Seolann an tAire Rabbitte Glao ar Léirithe Spéise do Chomhalta arna Mhaoiniú ag Deontas DPO (Eagraíocht do Dhaoine faoi mhíchumas) chun ballraíocht a ghlacadh sa Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais
- Foilsithe: 11 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Eanáir 2022
Ball Deontas-mhaoinithe chun oibriú le heagraíochtaí maoinithe eile chun an Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais a bhfuil 100+ ball aige a stiúradh agus tacú ionas go n-éistfear le daoine faoi mhíchumas a fheabhsú i ndéanamh beartais.
D'fhógair an tAire Stáit le Freagracht Speisialta as Míchumas, Anne Rabbitte Uasal TD, próiseas Léirithe Spéise inniu chun Eagraíocht sa bhreis do Dhaoine faoi Mhíchumas a shainaithint agus a mhaoiniú laistigh den Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais. Soláthraíonn an Líonra bealach chun daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí míchumais a bheith rannpháirteach i bhforbairt beartais agus reachtaíochta de réir riachtanais Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta ar Dhaoine faoi mhíchumas (UNCRPD).
Bunaíodh an Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais go déanach in 2020 agus tá a bhallraíocht fostaithe aige ó shin i leith chun a chinntiú go mbíonn daoine faoi mhíchumas páirteach i bhforbairt beartais agus reachtaíochta, agus go n-éistear leo i bpróisis chinnteoireachta an rialtais.
Tá maoiniú suas le €20,000 ar fáil d’Eagraíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas (DPO) chun ballraíocht a ghlacadh i dteannta le trí bhall deontas-mhaoinithe atá ann cheana féin agus le Ball Eagraithe chun aidhmeanna agus spriocanna an Líonra a chur chun cinn in 2022. Beidh ar an DPO a mbronnfar maoiniú air oibriú go dlúth agus go comhoibríoch le baill eile deontas-mhaoinithe chun tacú le ballraíocht an Líonra agus é a ghníomhachtú agus chun cur le glórtha daoine faoi mhíchumas i bpróisis déanta beartas.
D’fhógair an tAire Rabbitte go bhfuil maoiniú ar fáil d’eagraíocht atá faoi cheannas agus comhdhéanta de thromlach na ndaoine faoi mhíchumas a bhfuil an taithí ábhartha acu chun cur le hobair an Líonra agus é a stiúradh in 2022. Samhlaítear go n-áireodh obair den sórt sin cumas a fhorbairt i measc daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach i bhforbairt dlí agus beartais, oiliúint a chur ar fáil maidir le féin-abhcóideacht nó dul i ngleic le próisis chomhairliúcháin, agus reáchtáil nó cuidiú le comhairliúcháin ar son an Líonra.
Ag seoladh an ghlao ar Léirithe Spéise, dúirt an tAire Rabbitte:
"Tá sé mar thosaíocht ag an Rialtas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a chur i bhfeidhm. Tá ionchuir agus deiseanna luachmhara curtha ar fáil cheana féin ag an Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais do dhaoine faoi mhíchumas chun dul i ngleic le agus páirt a ghlacadh i bhforbairt dlí agus beartais. Bhí an méid a chuir an Líonra le comhairliúcháin ar an gcéad Tuarascáil Stáit chuig Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas géarchúiseach.
"Tá sé ríthábhachtach go n-éistimid le daoine faoi mhíchumas agus beartais á bhforbairt ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm orthu, agus go dtacaímid le féin-abhcóideacht ó dhaoine faoi mhíchumas. Sin é croílár “rud ar bith fúinn gan sinn”. Soláthraíonn taithí bheo faisnéis agus saineolas ríthábhachtach a chuirfidh ar chumas an Rialtais agus a ghníomhaireachtaí beartais agus cláir a fhorbairt a thabharfaidh aghaidh go díreach ar fhíor-riachtanais ar bhealach éifeachtach agus cuí’.
Is féidir an Fhoirm Iarratais chun Léiriú Spéise a chur isteach a fháil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil) agus is féidir teacht ar dhoiciméad faisnéise Éasca le Léamh faoin bhfoirm anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil). Is féidir sonraí breise a fháil i Nóta Faisnéise anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil) agus i bhformáid atá éasca le léamh anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Is féidir aon cheisteanna faoin Léiriú Spéise a sheoladh chuig Disability_Policy@equality.gov.ie faoin líne ábhair 'Fiosrúchán Ball Deontas-mhaoinithe DPCN'. Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil chuig an seoladh ríomhphoist thuas ná 11am Dé hAoine, an 28 Eanáir 2022.
Nótaí d'Eagarthóirí
- Glacadh Coinbhinsiún na NA um Chearta Daoine faoi Mhíchumas in 2006. Shínigh Éire an Coinbhinsiún in 2007 agus dhaingnigh sí an Coinbhinsiún in 2018.
- Chuir Éire a Tuarascáil Tosaigh Stáit faoi bhráid Choiste na NA i mí na Samhna 2021.
- Faoin UNCRPD, tá rannpháirtíocht éifeachtach agus comhairliúchán le daoine faoi Mhíchumas i bhforbairt beartais agus reachtaíochta ríthábhachtach.
- Is í an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais (NDIS) 2017 - 2021 an príomhchreat le haghaidh beartais agus gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas. Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an phríomh-roinn don straitéis seo.
- Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Pointe Fócais agus Meicníocht Chomhordaithe ainmnithe na hÉireann faoi láthair faoin UNCRPD.
- Is Eagraíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas í DPO atá á stiúradh ag daoine faoi mhíchumas agus a bhfuil a tromlach a mballraíocht comhdhéanta de dhaoine faoi mhíchumas.