Sheol an tAire O'Gorman glao ar thograí do mhaoiniú tionscadail faoin ngníomhaíocht um Chomhtháthú agus Fostaíocht Imirceach den Chlár maidir le Fostaíocht, Cuimsiú, Scileanna agus Oiliúna (EIST) 2021-2027
- Foilsithe: 15 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, Glao ar Thograí inniu (15 Iúil 2022) ag lorg iarratais ó eagraíochtaí atá cáilithe go cuí ar mhaoiniú tionscadail faoi Chlár EIST 2021-2027.
Tá an maoiniú á chur ar fáil faoi chlár EIST, atá á chomh-mhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus Rialtas na hÉireann, le haghaidh gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar lánpháirtiú agus ar fhostú na n-inimirceach.
Tá an Ghníomhaíocht seo dírithe ar imircigh a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil agus a bhfuil bacainní orthu ar rannpháirtíocht agus ar fhostaíocht mar gheall ar dheacrachtaí teanga, easpa oiliúna nó eisiamh sóisialta. Tá sé beartaithe sa Ghníomhaíocht leibhéil infhostaitheachta na rannpháirtithe seo a mhéadú. Tá an tAonad Riaracháin Cistí sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag eisiúint agus bainistiú a dhéanamh ar an nGlao ar Thograí. Is iad seo a leanas na catagóirí sonracha daoine a ndírítear orthu leis an nGníomhaíocht seo:
- Imircigh (LEE) a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.
- Náisiúnaigh Tríú Tíortha a bhfuil cead acu dul isteach i bhfostaíocht in Éirinn, lena n-áirítear Tairbhithe atá faoi Chosaint Shealadach ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.
Tá an cháipéisíocht maidir le Glao ar Thograí ar fáil anois ar leathanach an Aonaid Riaracháin Cistí ar gov.ie . Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig an Aonad Riaracháin Cistí le bheith ann faoi 12 meán lae an 29 Lúnasa 2022. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an ama seo. Moltar d’iarratasóirí féideartha na doiciméid go léir a léamh go cúramach.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Ní mór iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig an Aonad Riaracháin Cistí ag GE-IEM@equality.gov.ie , le teacht faoi 12 meán lae an 29 Lúnasa 2022. Tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann, arna chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach.