionscnamh chun múnla náisiúnta do sheirbhísí tacaíocht tuismitheoireachta a fhorbairt anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).