English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sheol an tAire O’Gorman gairm ar thograí faoin gClár Urraíochta Pobail in Éirinn - An Eagraíocht Náisiúnta Tacaíochta, maoiniú faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 2021-2027

Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, gairm inniu ar Thograí ó chomhlachtaí leasmhara chun ról Eagraíochta Tacaíochta Náisiúnta faoin gClár Urraíochta Pobail in Éirinn a chomhlíonadh. Tá maoiniú ar fáil chun tacú le hEagraíocht Náisiúnta Tacaíochta a bhunú faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 2021-2027 (dá ngairtear CTIL anseo feasta).

Bheadh an phríomhfhreagracht ar an Eagraíocht Tacaíochta Náisiúnta as straitéis chur chun cinn an chláir Urraíochta Pobail (UP), as an gclár UP a fhorbairt, as oiliúint agus tacaíocht shainiúil a chur ar fáil agus d’fheidhmeodh sí mar lárphointe teagmhála do Ghrúpaí Urraíochta Pobail féideartha.

D’fhéadfaí go ngeallfadh Aonad Chlár na hÉireann um Dhídeanaithe a Chosaint suas le €2,000,000 sa Ghairm seo.

Fad an chonartha: Cuirfear tús leis ar an 1 Iúil 2024 agus ba cheart go dtiocfaí críoch leis tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027.

Agus an ghairm ar iarratais á fógairt aige, Dúirt an tAire O’Gorman:

“Tugann leathnú an chláir Urraíochta Pobail in Éirinn, mar a d’fhaomh an Rialtas le déanaí, fíordheiseanna do shaibhriú cultúrtha i bpobail ar fud na hÉireann. Tá mé ag súil go mór le méadú ar scála an Chláir a fheiceáil sna blianta amach romhainn.

Cuideoidh soláthar an mhaoinithe seo lena chinntiú go mbeidh an deis is fearr ag teifigh, a thugtar go hÉirinn faoin gClár Urraíochta Pobail, a bheith lánpháirtíocht i saol na hÉireann ar bhealach rathúil agus a gcuid féin a thabhairt don tír.”

Díreofar na hiarratais ar ghníomhaíocht sa Stát, ar fud na tíre.

An chaoi le hiarratas a chur isteach:

Is féidir leis na hiarratasóirí uile rochtain a fháil ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus ar fhoirm iarratais anseo.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil ar ais ná tráth nach déanaí ná 12 meán lae Dé hAoine, 24 Bealtaine 2024.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Urraíocht Pobail Éireann, féach anseo, le do thoil: gov-Urraíocht Pobail Éireann (www.gov.ie)

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ar ais ná tráth nach déanaí ná 12 meán lae Dé hAoine, 24 Bealtaine 2024.

Tá an ghairm seo mar chuid de Chlár Náisiúnta CTIL 2021-2027 agus tá sí oscailte do chomhlachtaí poiblí, príobháideacha agus deonacha.

D’fhaomh an Coimisiún Eorpach Clár Náisiúnta CTIL 2021-2027 na hÉireann ar an 19 Nollaig 2022. Tá an tAonad um Riarachán Maoinithe sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ainmnithe mar Údarás Bainistíochta na hÉireann don CTIL.

Is é cuspóir foriomlán Chiste an Aontais Eorpaigh um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 2021-2027 bainistiú éifeachtach na sreabha imirce a chur chun cinn chomh maith le cur chuige comhchoiteann de chuid an Aontais Eorpaigh i dtaca le tearmann agus imirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt.

Tá ceithre Phríomhchuspóir sonracha ag an gCiste:

a) Gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear a ghné sheachtrach;

b) An imirce dhleathach chuig na Ballstáit a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir lena riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta, agus lánpháirtiú éifeachtach agus ionchuimsiú sóisialta na náisiúnach tríú tír a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt dóibh;

c) Cúnamh a thabhairt le haghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta, filleadh agus athligean isteach atá sábháilte agus a bhfuil dínit ag baint leo a fheabhsú, agus tacú le hath-lánpháirtiú tosaigh éifeachtach i dtríú tíortha; agus

d) Dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chothrom freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe maidir leo siúd ar mó thíos iad le dúshláin imirce agus tearmainn, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Aonad Chlár Cosanta Dídeanaithe na hÉireann sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ag communitysponsorship@equality.gov.ie