Seolann an tAire O'Gorman torthaí an tSuirbhé ar Chearta agus ar Dhálaí Maireachtála an Lucht Siúil in Éirinn
- Foilsithe: 7 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Léiríonn torthaí an tsuirbhé a foilsíodh inniu constaicí suntasacha maidir le comhionannas atá os comhair an Lucht Siúil. Chinn an tuarascáil go mbraitheann baill den Lucht Siúil agus Romach go ndéantar leatrom orthu mar gheall ar a gcúlra.
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta & Óige Roderic O'Gorman, TD, i dteannta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), IHREC agus Ionad an Lucht Siúil agus na Romach Pavee Point, tuarascáil inniu ar chearta agus ar dhálaí maireachtála an Lucht Siúil in Éirinn.
Seolann an tAire O'Gorman torthaí an tSuirbhé ar Chearta agus ar Dhálaí Maireachtála an Lucht Siúil in Éirinn
I measc phríomhthorthaí an tsuirbhé bhí:
- Fostaíocht – Tuairiscíonn an Lucht Siúil in Éirinn na rátaí fostaíochta is ísle i ngach tír a ndearnadh suirbhé orthu ag 15%.
- Bochtaineacht agus Eisiamh Sóisialta – Tuairiscíonn 10% den Lucht Siúil (lena n-áirítear leanaí) a ndearnadh suirbhé orthu go ‘ndeachaigh siad a luí le hocras orthu’ uair amháin ar a laghad le mí anuas, ag ardú go dtí an cúigiú cuid i roinnt tíortha a ndearnadh suirbhé orthu.
- Áit Chónaithe – Tuairiscíonn níos mó ná 90% den Lucht Siúil nach bhfuil dóthain áiteanna cónaithe ar fáil, lena n-áirítear láithreáin stad.
- Ciníochas agus Idirdhealú - Bhí an dara ráta idirdhealaithe is airde in Éirinn sna tíortha a ndearnadh suirbhé orthu - thuairiscigh 68% d’fhir agus 62% de mhná go raibh idirdhealú á dhéanamh orthu. Léirítear é seo sna freagróirí ginearálta a ndearnadh suirbhé orthu agus 46% ag rá go mbraitheann siad “míchompordach leis na Romaigh agus leis an Lucht Siúil mar chomharsana.”
- Oideachas - Tá an dara ráta is airde de leanaí den Lucht Siúil atá rannpháirteach in oideachas na luath-óige ag Éirinn (75%), ach tá sé fós taobh thiar de ráta an daonra i gcoitinne áfach. Tá ráta 70% de luathfhágáil scoile i measc Lucht Siúil na hÉireann, i gcomparáid le 5% don daonra i gcoitinne.
Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, TD:
“Is léir ó thorthaí an tsuirbhé a foilsíodh inniu go bhfuil constaicí suntasacha fós roimh an Lucht Siúil maidir le comhionannas iomlán i sochaí na hÉireann.
“Cuirfidh na torthaí seo bonn eolais faoin athbhreithniú ar an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach 2017-2021. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil cur chuige níos láidre dírithe ar thorthaí ag an straitéis a thiocfaidh ina dhiaidh seo, chun cabhrú le hathrú bríoch a chinntiú do phobal an Lucht Siúil agus na Romach in Éirinn.
“Tá a fhios agam gur leag paindéim COVID-19 béim ar raon riachtanas sa dá phobal. Aithníonn an Rialtas gur réimse é seo a bhfuil aird faoi leith ag teastáil uaidh, agus ar an ábhar sin tá maoiniú €1 milliún breise leithdháilte aige chun tacú le hobair an NTRIS in 2021."
Ina spreagaitheasc, dúirt Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Michael O’Flaherty:
“Tá an Lucht Siúil chomh hÉireannach leatsa agus liomsa. Ach tá siad eisiata ónár sochaí leis na glúine. Deimhníonn na torthaí seo na cruatain agus na bacainní do-ghlactha a bhfuil an Lucht Siúil in Éirinn fós ag tabhairt aghaidh orthu sa 21ú haois. Ba cheart go dtabharfadh na torthaí dúshlán dúinn go léir agus gur féidir leo cabhrú le lucht déanta beartas comhionannas agus cuimsiú a sholáthar do Lucht Siúil na hÉireann."
Chuir an taighdeoir piaraí, Bridget Nevin, béim ar a thábhachtaí atá baint an Lucht Siúil leis an obair allamuigh a dhéanamh don suirbhé seo.
“ Tá a fhios ag an lucht siúil na fíricí ar an talamh ach trína dtaifeadadh ar an mbealach seo tá súil againn go ngníomhóidh an rialtas bunaithe ar na fíricí a aibhsítear faoi idirdhealú agus ciníochas i ngach cuid dár saol. ’
Dúirt Martin Collins, Comhstiúrthóir Ionad an Lucht Siúil agus na Romach Pavee Point:
“Chonaiceamar trí ghéarchéim COVID-19 gur féidir a lán a bhaint amach nuair a bhíonn gá leis. Teastaíonn cur chuige comhordaithe chun fíor-athrú a chur i gcrích. Tá an tuarascáil seo tráthúil mar tá deis uathúil againn anois a chinntiú go ndéanfar straitéisí uilechuimsitheachta náisiúnta an AE atá le teacht, agus go háirithe Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach (NTRIS), a threisiú le comhleanúnachas agus tiomantas leordhóthanach chun fíor-athrú a chur i bhfeidhm."
Críoch
Nótaí d'Eagarthóirí
Chuir EUFRA ceist ar 4,659 Romach nó daoine den Lucht Siúil 16 bliana d’aois nó níos sine sa Bheilg, sa Fhrainc, in Éirinn, san Ísiltír, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe faoina staid soch-dhéimeagrafach agus a dtaithí ar idirdhealú. Ina theannta sin, bhailigh an suirbhé faisnéis faoi 8,234 duine aonair a chónaíonn i dteaghlaigh na bhfreagróirí agus faoi infreastruchtúr na láithreán stad nó na comharsanachta.
Rinneadh na hagallaimh idir Nollaig 2018 agus Iúil 2019. Is féidir tuarascáil an tsuirbhé a léamh anseo (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil).
In Éirinn, níor chlúdaigh an suirbhé ach amháin an Lucht Siúil i bPoblacht na hÉireann. Ní raibh na Romaigh mar chuid den suirbhé seo mar tá daonra Romach na hÉireann an-bheag. Cuireadh 518 den Lucht Siúil faoi agallamh in Éirinn.