Tá sé fógartha ag an Aire O’Gorman go gcuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin mar a bhaineann sé le Creat an Pholasaí Náisiúnta nua do Pháistí agus do Dhaoine Óga
- Foilsithe: 27 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D. comhairliúchán ina mbeifear ag lorg tuairimí an phobail maidir leis an gcéad chreat náisiúnta polasaí eile do leanaí agus do dhaoine óga.
An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh an tAire O’Gorman an tuarascáil dheiridh Tuarascáil Bhliantúil 'Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile Creat an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga' (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil). Rithfidh an chéad polasaí náisiúnta eile ó 2023 go dtí 2028, agus cuirfidh sé leis an méid a baineadh amach sna straitéisí roimhe seo maidir le torthaí do leanaí agus do dhaoine óga a fheabhsú in Éirinn. Beidh Ranna Rialtais ag comhoibriú le gníomhaireachtaí reachtúla agus le seirbhísí, agus leis na hearnálacha pobail agus deonacha ionas go mbainfear amach na cúig thorthaí náisiúnta atá leagtha amach i Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile.
Is é seo an chéad chomhairliúchán i sraith de chomhairliúcháin a reáchtálfar i dtaca le dearadh agus le forbairt an chreata polasaí náisiúnta nua seo, agus beidh sé ina chabhair chun na príomhshaincheisteanna do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh a aithint. Beidh sé ina threoir nuair a bheidh tuilleadh comhairiúchán á reáchtáil.
Agus é ag seoladh an chomhairiúcháin, dúirt an tAire O’Gorman:
"Fáiltím roimh an gcomhairliúchán oscailte seo agus tá súil agam go bhfaighimid freagraí agus tuairimí ó oiread daoine agus is féidir. Ba mhaith linn eolas a fháil ó thuismitheoirí, ó dhaoine atá ag obair le leanaí agus le daoine óga agus ó dhaoine atá ag obair ar a son, agus dar ndóigh, ó leanaí agus ó dhaoine óga iad féin. Iarraim go háirithe ar leanaí agus ar dhaoine óga páirt a ghlacadh agus deis labhartha a bheith agat tríd an suirbhé nó tríd an bpost. Inis dúinn cad iad na rudaí atá go maith in bhur saol agus cad é nach bhfuil chomh maith sin, agus conas a bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí i do thuairim.
"Leagfaidh an creat polasaí seo amach an fhís agus tosaíochtaí do na cúig bliana atá romhainn, agus beidh tionchar suntasach aige ar na córais agus ar na seirbhísí a thacaíonn le leanaí, le daoine óga agus lena dteaghlaigh. An t-eolas agus an taithí atá ag tuismitheoirí agus acu siúd a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga, agus ar a son, cabhróidh an t-eolas sin linn creat a fhorbairt a sholáthraíonn torthaí dearfacha do leanaí agus do dhaoine óga, agus bainfear úsáid as chun comhairliúcháin spriocdhírithe a threorú sna sé mhí atá romhainn.
"Bain úsáid as an suirbhé nó seol do thuairimí isteach chugainn tríd an mbosca poist – tarraing pictiúir agus seol isteach iad, más fearr leat. An rud is tábhachtaí ná bheith páirteach agus go gcloisfimid na tuairimí atá agat.
"Táim ag súil go mór leis an bhforbairt a dhéanfar ar an gcreat polasaí seo sa bhliain atá amach romhainn. Le cuidiú ó Ranna Rialtais agus ó ghníomhaireachtaí reachtúla eile, agus ónár gcomhpháirtithe sna hearnálacha pobail agus deonacha, déanfaimid na feabhsuithe agus na hathruithe is gá chun a chinntiú gur áit iontach í Éire chun fás aníos agus chun clann a thógáil."
CRÍOCH//
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ar Eanáir 2020 foilsíódh an séú Tuarascáil Bhliantúil, arbh í an ceann deireanach í, ‘Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile, Creat an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga’.
Tá tús curtha le céim an deartha den chreat nua, a rithfidh ó 2023 go dtí 2028. Is é seo an chéad chomhairliúchán i sraith de chomhairliúcháin a reáchtálfar chun tuairimí pháirtithe leasmhara a lorg maidir le forbairt an chreata polasaí náisiúnta nua seo. Úsáidfear an fhreagairt a bheidh ar an gcomhairliúchán seo, chomh maith le hionchur ó Ranna Rialtais, ó ghníomhaireachtaí agus ón gComhairle Chomhairleach Náisiúnta um Leanaí, chun tuilleadh comhairliúchán spriocdhírithe a reáchtáil sna sé mhí atá romhainn.
Cosúil le ‘Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile’, tá sé i gceist go dtacóidh an creat polasaí nua leo siúd atá idir 0 agus 24 bliain d’aois, agus díreoidh sé ar na cúig thorthaí náisiúnta a leagadh amach roimhe seo. Is iad seo:
1. Bheith gníomhach agus sláintiúil
2. Ag déanamh dul chun cinn i ngach réimse foghlama agus forbartha
3. Sábháilte agus cosanta ón dochar
4. Slándáil agus deis eacnamaíocha
5. Ceangailte, ardmheas orthu agus ag cur leis an domhan
Tá an creat nua á fhorbairt ag an am céanna is atá plean gníomhaíochta agus creat cumasaithe na Rathaíochta Leanaí AE, agus beidh sé ag tuairisciú do Chonbhinsiún na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Linbh. Is ar an gcur chuige comhtháite seo a bhunófar an cur chuige straitéiseach faoin gcreat polasaí nua a bheidh ann tar éis Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile maidir le feabhas a chur ar thorthaí do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh.
Tá sé i gceist go bhfoilseofar an creat nua ina iomláine faoi dheireadh 2022.
Is féidir tuilleadh a léamh faoin gcomhairliúcháin agus páirt a ghlacadh sa suirbhé anseo.